Ros Comáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRos Comáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°38′00″N 8°11′00″W / 53.6333°N 8.1833°W / 53.6333; -8.1833
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Achar dromchla8 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde80 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie44339
Suíomh gréasáinroscommoncoco.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Baile i gContae Ros Comáin is ea Ros Comáin[1] (Roscommon as Béarla). Tá sé suite i gCúige Chonnachta, gar le bruach thiar Locha Rí. Is é baile Ros Comáin an príomh-bhaile sa chontae den ainm céanna.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an t-ainm 'Ros Comáin' ó Naomh Chómáin, a bhunaigh mainistir anseo san cúigiú aois. Tá aithne ar na coillte in aice leis an baile mór mar 'Choillte Chomáin' nó Ros Comáin i bhfocail eile, agus as sin a thagann an t-ainm as Béarla 'Roscommon'.

Bhí crochbhean ar an baile mór gnóthach seo, darb ainm 'Lady Betty' is tá cáil uirthi mar gur chroch sí a mac féin. Chomh maith le sin, bhunaigh Rí Chonnacht Felim Ó Conchubair mainistir Domhinicáineach san áit seo. Tógadh Chaisleáin Ros Comáin i 1269, agus dún Normannach is ea é.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Club Gailf Ros Comáin sa bhliain 1904. Tá trí theach óstá agus neart teach tábhairne i Ros Comáin. Tá ospidéal, leabharlann, dhá bhunscoil, trí mheánscoil, bancanna, siopaí srl i Ros Comáin.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh an Stáisiún traeineach ar an 13 Feabhra 1860. Tá sé suite ar an líne ó Bhaile Átha Cliath go dtí Cathair na Mart.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baint ag an chuid is mó de na postanna i gCo. Ros Comáin, leis an fheirmeoireacht. Tá an margadh beithí suite in aice leis na príomhsiopanna sa bhaile mór, Tesco agus Dunnes Stores agus is iad traoi foinse de saorthar san áit. Chomh maith leis sin, tá gnó á chaitheamh leis na siopanna agus na gnóthasí laistigh den bhaile mór.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Halla Harrison, anois Banc na hÉireann, Ros Comáin, 4 Bealtaine 2005.

Tá an pháirc C.L.G. 'Dubhghlas de hÍde' suite in aice leis an reilig ar an bpríomhbhóthar go dtí Baile Átha Luain. Is é an staid is mó i gcúige Chonnacht é agus bíonn cluiche ceannais, comórtas peile Chúige Chonnachta ar siúl ann gach samhradh. Fuair an pháirc an t-ainm ó chéad Uachtaráin na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, ós rud é gur rugadh is tógadh é í gcontae Ros Comáin.

Is í an pheil an cluiche is coitianta a imrítear sa chontae ach tá an iománaíocht an choitianta freisin, go háirithe sna fairsinge in aice le teorann Contae na Gaillimhe, mar Shampla Na Ceithre Bóthair agus Átha Liag. Chomh maith le sin, bhuaigh an contae Comórtas Nicky Rackard í 2007 agus beidh siad ag imirt i gCorn Christy Ring an bhliain seo chugainn.

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí mheánscoil i mBaile Ros Comáin: Na Bráithre Chríostaí, Scoil Clochar na Trócaire agus Coláiste Phobail Ros Comáin (An Ghairmscoil). Tá roinnt bhunscoileanna sa bhaile freisin, mar shampla, Scoil na Mainistreach.

Monopoly[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Ros Comáin an tsráid is costasach le cónaí ar, sa leagan is déanaí den chluiche bhoird 'monopoly'. Fuair sé an onúir speisialta seo de bharr an líon daoine a chaith a gcuid vótaí ar a shon. Fuair sé an príomhspota thar Corcaigh agus sé áiteanna i mBaile Átha Cliath.

  1. Ros Comáin/Roscommon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.