Baile Átha Luain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Átha Luain
Crest
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Westmeath Magnified.png
Daonra (2016) 21,349
Airde: 56 m
Contae: Contae na hIarmhí
Cúige: Laighin

Is é Baile Átha LuainÁth Luain (Athlone as Béarla) nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i gContae na hIarmhí i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh de 2016 tá daonra de 21,349 ag an mbaile. Tá sé suite ar Abhainn na Sionna idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, mar aon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain suite ann.

Eaglais Naomh Muire, Áth Luain

Tá ionad traenála ag an arm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina hiomláine. Chuireadh Sinn Féin an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".

Cúpla míle ó dheas de tá Cluain Mhic Nóis, mainistir a bhunaigh Naomh Ciarán i 548, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain.

Stair Bhaile Átha Luain[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaidh agus luathstair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig Baile Átha Luain chun cinn mar phointe trasnaithe abhann tábhachtach ar an tSionainn. Rinne eascracha na tíre áth nádúrtha ann. Tá an áth seo tábhachtach ón Chré-umhaois de réir leithéid ó aois na cré-umha atá faighte ar an grinneall abhann. Ina theannta sin, tá seans ann go raibh mainistir neamhthaifeadta Luath-Chríostaí suite i mBaile Átha Luain mar fuarthas go leor uaigheanna luath-Chríostaí sa cheantar. Thóg Toirdhealbhach Ó Conchubhair go leor droichid shealadacha thar an abhainn ag Baile Átha Luain chun dul go dtí an Mhí sa 12ú haois.[1]

An Chaisleán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thóg an rí Toirdhealbhach Ó Conchubhair caisléan admaid sa bhaile i 1129. Shroich na Normannigh an tSionnain roimh 1200. Thuig siad go raibh tábhacht stratéiseach ag baint le Baile Átha Luain agus sa bhliain 1210 thosaigh an t-easpag John de Gray, giúisteoir do Rí Eoin tógáil an chaisleán as cloiche. Chabraigh sé lena ngluaiseacht chun tosaigh i gCúige Chonnacht. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a suíomh i lár na tíre agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine.

Cogadh an Dá Rí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinneadh léigear ar an bhaile i 1690 nuair a bhí Cogadh an Dá Rí ar siúl. Ba daingean na Seacaibíteach é Baile Átha Luain. Sa chéad léigear, níor éirigh le Liam III Shasana agus 10,000 saighdiúirí an baile a ghabail le cuidiú mór ó Sáirsint Chostúim. Tháinig an Chlann Bhullaí ar ais go baile Átha Luain i 1691 agus tar éis catha a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí an Mheithimh 1691.

Forbairtí le Déanaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 2007, osclaíodh Lárionad Bhaile Átha Luain, ionad siopadóireacht le breis is 60 siopaí, bialainne agus caifí, agus óstán ceithre réalta. Sa bhliain 2012, athosclaíodh an chaisleán tar éis athchóiriú a rinne taispeántas ag taispeáint stair an bhaile. Sa bhliain céanna, osclaíodh an Gailearaí Luain , an chéad dánlann chomhaimseartha fhísiúil sa réigiún lár na tíre. Tógadh iarbhunscoil mhór sa bhaile i 2014 agus tá pleananna ann d'iarbhunscoil eile a thógail.[2]

Daoine Cáiliúla ón Áth Luain[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nascbhailte[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. //athlonehistory.ie/history-of-athlone/
  2. http://www.advertiser.ie/athlone/article/95340/new-school-for-coliste-chiarin-progressing-naughten