Cúige Chonnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCúige Chonnacht

Suíomh
Map
 53°47′N 9°03′W / 53.78°N 9.05°W / 53.78; -9.05
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán542,547 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús30.5 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla17,788 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-C Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165969

Cúige Chonnacht[1]Connachta in iarthar na hÉireann. Tá sé suite laistiar den tSionainn, an abhainn is mó sa tír. Tá lárphointe an chúige gar do Chnoc Mhuire, in oirthear Chontae Mhaigh Eo. Is é an Cnoc Maol Réidh (814m), i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, an sliabh is airde ann. Tá an t-oileán is mó sa tír, Acaill, ar an gcósta thiar. Nuair a bhí Cromail in Éirinn agus é ag díbirt na nGael siar, deirtear go ndúirt sé "go Connachta nó go hIfreann." Tá ceantair Gaeltachta i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo.

Contaetha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Contae Cód Achar Daonra Príomhbhaile
na Gaillimhe G 6,149 km2 258,058 Gaillimh
Liatroma LM 1,590 km2 32,044 Cora Droma Rúisc
Mhaigh Eo MO 5,586 km2 130,507 Caisleán an Bharraigh
Ros Comáin RN 2,548 km2 64,544 Ros Comáin
Shligigh SO 1,838 km2 65,535 Sligeach

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lios an tSeagail, An Cheathrú Mhór, Contae Shligigh, agus tuama beag ina theannta, tuama 52, chun tosaigh

Tá fianaise ann go raibh ceantar na gConnacht lonnaithe ag daoine ársa go fada siar sa ré réamhstairiúil, a bhuí le suíomhanna amhail Achaidh Chéide, Cnoc na Riabh, Lios an tSeagail, An Cheathrú Chaol agus Ráth Cruachan. Cuireann déantáin, amhail is cloch an Tuair Rua agus cloch Chaisleán Stráinse, in úil, cibé a gcuspóir, torthaí na sochaithe seo agus a naisc le cultúr La Tène ar mhór-roinn na hEorpach.

De réir miotas níos déanaí, bhí na Fir Bholg i gceannas ar fud na hÉireann roimh theacht na Tuatha Dé Danann. Tar éis chliseadh na bhFear Bolg, chuir na Tuatha Dé Danann an ruaig orthu sa Connachta isteach.

Luathdhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800.

Le linn na ré réamh-stairiúla (c. 100 - 400 AD), bhí Contae an Chláir mar chuid den chúige agus glaodh Cóiced Ol nEchmacht air. Níor ríocht aontaithe a bhí ann, ach ina ionad sin bhí ann go leor tuath agus tríocha céad. I measc tuath mór, bhí (Maigh Seóla, Uí Maine, Aidhne agus Máenmaige), agus i measc tuath beag Gailenga, Corco Moga agus Senchineoil le stádas Déisi.

I measc dreamanna suntasacha, bhí a leanas:

Faoin 5ú haois, bhí teaghlaigh tagtha in ionad na 'náisiúin' seo. Mar thoradh, feictear go raibh 'mac' agus 'ua' ann in ionad moccu (m.s. Muirchu moccu Machtheni) in ainmneacha pearsanta. Bhí ríthe amhail is Mac Cairthinn mac Coelboth (bás 446) agus Ailill Molt mac Nath Í (bás c. 482) aitheanta as a gclann (Uí Enechglaiss agus Uí Fiachrach faoi seach), ní as a dtreibh. Faoin mbliain 700, ní raibh moccu le feiceáil a thuilleadh.

I rith lár na 8ú haoise, tógadh ceantar an Chláir i dTuamhain isteach ag na Déisi Tuaiscirt. Seachas tréimhse céad bliain idir 1569 agus na 1660í, tá sé as sin amach mar chuid de chúige Mumhain.

Ba iad na Connachta an rítheaghlach is rathúla a tháinig chun cinn. Faoin mbliain 1050, bhí a dtionchar leathadh ó Ráth Cruachan i dtuaisceart Ros Comáin amach go dtí Contae na Gaillimhe, Contae Mhaigh Eo, Contae Shligigh agus Contae Liatroma. Ath-ainmníodh an ceantar úd astu.

Féach freisin:

Ríocht na gConnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh ríochtaí sa bhliain 1014. Ar deiseal ón oirthuaisceart, is iad: Ulaidh, Oirialla, , Laighin, an Mhumhain, Connachta, Bréifne agus Aileach. Feictear na cathairstát Dyflin, Weisforthe, Vedrafjord, Corcaigh agus Luimneach. Tá kingdoms of Osraí agus Uí Mhaine ar iarraidh.

Ba í clann Uí Chonchúir de Shíol Mhuirí an chlann is rathúla desna Connachta. Ainmnithe as Conchúr mac Taidhg Mhóir (c. 800 – 882) is ea an chlann. Dá sliocht is ea gach rí Uí Chonchúir na gConnacht as sin amach.

Fo-rí ainmniúil an Ardrí, Maol Seachnaill mac Maoil Ruanaí (bás 862) ba ea Chonchúr. Phós sé le hAilbhe iníon Mhaoill Seachnaill. Bhí triúr mac acu: Aodh (bás 888), Tadhg (bás 900) agus Cathal (bás 925), ríthe Chonnacht uile. Mhéadaigh clann Chonchúir cumhacht Síol Mhuirí ó dheas i nUí Mhaine, siar i nIar Chonnacht, agus ó thuaidh Uí Fhiachrach Mhuaidhe agus Bréifne isteach.

Faoi réimeas Aodha an Gha Bhearnaigh (1046–1067), bhí ríthe Chonnacht i gceannas ar an gcúige mar atá inniu ann. Bhí ar Uí Chonchobair dul i ngleic lena ngaoil, Uí Ruairc as Bréifne. D'éirigh ceathrar Uí Ruairc ina ríthe an chúige – Fearghal (956–967), Art Uallach (1030–1046), Aodh (1067–1087) agus Domhnall (1098–1102). I dteannta sin, thóg Flaithbheartach Ua Flaithbheartaigh, forghabhálaí, an choróin sa bhliain 1092, ag dalladh an rí, Ruairí na Saidhe Buí. Tar éis na bliana 1102, cuireadh smacht ar Uí Ruairc agus Uí Fhlaithbheartaigh agus coinníodh ina ríochtaí féin iad, Bréifne agus Iar Chonnacht. As sin amach go dtí bás an rí deiridh na gConnacht sa bhliain 1474, ní raibh ach fir Uí Chonchúir ina ríthe ann.

Ba í ríocht Uí Mhaine an ríocht is suntasaí, b'fhéidir. Ag a buaicphointe, bhí críocha aici ó lár Ros Comáin go dtí lár agus deisceart na Gaillimhe, i dteannta le Lusmhaigh sa Mhumhain. Clann Uí Cheallaigh ba ea a rítheaghlach.[2][3] Cé nár éirigh siad ina ríthe an chúige, bhí Uí Mhaine an mar tuath neamhspleách idir roimh agus tar éis meath ríocht na gConnacht. I measc ceannairí suntasacha, bhí a leanas:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]