Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConchobar Maenmaige Ua Cellaigh
Teaghlach
PáisteTadhg Tailltenn Ó Ceallaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid Ó Ceallaigh

Daicheadú rí Uí Mhaine agus seachtú Ceann na Fine ba ea Conchúr Meánmhaighe Ó Ceallaigh (Meán-Ghaeilge Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh) (bás 1180).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a leasainm, bhí sé ar altramas i Meánmhaighe agus é óg.

Deirtear sna ginealaigh gur mac é Conchur le Diarmaid. Ní fios go cruinn a shinsearacht, an mac nó garmhac é le Tadhg Mór, a maraíodh ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, ní b'fhéidir mac nó garmhac le Thadhg Ó Ceallaigh, a fuadaíodh ag arm na Mumhan sa bhliain 1145.

Aontaíonn gach foinse go raibh Conchúr i réim le daichead bliain, agus mar fíor, tháinig sé i gcomharbacht ar Thadhg Ó Ceallaigh am éigin tar éis dó a fuadaíodh. Agus éis gcoróin, tháinig neamhspleáchas gairid Shíol Anmchadha chun deiridh, teoranta i ndiaidh seo ina dtuath féin.

Saothair eaglasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Conchúr cill a thógáil ag Cluain Mhic Nóis sa bhliain 1167.[1] Dar le John O'Donovan, deirtear i roinnt ginealach gur thóg sé dhá chill déag i gcríocha Máenmaige.

Cath na gConchúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh meath ar chumhacht Ruairí Uí Chonchúir, tharla aighneas cathartha sna Connachta ón mbliain 1177 ar aghaidh. Rinne Uí Mhaine iarracht leas a bhaint as na cúrsaí seo, a tháinig chun críche le Cath na gConchúr, a tharla b'fhéidir i Máenmaige sa bhliain 1180.[2] Ba é Conchúr Mheánmhaighe mac Ruaidri a bhuaigh. Insíonn na Ceithre Máistrí gur maraíodh:

Concobhor Ua Ceallaigh, Tadhg a mhac, a dherbhrathair Diarmaid, & Maoil Seachlainn mac Diarmada Ui Cheallaigh, & mac Taidhg Ui Concobhair (.i. Tadhg).

Sliochtaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas ríthe Uí Mhaine de shliocht Conchúir:

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fheictear Conchúr agus Uí Mhaine ach go hannamh sna hannála, rud a chuireann in úil stádas íseal na ríochta laistigh de chúige Chonnacht. Seo a leanas roinnt iontráil:

  • ACM 1145.17: Fir Mumhan do thocht slóighedh i c-Connachtaibh, & rugsat Ua Ceallaigh .i. Tadhg mac Conchobhair, tigherna Ua Maine, leó, & ro mharbhsat Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh
  • ACM 1147.14: Maidhm Atha Luain for Dhomhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair, & for Uibh Maine ria f-Feraibh Teathbha...
  • ACM 1155.23: Creach Maighe Find lá Feraibh Teathbha, go ro oirgset dream do Uibh Máine.
  • M1163.9:
Coinnmhedh[3] ríogh-dhamhna lá Niall, mac Muirchertaigh Uí Lachlainn la mac rígh Ereann ... Do-choidh iar sin dar Ath Luain h-i c-Connachtaibh da fichet décc a líon & do-ronsat a c-coinnmheadh for Uibh Maine, & ro marbait uile lá Conchobhar Ua Ceallaigh & la Concobhar Maonmhaighe, & lá h-Uibh Máine tria fheill & mheabhail cénmóthát[4] sceolunga[5] & lucht eludha, & ro gabhadh Niall, mac Muirchertaigh Uí Lochlainn, & ro h-iodhnaicedh slán é dia thigh ...
Coinnmheadh rídhamhna ag Niall mac Muircheartaigh Uí Lochlainn, mac rí Éireann ... Chuaigh sé i ndiaidh sin thar Áth Luain i gConnachta le dhá fhichid déag agus rinne coinmheadh ar Uíbh Mhaine agus maraíodh uile ag Conchúr Ó Ceallaigh, Chonchúr Meánmhaighe Ó Conchúir agus Uíbh Mhaine trí fheall agus trí mhearbhall, seachas marthanóirí catha agus lucht éalaithe; agus gabhadh Niall Muircheartaigh Ui Lochlainn, agus tionlacadh slán é chuig a thigh ...
  • ACM 1167.19: Teampall do dénam i c-Cluain Mic Nóis i n-ionadh an dearthaighe lá Conchobhar Ua c-Ceallaigh, & lá h-Uíbh Maine.
  • ACM 1170.22: ... Creach lá h-Uibh Maine a n-Urmhumhain ... Ro h-indreadh Urmhumha leó don chur-sin, & ro scaoilset clár-droichet Cille Da Lua.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ACM 1167.19
  2. ACM 1180.6
  3. coinnmed, ar eDIL; coinmheadh ar teanglann.ie; buannacht
  4. cenmothá, seachas, cé is moite de, ar eDIL
  5. sceolang, sciulang, scéalaí, marthanóir (catha), ar eDIL


Réamhtheachtaí
Tadg Ua Cellaigh
Rí Uí Mhaine
c. 1145–1180
Comharba
Murchad Ua Cellaigh