Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coláiste na Tríonóide)
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
(en) The College of the Holy and Undivided Trinity of Queen Elizabeth near Dublin Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaPerpetuis futuris temporibus duraturam Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrTCD Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálollscoil choláisteach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh3 Márta 1592
Bunaitheoir(í)Eilís I Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deCoimbra Group (en) Aistrigh
League of European Research Universities (en) Aistrigh
ORCID
Cumann Eorpach na nOllscoileanna
Digital Preservation Coalition (en) Aistrigh
World Wide Web Consortium
Coalition for Advancing Research Assessment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí18,174 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Fochomhlacht
Úinéir de
Le cuid
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán395 M€ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
ISILIE-DuTC Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintcd.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: trinitycollegedublin Twitter: tcddublin Instagram: trinitycollegedublin Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ollscoil is sine in Éirinn. Tá sé suite i mBaile Átha Cliath, agus is é an t-aon chomhcoláiste atá ann in Ollscoil Átha Cliath.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba le linn do rítheaghlach na dTúdor sa Bhreatain a bheith ag leathnú a gcumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach ar an ollscoil, agus d'fhás sí go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa seachtú haois déag. Mar gheall ar na cogaí creidimh idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preisbitéirigh bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí Shéamuis II i 1689.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Bhí rudaí síochánta go leor san ochtú haois déag ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach Téobald Wolfe Tone) ag deireadh na haoise sin. Ag tús an fichiú haois rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le Ollscoil na hÉireann, ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ag glacadh le mná mar mhic léinn i 1904 agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bunaíodh Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1592. Tá an coláiste suite ar thailte seanmhainistreach i lár na cathrach. Protastúnaigh amháin a d'fhreastail ar an choláiste ar feadh na gcéadta bliain, ach ceadaíodh do Chaitlicigh tosú ag staidéar ann tar éis 1793. I measc na ndaoine cáiliúla a bhí ina mic léinn ann bhí Téobald Wolfe Tone, Samuel Beckett, Máire Mhic Róibín, Oscar Wilde, agus Edward Carson. Bhí an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ina Ollamh le Gaeilge ann ar feadh scaithimh.

Ollúna le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide:

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]