Edward Carson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edward Carson
Sir Edward Carson, bw photo portrait seated.jpg
Ball de Theach na dTiarnaí


Ard-Aturnae na hÉireann

Meitheamh 20, 1892 - Lúnasa 11, 1892
John Atkinson, Baron Atkinson (en) Aistrigh - Charles Hemphill, 1st Baron Hemphill (en) Aistrigh
Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 4, 1892 - Iúil 8, 1895
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1892
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 13, 1895 - Meán Fómhair 17, 1900
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1895
Ball de Ríchomhairle na hÉireann

1896 -
Ard-Aturnae Shasana agus na Breataine Bige

Bealtaine 11, 1900 - Nollaig 4, 1905
Robert Finlay, 1st Viscount Finlay (en) Aistrigh - William Robson
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Deireadh Fómhair 1, 1900 - Eanáir 8, 1906
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1900
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe

1905 -
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 12, 1906 - Eanáir 10, 1910
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1906
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 15, 1910 - Samhain 28, 1910
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Eanáir 1910
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 3, 1910 - Samhain 25, 1918
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Nollaig 1910
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige

Bealtaine 25, 1915 - Deireadh Fómhair 19, 1915
John Simon, 1st Viscount Simon (en) Aistrigh - F. E. Smith, 1st Earl of Birkenhead (en) Aistrigh
Ceannaire an Fhreasúra

Deireadh Fómhair 19, 1915 - Nollaig 6, 1916
Andrew Bonar Law
Céad Tiarna an Aimiréalachta

Nollaig 10, 1916 - Iúil 17, 1917
Aire gan cúram

Iúil 17, 1917 - Eanáir 21, 1918
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Meitheamh 1, 1921
Dúiche: Belfast Duncairn (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Saol
Ainm iomlánEdward Henry Carson
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 9 Feabhra 1854
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásIsle of Thanet (en) Aistrigh, 22 Deireadh Fómhair 1935
Muintir
AthairEdward Henry Carson
MáthairIsabella Lambert
Céile/CéilíAnnette Kirwan (en) Aistrigh  (1879 -  luach anaithnid)
Ruby Frewen (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 17, 1914 -
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, breitheamh agus abhcóide
Áit oibreLondain
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach
Páirtí Aontachtach Uladh

Dlíodóir agus polaiteoir Aontachtach Éireannach ab ea Edward Henry Carson, an Barún Carsonan Tiarna Carson (9 Feabhra 1854 -22 Deireadh Fómhair 1935), ar dhuine de na dlíodóirí agus polaiteoirí is mó le rá a tháinig chun tosaigh in Éirinn san aois sin.[1]

Rugadh an Tiarna Edward Carson sa teach seo,4 Sráid Fhearchair,Baile Átha Cliath

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carson le John Lavery 1916

As Baile Átha Cliath ó dhúchas é. Tháinig Edward Carson chun saoil ag 4 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath - díreach in aice leis an áit a bhfuil ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge inniu. Protastúnaigh rachmasacha ab ea a mhuintir, agus a athair ina ailtire. B'as Albain do mhuintir Carson ó thús, nó tháinig seanathair Edward go hÉirinn ó Dhùn Phris sa bhliain 1815.

Fuair Edward óg a chuid oideachais i Scoil Chúil an tSúdaire, i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Rinne sé staidéar ar an dlí, tráth ar ghlac sé páirt ghníomhach i gCumann Staire an Choláiste, agus in Óstaí an Rí ina dhiaidh sin.

Glaodh chun Bharra na hÉireann air sa bhliain 1877 agus chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1889. Níorbh fhada go dtí go raibh clú agus cáil mar shár-abhcóide bainte amach aige.

Chuaigh sé le polaitíocht sa bhliain 1892, nuair a ceapadh ina Ard-Aturnae d'Éirinn é, cé nach raibh sé ina Fheisire.

1919

Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé cead abhcóideachta i Sasana sa bhliain 1893, agus as sin amach, b'i Londain ba mhó a bhí sé ag cleachtadh a cheirde.

Bhí Carson ina Aturnae Ginearálta ar Shasana agus an Bhreatain Bheag ó 7 Bealtaine 1900 go 1905 agus ina Ard-Aighne ar Shasana agus an Bhreatain Bheag sa bhliain 1915. D'fhan sé san oifig seo go dtí gur scoireadh an rialtas Coimeádach. Ansin, rinneadh rí chomhairleoir de.

Bhí sé ina Cheannaire ar an bhFreasúra idir 1915 agus 1916 agus ina bhall den Chomh-Aireacht Cogaidh idir 1916 agus 1918 (mar Chéad-Tiarna na hAimiréalachta ar feadh na gcéad ocht mí den tréimhse sin.)

In olltoghchán na bliana céanna, áfach, vótáladh isteach é mar Aontachtóir i ndáilcheantar na hOllscoile in Éirinn, cé gurbh iad na Liobrálaigh a ghnóthaigh an toghchán.

Oscar Wilde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhnítear ar Carson mar dhlíodóir go háirithe mar gheall ar an gcroscheistiú a rinne sé ar Oscar Wilde sa chás a thug an scríbhneoir in aghaidh Mharcas Queensberry, i dtaobh leabhail choiriúil agus mar gheall ar an toradh rathúil a bhain sé thar ceann an dalta óg cabhlaigh Archer-Shee (cás a spreag Terence Rattigan chun an dráma 𝙏𝙝𝙚 𝙒𝙞𝙣𝙨𝙡𝙤𝙬 𝘽𝙤𝙮 a scríobh.)

Sa bhliain 1895, bhí Carson ina dhlíodóir ag an Marcas Queensberry. Bhí Carson agus Wilde i gColáiste na Tríonóide san am céanna, agus iompairc phearsanta de chineál éigin eatarthu. Nuair a chuala Wilde cé a bheadh mar chéile comhraic aige, dúirt sé: Beidh sé ag coinneáil leis an gcúram chomh binbeach le haon seanchara. Ba mhór an seó a rinne Carson agus Wilde den phróis, ó bhí deis a labhartha ag an mbeirt acu.

Cuimhneachán, Stormont, Béal Feirste

Aontachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa pholaitíocht bhí sé chun tosaigh i measc aontachtaithe na hÉireann, go háirithe nuair a bhí dream Uladh ag cur in aghaidh Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí sé ina Fheisire ar son Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 1892 go 1921

Bhí Carson ina Cheannaire ar na hAontachtaithe sa dá chuid den tír ó 1910 go 1921.

Ar an 21 Feabhra 1910 d’éirigh Edward Carson ina cheannaire ar na hAontachtóirí. Ní hamháin go raibh sé ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais, thairis sin theastaigh uaidh gach iarraidh chun críochdheighilt a chur i bhfeidhm ar Éirinn a stopadh.

D'áitigh Edward Carson ar James Craig, an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann. Ar an 4 Feabhra 1921 d'éirigh sé as an bpost mar cheannaire ar na hAontachtóirí. Bhí Carson ag an am sin féachaint chuige go bhfaigheadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith.

Deireadh a shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Carson as an pholaitíocht i mí Deireadh Fómhair 1929. Rinneadh Tiarna na nAchomhrac (Barún Carson Dhún Cairn) de sa bhliain 1921 agus d'éirigh sé as ocht mbliana ina dhiaidh sin.

Bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis i mBéal Feirste i nDeireadh Fómhair 1935.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Edward Carson" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.