Tailte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba bhandia í Tailte (Sean-Ghaeilge TailtiuTailltiu i Miotaseolaíocht na nGael.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ainm an bhandé ann i ndán an dinnseanchais, a insíonn go bhfuil Aonach Tailteann, Contae na Mí ainmnithe ina honóir.[1] Léiríonn anailís teangeolaíochta ámh go bhfuil an logainm fréamhaithe ó iasacht Briotainise, léirithe ag telediw na Breatnaise, "dea-chumtha, álainn." [2] Is amhlaidh go bhfuil ainm an bhandé fréamhaithe ón logainm.

Miotaseolaíocht na nGael[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, ba iníon rí na Spáinne í Tailte, agus bean chéile Eochaí mac Eirc, Ard-Rí na hÉireann deireanach de shliocht na bhFéar Bolg, a thug a hainm dá phríomhchathair, Tailtin. Tháinig sí slán tar éis gabháil na dTuath Dé Danann agus rinneadh ina máthair altrama Lugh di.[3]

Deirtear go bhfuair Tailte bás le teann corthachta, tar éis di machairí na hÉireann a ghlanadh le haghaidh talmhaíochta. Bhunaigh Lugh féile fhómhair cluichíochtacluichí adhlactha ina honóir, Aonach Tailteann, a ceiliúradh chomh déanach is an 18ú haois.[3]

Stair na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

San am atá thart, ba dheis é Aonach Tailteann comórtais of nirt agus cumais, agus am buntáisteach do chleamhnas agus lóistín don gheimhreadh. Bhíodh síocháin i réim ag an bhféile, agus bhíodh ceiliúradh reiligiúnach at siúl. Caomhnaítear cuid den fhéile sa cheiliúradh Lúnasa, a athbheodh ar feadh tréimhse sa 20ú haois faoin ainm Cluichí Tailteann.[3]

Eagraíodh féile Lúnasa ag Carman (ní fios go cruinn a shuíomh), agus faightear chomh maith dán an dinnseanchais a thugann bréagshanasaíocht don áit. Maíonn an dán go bhfuil an féile ainmnithe as Carman, ach a mhalairt, mar an gcéanna le Tailte, is amhlaidh go bhfuil an dia miotaseolaíochta ainmnithe as an áit.

I ré na staire, ba é Tailte an baile ina raibh an príomhtionóil de chlann Uí Néill.

De réir Locus Project ag CELT[4], bhí cúpla ráth ag Tailte (bandia) i gcúige Mumhan:

  • Ráth Canann: ráth banríon Tailteann, LL 201; cf. Rathcannon tl., Contae Luimnigh
  • Ráth Con: ráth banríon Tailteann, LL 201; in Tuath Tailten, UM 165b, Lec. 514, Stowe D ii 2, 656.

Níl sé soiléir gur nó nach ionann Ráth Canann agus Ráth Con.

Tagairtí na nAnnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Annals of Inisfallen (AI)

  • M1095. Taillti, inghen Domhnaill Guitt
  • U1127. Tailltiu ingen Murchadha H. Mael Sechlainn ben Tairrdelbach Ua Conchobair
  • M1170. Taillte, inghen Muirchertaigh Uí Mhaoil Sechlainn, ben Domhnaill mic Murchadha Uí Fherghail, taoisech Muintire Anghaile, d'écc isin cethrachtmhadh bliadhain a h-aoisi. Taillte, iníon Mhuircheartach Uí Mhaeleachlainn, bean chéile Dhomhnaill mhic Mhurchadh Uí Fhearghail, taoiseach Muintir Anghaile, d'éag agus í daichead bliana d'aois.
  • M1171. Tailltin, inghen Conchobhair Uí Maoil Sechlaind, ben Iomhair Uí Chathasaigh, tigherna Saithne.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gwynn, E., aistr., "Poem 33: Tailtiu," The Metrical Dindshenchas, le fáil ar CELT.
  2. Binchy, D.A., ‘The Fair of Tailtiu and the Feast of Tara,’ Ériu, 18 (1958), ll. 113-138.
  3. 3.0 3.1 3.2 MacKillop, James (1998) A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, Oxford University Press. ISBN 0-19-280120-1 ll. 309-10, 395-6, 76, 20
  4. Locus Project