Sióg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sióg in aice le buachaill beag

Sióg a thugtar ar dhuine den lucht sí. Bíonn riocht duine ar shióga de ghnáth, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an dá chine, agus tá na cineálacha sióige éagsúil lena chéile freisin. I gcontrárthacht leis an smaoineamh nua-aimseartha Béarla, ní daoine beaga agus sciatháin orthu iad na sióga ar fad, de réir thraidisiún na hÉireann; tá cuid de na sióga, cuir i gcás na fir dhearga, níos mó ná méid duine, agus tá sióga eile, ar nós na mban sí, ar mhéid duine normálta. De réir an tseanchais, síolraíonn cuid mhaith de na sióga ó Thuatha Dé Danann, a díbríodh go dtí liosanna, ráthanna agus cnoic na hÉireann nuair a maidhmeadh orthu sa gcogadh in aghaidh Lucht Mhíl Easpáine, óna síolraíonn Gaeil an lae inniu. De réir scéalta eile, is aingil iad a thit go talamh ó na Flaithis toisc nach raibh siad sách maith chun fanacht ar neamh agus nach raibh siad sách olc chun dul go hifreann. I gceantair áirithe, ba gheis an lucht sí a lua, agus cumadh neart leasainmneacha orthu dá bharr, mar shampla "na daoine maithe" agus "na daoine áin". Creideadh go forleathan sna sióga go dtí tús an 20ú haois san Eoraip; is beag duine a chreideann iontu sa lá atá inniu ann.

Is iad seo a leanas na príomhchineálacha sióige in Éirinn: bean sí, púca, leipreachán, fear dearg, maighdean mhara, síofra.