Fand

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFand
Cineáldia uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata

Is sióg í Fand (deoir, "deoir áille") nó Fann (duine lag) i Miotaseolaíocht na nGael. Ní leagain mhalartacha iad na focail sin, agus pléitear fós stair a hainm.[1]

Feictear í go sonrach sa seanscéal Searg Chú Chulainn mar iníon Áed Abrat, deirfiúr Lí Ban agus Aengus ar leith, agus bean chéile Mhanannán mac Lir.[1]

Searg Chú Chulainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Fand ar an bhfód i riocht éan na mara, ag eitilt le healta éan draíochta. Tá gach dís ceangailte le slabhra airgid, ach amháin Fand agus a deirfiúr Lí Ban le slabhra óir, agus iad sofheicthe dá bharr.

Chaith Cú Chulainn clocha ina dtreo, agus bhuail sé sciathán Fhainde. Ina dhiaidh sin, tháinig, Fand agus Lí Ban beirt ar ais í riocht sióg and confront him on ar bhruach na locha. Bhí eachlaisc acu agus thug siad leathmharú air. Buaileadh tinn é dost feadh bliana, go dtí gur tháinig Fand ar ais (via negotiators Lí Ban agus Lao, carbadóir Chú Chulainn) chun é a leigheas. Mar choinníoll, d'aontaigh Cú Chulainn go mífhonnmhar dul go hoileán Fhainde, Mag Mell, agus cuidiú léi i gcogadh i gcoinne a naimhde. D'éirigh Cú Chulainn agus Fand ina leannáin chéile.

Tháinig éad mór ar bhean chéile Chú Chulainn, Eimhear, de bharr an caidrimh seo agus tháinig sí anuas le buíon ban ag beartú sceana. D'aithin Fand go raibh Cú Chulainn tuillte d'Eimhear. Chan sí dán, agus chuaigh ar ais chuig a fear céile Manannán. Chroith seisean a fhallaing cheobhráin dhraíochta idir Fand agus Cú Chulainn, nára mbuaile le chéile iad choíche. D'ól Cú Chulainn agus Eimhear deoch díchuimhne.

Seanscéalta eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh í Fliodhas, dia na Coille, máthair Fhand. I leaganacha áirithe, deirtear gurbh í bean chéile Eochaid Iúil, namhad Labhraidhe cloíte ag Cú Chulainn.[1]

Deirtear leis gurbh iníon Mhanannán í an bhandia Niamh Chinn Óir. Toisc go bhfuil roinnt saintréithe mar an gcéanna idir Niamh agus Fand, is féidir gurbh í Niamh freisin iníon Fhand.

Luaitear i bhfoinsí eile iníon eile Mhanannán, darb ainm Clíodhna. Is eol gur luigh Manannán le hábhar mór bandéithe agus ban daonna, ámh, agus is doiléir é dá bharr a nasc le Fand.

Sa nualitríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreagadh Fand and Other Poems le William Larminie (Baile Átha Cliath, 1892) ag Fand; agus ton-dán le hArnold Bax The Garden of Fand (1916).[1]

Tá Fand ann mar phearsa athfhillteach sa tsraith The Iron Druid Chronicles le Kevin Hearne.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 James MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology (Oxford: Oxford University Press, 1998), s.v. Fand.