Cairpre Nia Fer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, rí Teamhrach an ea Cairbre Nia Fear (Sean-Ghaeilge Cairpre Nia Fer, gaiscíoch[1] fear) mac Rus Ruad na Laigean.[2]

Luathfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tírechán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tagairt is luaite de Chairbre le fáil sa bheathaisnéis Naomh Pádraig le Tírechán, téacs as Laidin de chuid na 7ú haoise caomhnaithe sa Leabhar Ard Mhacha. D'aimsigh Pádraig uaigh ollmhór agus d'éirigh sé an fathach ina luí ann ó mhairbh. Dúirt an fathach leis gur maraíodh é ag mic Mhic Chon i rith réimeas Chairbre Nia Fer, céad bliain roimhe sin – 'sé sin, san 4ú haois.[3]

Amhra Colm Cille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tagairt luath eile ann in Amra Choluim Chille (Amhra Cholm Cille) le Dallán Forgaill de chuid na 7ú haoise. Sa saothar seo, deirtear gur de shliocht Chairbre í Eithne, máthair an naoimh, agus gur de shliocht Cathrach Mhóir é Cairbre.[4]

Leabhar Gabhála na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann ón 11ú haois, bhí Cairbre ar marthain le linn réimis Ard-Rí, Eterscél Mór, a chuireann sé ar chomhaois leis an Impire Rómhánach, Ágastas (27 RC - AD 14) agus breith Íosa Críost. Deir sé ann go raibh sé ar chomhaois le ríthe na gcúigí, Conchúr Mac Neasa na nUladh, Cú Raoi na Mumhan agus Ailill mac Máta na gConnacht.[5]

An Rúraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear Cairbre rí Teamhrach ann sa Rúraíocht i dteannta le Conchúr Mac Measa, Cú Raoi agus Ailill mac Máta, fear chéile Mhéabh na gConnacht. Fedelm Noíchrothach iníon Chonchúir ab ea a bhean chéile, agus bhí mac acu Earc, agus iníon acu, Achall.

Chuaigh seisean agus a dheartháir Find mac Rossa, rí Ghailión na Laighean, i gcomhrac in éadan Conchúir agus na nUladh i gCath Ros na Rí. Mharaigh laoch na nUladh Cú Chulainn é le ga i gcéin uaidh, agus bhain a cheann de sular thit sé an talamh. Agus an cath buaite ag na hUlaidh, mhionnaigh Earc Mac Cairbre a dhílseacht do Chonchúr, phós Finnscoth iníon Chú Chulainn , agus rinneadh ina rí Teamhrach in ionad a athar.[6]

Stair chasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl na seanfhoinsí ar aon ghuth maidir leis a achar ama. De réir Tíreacháin, bhí Mac Con na nDáirine ar marthain sa ghlúin roimh Chairbre, ach lear mór ghlún ina dhiadh déanach sa 2ú haois de réir an Leabhar Gabhála. De réir Amra Choluim Chille, sinsear Chairbre ab ea Cathair Mór, ach bhí seisean ar mhártain go leor glún ina dhiadh de réir an LGÉ.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 nia ar eDIL
  2. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath . 1946, ll. 11, 138 ff., 143 ff., 168, 177-9, 201, 285
  3. Ludwig Bieler (eag. agus aistr.), The Patrician Texts in the Book of Armagh, Tírechán 40
  4. J. O'Beirne Crowe (eag. & aistr.), The Amra Choluim Chili of Dallán Forgaill, Baile Átha Cliath, McGlashan & Gill, 1871, ll. 72-75
  5. R. A. Stewart Macalister (eag. agus aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 299-301
  6. Edmund Hogan (eag. agus aistr.), Cath Ruis na Ríg for Bóinn, Todd Lecture Series, 1892
  7. R. A. Stewart Macalister (eag. agus aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 331, 337