Fliodhas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Flidais)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, creidtear gurbh í Fliodhas Foltchaoin (Sean-Ghaeilge Flidas Foltchaín) bandia bólachta agus torthúlachta. Le déanaí, léirítí í mar bhandia nó bé coille (driad), mar gheall le Artemis na Gréige agus Diana na Róimhe, cé go gcreideann scoláirí nach fíor sin.[1][2]

Táin Bó Flidais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Táin Bó Flidais

Ba príomhphearsa í Fliodhas sa Táin Bó Fhliodhais na Rúraíochta, ina bhfuil sí ina leannán Fhearghasa Mhic Róich, agus ba léi tréad draíochtúil bólachta, ina measc bó bhán dárbh ainm An Maol, a bhí in ann 300 fear a chothú le bainne aon oíche.[3][4]

Tá suíomh an scéil i nIorras, Contae Mhaigh Eo, agus insítear ann an táin bó a rinne siad ar a fear chéile, Ailill Fionn.[5]

Scéalta eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an Táin Bó Cúailnge, chodlaigh sí i bpobal Ailill mac Máta, rí Connacht, agus gach seacht lá, chothaigh a tréad an t-arm go léir.[6]

Luaitear Fliodhas sa Dinnseanchas mar máthair Fhaind[7] agus i Leabhar Gabhála na hÉireann mar máthair Fhaind, Bé Chuille agus Bé Téite.[2] Sa ghluais Mheán-Ghaeilge Cóir Anmann, deirtear gurbh í bean chéile Adamair agus máthair Nia Segamain, a bhí in ann, a bhuí cumas in oidhreacht uaithi, fianna a chrú admháil go mba ba iad.[8]

Sa scéal na Rúraíochta Scéala Conchúir Mhic Neasa, insítear go gcaithfeadh seachtar ban, nó Flioghas amháin, chun Fergus a shásamh.[9] Sa bhéaloideas Chontae Mhaigh Eo, insítear faoin a caidreamh le Fergus.[10]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an gaol atá ag Flioghas le fianna agus a lua ba dhéanaí mar bandia coille (driad) bunaithe ar sanasaíocht neamhdhóchiúil daoine na meánaoise mar "flid ois" (fliche ois(ín)).[1] B'fhéidir gurb é an sanasaíocht seo iarracht í a chomhcheangal le banfhia Sadhbh na Fiannaíochta. Tá miotais i leith Fliodhais dírithe go formhór ar bhólacht agus chrú na mbó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Beck, N. Goddesses in Celtic Religion. ULL2, UCD, 2009. http://theses.univ-lyon2.fr/documents/getpart.php?id=lyon2.2009.beck_n&part=159144 "A Celtic Deer Goddess?"
  2. 2.0 2.1 Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004. lch. 197
  3. Dunford, S. Táin Bó Flidhais (2008) Baile Átha Cliath
  4. Leahy, Heroic Romances of Ireland Vol II ll. 104-105
  5. "The Driving of the Cattle of Flidais" As Leahy, Heroic Romances Volume II, ll. 108-128
  6. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr., 1967), Táin Bó Cúailnge from the Book of Leinster, lch. 146
  7. Edward Gwynne (eag. & aistr, 1906), The Metrical Dindshenchas Vol 3 dán 49.
  8. A. H. Leahy (eag. & aistr. 1906), Heroic Romances of Ireland Vol II lch. 107
  9. "The Tidings of Conchobar son of Ness" eag. agus aistr. le Whitley Stokes. Ériu. vol. II. Londain: David Nutt, 1908
  10. James MacKillop (1998), Dictionary of Celtic Mythology.