Jump to content

Aoife

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAoife

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharFather and Son Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConnla Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba í Aoife (Sean-Ghaeilge Aífe) deirfiúr agus céile comhraic Scáthaí, agus leannán Chú Chulainn. Feictear í sna seanscéalta Tochmharc Eimhire agus Anbhás Aonmhic Aoife.

Sa scéal Tochmharc Eimhire, bhí sí ina cónaí i dtír darbh ainm Alpi, a thuigtear gur Alba í, agus i mbun chogaidh ar an mbanlaoch, Scáthach.[1]

Sa scéal Anbhás Aonmhic Aoife, ámh, bhí sí ina cónaí i Letha sa Bhriotáin, agus ba deirfiúr Scáthach í, chomh maith lena céile comhraic – deirfiúracha Árd-Greimne Lethra ab ea iad beirt.[2]

Príomhalt: Tochmharc Eimhire

Sa scéal Tochmharc Eimhire, tá laoch na nUladh, Cú Chulainn, is training in arms under Scáthach, when a battle breaks out against Aoife. Agus imní uirthi roimh a shábháilteacht, tugann Scáthach deoch shuain do Chú Chulainn, ach dúisíonn sé tar éis uair amháin, in ionad na fiche ceathair gur ghnách. Téann sé i mbun chomraic.

Cuireann Aoife dúshlán ar Scáthach go comhrac aonair, agus troideanna Cú Chulainn ar son Scáthaí mar a laoch. Roimh an gcomhrac, fiafraíonn sé de Scáthach cé hiad na rudaí is ansa le hAoife. Tugann Scáthach chun eolais gurb iad sin a carbad agus a capaill. I mbun comhraic, briseann Aoife claíomh Chú Chulainn ina smidiríní, ach glaonn sé amach go bhfuil a carbad agus capaill tar éis titim thar aill. A haire bainte, cloíonn sé í, agus beireann ar ais í thar a ghualainn. Ar faobhar an chlaímh, impíonn sí go ndéana trócaire uirthi. Socraíonn sé gan í a mharú, faoi dhá choinníoll: go n-éirí sí as an gcogaíocht le Scáthach, agus go mbeire sí mac dó.[3]

Sula theann Cú Chulainn ar ais go hÉirinn, agus Aoife torrach, tugann sé fáinne óir di a thabhairt don leabh. Guíonn sé uirthi, agus an buachaill seacht mbliana d'aois, go dtaga sé á lorg go hÉirinn, ach gan é féin a aithint.[3]


Leantar an scéal ar aghaidh in Anbhás Aonmhic Aoife. Tagann an buachaill, darb ainm Connla, go hÉirinn de réir threoracha Chú Chulainn, agus cuireann a laochas seanórtha imní ar na hUlaidh. Ach ní aithníonn Cú Chulainn é; téann siad i gcomhrac, agus maraíonn Cú Chulainn a aonmhac, a fháinne ródhéanach aitheanta aige.[2][4]

  1. Kuno Meyer (eag.), "Tochmarc Emire la Coinculaind (Harleian 5280, fo. 27a)", Zeitschrift für celtische Philologie, Halle an der Saale, Max Niemeyer vol. 3, 1901, ll. 229-263.
  2. 2.0 2.1 Kuno Meyer (eag. & aistr.), "The Death of Conla", Ériu 1, 1904, ll. 113-121.
  3. 3.0 3.1 Kuno Meyer (aistr.), "The Wooing of Emer", Archaeological Review, Londain, vol. 1, 1888, ll. 68-75; 150-155; 231-235; 298-307
  4. Rolleston, T.W. (1986). "Celtic Myths and Legends". Londain: Gresham.