Béalchú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bélchú)
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Béalchú (Sean-Ghaeilge Bélchú), as Breifne.

Tháinig Bélchú ar laoch na nUladh Conall Cearnach gar don bháis tar éis a bháire na fola le Cet mac Mágach. Thóg sé abhaile leis agus leigheas a ghonta. Bhí sé ar intinn aige dul i gcomhrac leis, agus Conall i mbarr a shláinte. Ach ba thrua le Bélchú as a iompar fiúntach, agus d'iarr ar a thriúr mac Conall a mharú ina leaba bhreoiteachta. Tharla gur chuala Conall é agus chuir sé iallach ar Bhélchú a áit a ghlacadh. Le teacht an triúr, mharaigh siad a n-athair i leaba Chonaill. Mharaigh Conall an triúr acu ansin agus d'imigh abhaile leis na ceithre cheann.[1]

Luaitear Bélchú sa Lámhscríbhinn Ghleann Masain.[2], ina bhfuil ainm a scéil ná Argain Belcon BreifneTogail Bruidne Bélchon Bréifne. Deirtear go bhfuil suíomh an choimhlint, Béal Cú, ar theorainn Chontae an Chabháin agus Contae Fhear Manach, ainmnithe as,[3] cé go bhfuil sanasaíochtaí eile ann.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Meyer, Kuno (eag. agus aistr.) (1906). "The Death-Tales of the Ulster Heroes". Retrieved on 2009-05-06. 
  2. "The Glenmasan Manuscript".
  3. Butler, Isaac (1892). "A Journey to Lough Derg". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland II: 13–24. 
  4. MacNeill, Máire (1962). "The festival of Lughnasa: a study of the survival of the Celtic festival of the beginning of harvest". London: Oxford University Press.