Conaire Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

De réir miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Conaire Mór, mac Eterscéil Mhóir. Ba í Mess Búachalla a mháthair, arbh í nó iníon Eochaí Fheidhil agus Éadaoine, nó Eochaí Airimh agus a iníne le hÉadaoin. Sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga, gineadh é nuair a thug fear neamhaithne cuairt ar a máthair i riocht éin. Tógadh é mar mhac Eterscéil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim tar éis é a réamhtheachtaí agus marfóir a athar, Nuadha Neacht, a bhású. Sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga, tháinig sé díreach i ndiaidh Eterscél Mór.

Tar éis d'Eterscél bás d'fháil, eagraíodh fleadh tairbh. Maraíodh tarbh agus d'ith fear a fheoil agus d'ól a anraith. Agus é ina chodladh, canadh orthaí thairis. Dhéanfadh rí don té a d'fheiceadh sé ina thaibhreamh. Chonaic sé fear lomnocht ag siúl siar an bhóthair go Teamhair le cloch ina thabhal aige.

Le linn an ama seo, bhí Conaire óg ag seilg éan ina charbad. Chuaigh sé sa tóir orthu isteach san fharraige, áit a rinne siad fir armtha díobh féin. D'inis siad gur bhuíon éan a athar iad, agus go raibh cosc ar éin a sheilg. Dúirt a gceannaire le Conaire dul lomnocht go Teamhair, agus dhéanfaí ann rí de. Cuireadh geasa ar leith ar a réim, ina measc gan dul isteach i dtigh fir dheirg agus trí fhear dhearga os a chomhair. Ag druidim dó i leith Teamhrach, bhuail sé le trí rí ag iompair éadaí dó, agus rinneadh rí de ar a theacht.

B'fhada agus go hiondúil shíochánta é a réim. Go suntasach, chuir sé ar deoraíocht go hAlbain a dheartháireacha altrama, na triúr mac Dond Désa, de bhárr a gcuid coireanna.

I ndeireadh na dála, bhí a chinniúint ina héadan é, a gheasa a bhriseadh. Agus go leor dóibh briste aige cheana, chuaigh sé ar thuras go deisceart na tíre, agus moladh dó fanacht ag Brú Dhá Dheirg. Ag druidim leis ann, chonaic sé os a chomhair triúr fear gléasta le héadaí dearga, ag marcaíocht ar chapaill dhearga ag dul ann. Tuigeadh dó go raibh geis eile briste aige.

Idir an dá linn, chuaigh a dheartháireacha altrama i gcomhar le rí na mBriotanach, Ingcél Cáech, agus bhí siad i mbun foghla ar fud na hÉireann le buíon mór amhas. D'ionsaigh siad Brú Dhá Deirge. Trí huaire rinne siad iarracht é a dhó chun talaimh, trí huaire cuireadh an tine faoi chois. Agus é faoi chosaint a churaidh, Mac Cécht agus laoch na nUladh, Conall Cernach, mharaigh Conaire sé chéad gan airm, sé chéad sa bhreis leo. D'iarr sé deoch, ach braon uisce ní raibh ann a thuilleadh, é go léir tógtha chun na tinte a mhúchadh. Thaistil Mac Cécht ar fud na hÉireann le cupa Conaire ag lorg uisce, ach ní thabharfadh na haibhneacha dá gcuid.

Tháinig sé ar ais díreach in am agus beirt fhear ag baint a cheann de Chonaire; mharaigh sé an dís. D'ól Conaire, ceann bainte, an t-uisce agus d'aithris dán ag moladh Mic Cécht. Bhí sé ina chogadh dearg ar feadh trí lá. Maraíodh Mac Cécht, ach d'éiligh Conall Cernach.[1]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé i réim ach ar feadh tríocha nó seachtó bliana, ag brath ar fhoinse.

I bhfoinsí ar leith, faightear cróineolaíochtaí ar leith dá réim:

Ba shliocht de chlann seanscéalach Íar mhic Dedad na nÉrainn é Conaire. Bhí aithne ar a shliocht in Éirinn agus Albain faoin ainm Síl Conairi. Ba é Alexander III na hAlban an rí Gaelach deiridh de shliocht Chonaire.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jeffrey Gantz (aistr.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, ll. 37-106
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 301
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37
  4. Annála na gCeithre Máistrí M5090-5160
Roimh
Nuadu Necht
Ard-Rí na hÉireann
LGE 1d aois AD
FFE 63–33 RC
ACM 110–40 RC
Tar Éis
Lugaid Riab nDerg