Achall
Cuma
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Athair | Cairpre Nia Fer |
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, iníon Cairpre Nia Fer, rí na Teamhrach agus a bhean chéile Fedelm Noíchrothach ba ea Achall. Tar éis bás a dhearthár Earc, mairithe ag Conall Cearnach, d'éag sí le crá croí ar cnoc in aice le Teamhair, a ainmníodh aisti ina cuimhne.[1]
Cnoc Achaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur tháinig Ard-Rí na hÉireann Túathal Techtmar i gcoróin tar éis dó an t-iar-Ard-Rí, Elim mac Conrach, a chloí i gcath ar chnoc Achaill.[2] De réir Tairired na nDéssi, bhíodh an t-Ard-Rí Cormac mac Airt ina chónaí ar an gcnoc tar éis dó súil a chailleadh, toisc níorbh chóir dó bheith i réim i Teamhair leis a leithéid de locht.[3] Is é An Scrín ainm na háite anois.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Edward Gwynn (eag. & aistr.), "Achall", The Metrical Dindshenchas Iml. 1, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1903
- ↑ R. A. Stewart MacAlister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 307-311
- ↑ Vernam Hull, "Expulsion of the Déssi", Zeitschrift für Celtische Philologie iml. 57, 1957
- ↑ An Scrín ar logainm.ie