Eimhear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Emer)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEimhear
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht agus Táin Bó Cúailnge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairForgall Monach Cuir in eagar ar Wikidata
Emer rebuking Cú Chulainn. (Tarraingeoireacht 1905 le H. R. Millar.)

Sa Rúraíocht, ba í Eimhear[1] (Sean-Ghaeilge Emer), iníon Fhorgall Mhanaigh agus bean chéile an laoich, Cú Chulainn.

Dúradh go raibh sé bhua na banúlachta ag Eimhear: áilleacht, guth binn, deafhocail, ciall, cumas obair shnáthaide, agus geanmnaíocht.

Sna Scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tochmharc Eimhire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Tochmharc Eimhire

Cé gur chuardaigh na hUlaidh dóigh is andóigh ar fud na hÉireann do bhean chéile a dhiongbháil dó, ní bheadh ag Cú Chulainn ach Eimhear. Tugann sé cuairt uirthi ag tigh Fhorgaill i Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, agus déanann sé suirí léi (tochmharc), agus tomhais agus caint fhoghlamtha á roinnt eatarthu. Ghlacfadh Eimhear mar fhear chéile é Cú Chulainn, ach é féin a chruthú lena chuid gníomhartha.

Tá Forgall i gcoinne an chleamhnais, áfach. Tagann sé go hUlaidh faoi bhréagriocht, agus molann sé go rachadh Cú Chulainn go hAlbain go n-oilfí in airm é leis an mbanlaoch cáiliúil Scáthach, ag súil go gcloífeadh an sceimhle é agus go marófaí é. Gabhann Cú Chulainn an dúshlán, agus foghlaimíonn sé gach gur féidir sna cumais chogaidh. Agus é ann, luíonn sé le hAoife, céile comhraic Scáthaí, agus éiríonn sí torrach.

Idir an dá linn, tairgeann Forgall Eimhear go Lughaidh mac Nóis, rí na Mumhan. Nuair a chloiseann sé go bhfuil sí i ngrá le Cú Chulainn, diúltaíonn Lugaid an cleamhnas.

Tagann Cú Chulainn ar ais ó Albain lánoiliúnta, ach diúltaíonn Forgall é, Eimhear a phósadh. Déanann Cú Chulainn ruathar ar dhún Fhorgaill, maraíonn sé ceathrar is fiche, fuadaíonn sé Eimhear agus goideann sé taisce Fhorgaill. Titeann Forgall féin chun a bháis ó na rampair. Déanann comrádaí Fhorgaill, Scenn Menn, iarracht éalú an leannáin a chosc, ach maraíonn Cú Chulainn é i gcomhrac aonair ag cliath éigin. Agus a laochas léirithe, glacann Eimhear faoi dheireadh é a phósadh.

Bhí cearta an chéad oíche ag Conchúr mac Neasa, rí na nUladh. Bhí imní air roimh fhreagairt Chú Chulainn, ach chaillfeadh sé a cheannas, muna bhfeidhmeoidh. Tagtar air réiteach: luífidh Conchúr le hEimhear ar oíche a pósta, ach luífeadh Cathbhadh draoi eatarthu.

Aonéad Eimhire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh a lán leannán ag Cú Chulainn, d'fhuailing Eimhear a haonéad agus é faoi gheis i ngrá le Fand, bean chéile Mhanannán Mac Lir, mar a insítear sa scéal Searg Chú Chulainn.

I dtosach báire, tá sé ar intinn aici a hiomaitheoir a mharú, ach nuair a fheiceann sí mórghrá Fhand le Cú Chulainn, socraíonn sí é a ghéilleann dí. Agus an mhóraigeantacht seo feicthe ag Fand, socraíonn sise, corraithe, dul ar ais chuig a fear céile. Croitheann Manannán a fhailling idir Cú Chulainn agus Fand, chun nach mbuailfidh le chéile iad choíche. Ólann Cú Chulainn agus Eimhear deoch dhraíochta chun dearmad a dhéanamh ar an eachtra.

Anbhás Aonmhic Aoife[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thagann mac Aoife, Connla go hÉirinn ag lorg a athar, aithníonn Eimhear cé atá ann agus déanann sí iarracht cur ina luí ar Chú Chulainn gan é a mharú, ach saothar in aisce a bhí ann.

I gcultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Eimhear mar phearsa dá dhráma The Only Jealousy of Emer le William Butler Yeats. Is cuid dá shraith cáiliúil Chú Chulainn, an ceann seo cóirithe ón seanscéal den ainm cheana i mbailiúchán "Cuchulain of Muirthemne" (1902) le Lady Gregory. Scríobhadh é le mórthionchar drámaíocht Noh na Seapáine. Cuireadh "Jealousy" ar an ardán don chéad uair in Amsterdam in 1922, dírithe ag Albert van Dalsum, agus mascanna cruthaithe ag an ndealbhóir Hildo Krop. Níor cuireadh in Éirinn é go dtí Mí na Bealtaine 1926, leis an "Dublin Drama League" ag Amharclann na Mainistreach.

Tá Eimhear luaite sa dán le Yeats', "The Secret Rose":

"... and him
Who met Fand walking among flaming dew
By a grey shore where the wind never blew,
And lost the world and Emer for a kiss"

San úrscéal Angela's Ashes le Frank McCourt, deirtear gur "The Greatest Pisser" í Eimhear, sa chaoi gur chuir sí cluain ar Chú Chulainn. Tá sí luaite chomh maith mar chuid den tsamhlaíocht, bunaithe ar an Táin, i "The Withering Branch" le Máirtín Ó Cadhain.

I Mí na Samhna 1943, d'fhoilsigh an file Albanach Somhairle MacGill-Eain a chéad bailiúchán dánta, darb ainm Dàin do Eimhir agus Dàin Eile. Is i measc na leabhar is tábhachtaí é, scríofa as Gaeilge na hAlban san 20ú haois.

Is í Eimhear príomhphearsa an úrscéil 2018 le David Duchovny, Miss Subways, spreagtha ag an miotas.

Tagairtí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an LÉ Emer (P21), iarlong an tSeirbhís Chabhlaigh na hÉireann, ainmnithe aisti.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. leaganacha eile: Éimhear, Eimear, Éimear