Mór-Ríoghain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Morrígan)
Jump to navigation Jump to search
Mór-Ríoghain, Badhbh an Chatha

Is bandia i Miotaseolaíocht na nGael í Mór-Ríoghain (Sean-Ghaeilge Morrígan, Morrígu, Meán-Ghaeilge Mórrígan).

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níltear ar aon ghuth faoi bhrí a hainm. B'fhéidir é go bhfuil fréamh Ind-Eorpach ann sa chuid Mor, le brí sceimhle nó gránnachas, gaolmhar leis an Sean-Bhéarla maere (a caomhnaítear fós san fhocal "nightmare"); nó leis an Lochlannach mara agus an Sean-OirSlavach "mara" (tromluí). Is féidir é a athchruthú as Próta-Ceiltis mar *Moro‑rīganī‑s.[1][2] Is é an díorthú seo atá chun cinn i measc scoláirí an lae inniu.[3]

I ré na Meán-Ghaeilge, litríodh an t-ainm Mórrígan, le síneadh fada ar an o. D'fhraomhódh seo ó fhocal Próta-Ceiltis *Māra Rīganī-s.[4] Chreid Whitley Stokes ámh gur shanasaíocht choitianta bhréagach é seo.[5]

San lá atá inniu ann, rinneadh iarrachtaí Morrígan a cheangal le pearsa Litríocht na Breatnaise, Morgan le Fay ón Matter of Britain. San ainm seo, is amhlaidh go bhfuil mor fréamhaithe ó "mor" (muir) na Breatnaise. Tagann na hainmneacha ámh ó chultúir agus chraobhacha Ceilteacha éagsúla.

Bandia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Mór-Ríoghain bainte go formhór le cogadh agus cinniúint, go háirithe le tuar bás nó bua cogaidh. Sa leabhar ceannasach "The Ancient Irish Goddess of War" le W. M. Hennessy, scríofa in 1870, cuireadh an léamh seo faoi bhuanréim.[6][7] Sa ról seo, tagann sí i láthair mar bhadhbh i riocht caróige/préacháin.[8] Spreagann sí laochra ina ngaiscí cróga, agus tugann sí cabhair chun naimhde a chloí, bíodh sin ach go hannamh. Feictear í ag glanadh na n-éadaí fuilsmeartha a raibh sa chiniúint bás d'fháil.[9] San lá atá inniu ann, léitear í mar bhandia cogaidh agus mar thaispeánadh den domhan,[10][11] go háirithe a seasamh do choimirceoir na tíre agus a daonna.[12][13]

Flaitheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gaol aici freisin le flaitheas, an talamh agus beithígh. D'áitigh Máire Herbert "war per se is not a primary aspect of the role of the goddess". Mhol Herbert: "her activities have a tutelary character. She oversees the land, its stock and its society. Her shape-shifting is an expression of her affinity with the whole living universe".[14] Thug Patricia Lysaght faoi ndeara go léirítear sa scéal Cath Maige Tuired gur "coimirceoir leas a daonna" í agus go bhfuil sí gaolta le cogadh agus torthúlacht.[12] De réir Phrionsais Mhic Cana, tá an bandia in Éirinn "primarily concerned with the prosperity of the land: its fertility, its animal life, and (when it is conceived as a political unit) its security against external forces".[15] Mar an gcéanna, scríobh Maria Tymoczko "The welfare and fertility of a people depend on their security against external aggression" agus thug faoi ndeara "Warlike action can thus have a protective aspect".[13]

Trí-bhandia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go minic, luaitear Mór-Ríoghain i dteannta lena deirfiúracha mar trí-bhandia, darb ainm "an triúr Morrígna".[10][16][17] Is aithreach é ballraíocht an tré: uaireanta is iad Badhbh, Macha agus Neamhain atá ann,[18] agus uaireanta Badhbh, Macha agus Anand.[19] Creidtear gurbh iad triúr an bandia céanna.[10][15] These triple appearances are partially due to the Celtic significance of threeness.[8] Thagadh Mór-Ríoghain ar an bhfód ina haonar,[20] ámh, agus a hainm inmhalairtithe le Badhbh.[21]

Deirtear gur bean chéile an Daghdha í Mór-Ríoghain, fad is mná chéile Neith iad Badhbh and Neamhain.[10] Luaitear an triúr Morrígna mar dheirfiúracha triúr bandéithe na talún Ériu, Banbha and Fódhla.

Bansidhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhéaloideas níos deireanaí, tá aici leis an mbansidhe.[10] Deir Patricia Lysaght: "In certain areas of Ireland this supernatural being is, in addition to the name banshee, also called the badhb".[22]

Fianna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moladh freisin go raibh sí gaolta leis na fianna, agus is amhlaidh go raibh na dreamanna seo tiomnaithe di.[23] Ba iad "bands of youthful warrior-hunters, living on the borders of civilized society and indulging in lawless activities for a time before inheriting property and taking their places as members of settled, landed communities".[24] Más fíor, is amhlaidh go n-adhrtaí í mar an gcéanna le dreamanna Perchta.[25]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

fulacht fiadh i gContae Thiobraid Árann darb ainm Fulacht na Mór Ríoghna. B'fhéidir é go bhfuil nasc anseo leis an triúr cailleach miotaseolaíochta, a d'ullmhaigh an béile feoil madra, a mheall Cú Chulainn go dtí a bhráta

Tá dhá chnoc ann i gContae na Mí darb ainm Dá Chíoch na Morriogna, a mholtar gur choimirceoir í, i gcomórtas le hAnu, a bhfuil a cnoic féin aici, Dá Chích Anann in Contae Chiarraí. Is iad Áine agus Grian bandéithe eile a bhfuil a leithéid de chnoic ainmnithe astu i gContae Luimnigh. I dteannta le coimirceacht, is déithe na gréine iad beirt.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léamha agus gluaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na tagairtí is luaite atá an do Mhór-Ríoghain ná léamha i lámhscríbhinní Laidine, agus i ngluaiseanna (bailiúcháin léamh). I lámhscríbhinn na 9ú haoise as an Vulgáid le leagan den Leabhar Íseáia, aistrítear an focal Eabhraise Lilith[26] le Lamia. Tá léamh ann a chur le fios gurb é sin "arracht i riocht mná, 'sé sin, morrígan".[27] Cuireann Sanas Chormaic (9ú haois), agus léamh sa lámhscríbhinn H.3.18 freisin, le fios gurb é brí an focal iolra gudemain[28]morrígna.[27] Deir Gluais Uí Mhaol Conaire gurb í Macha ar cheann den trúir morrígna.[27]

Scéalta Miotaseolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chnuasach bréagstairiúil na 12ú haoise Leabhar Gabhála na hÉireann, luaitear Mór-Ríoghain i measc na dTuath Dé Danann, mar iníon Ernmais ua Nuada.[19]

Ba iad an chéad trúir iníonacha Earnmais ná Ériu, Banbha, agus Fódhla.[29] Ba iad an trúir iníonacha Earnmais eile ná Badhbh, Macha, agus Mór-Ríoghain féin. Deir rann áirithe go raibh siad trúir saibhir, "springs of craftiness" agus "sources of bitter fighting". Deirtear gurbh Anand ainm eile a bhí ar Mór-Ríoghain,[19] agus go raibh trí mahc aici, Glon, Gaim, and Coscar. De réir Seathrúin Chéitinne, d'adhair Ériu, Banbha, agus Fódhla faoi seach Badhbh, Macha, agus Mór-Ríoghain.[30]

Ar oíche Shamhna, choinnigh sí coinne leis an Daghdha roimh Chath Maighe Tuireadh in éadan na bhFomhóraigh.[31] Bhí sí á ní féin san abhainn Unius, cos amháin ar a dá thaobh an. I bhfoinsí áirithe, deirtear gur chruthaigh sí an abha. Tar éis dóibh gnéas a bheith acu, gheall Mór-Ríoghain go ngairfeadh sí draoithe na hÉireann chun geasa a chur ar son na dTuath Dé Danann, agus rí na bhFomhórach, Indech, a chloígh. Insítear go mbéarfadh sí dhá lán doirn dá chuid fola agus iad a chuir san abhainn úd (insítear níos deireanaí ámh, gur mharaigh Oghma Indech).

Ag tús an chatha, d'fhiafraigh ceannaire na dTuath Dé, , díobh cén cumhacht a bhíodh acu uile. Is deacair freagair Mór-Ríoghna a thuiscint, ach is amhlaidh gur thóir agus scriosadh a bhí i gceist. Ar láthair an chatha, chan sí dán agus ar an dtoirt, díríodh na Fomhóraigh isteach san fharraige. Tar éis an chatha, chan sí dán eile ag ceiliúradh an bhua agus ag tuar deireadh an domhain.[21][32]

I scéal eile, mheallaign sí tarbh de bhean darbh ainm Odras. Lean Odras í go dtí an tAos Sidhe tríd Uaimh na gCat ag Cruachan. Agus Odras tite ina codladh, thiontaigh Mór-Ríoghain ina lochán uisce í, a thaosc isteach sa Sionainn.[33]

An Rúraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sa Rúraíocht a fheictear Mór-Ríoghain mar dhuine aonair don chéad uair,[20] ina bhfuil caidreamh thíos seal, thuas seal aici le Cú Chulainn.

Príomhalt: Táin Bó Regamna

Bhuail Cú Chulainn le Mór-Ríoghain agus í ag díbirt bearaigh óna thalamh, ach níor aithin sé í. Thug sé masla di in aineolas a cuma mar coimirceoir. Sula raibh sé in ann í a ionsú, d'eitil sí go géag gar di i riocht éin dhuibh. D'aithin Cú Chulainn ansin í, agus dúirt nach mhaslódh í dá n-aithneodh. Dhearbhaigh sé nárbh fhéidir léi é a díobháil a dhéanamh air, agus mar fhreagairt, thug sí tuair chogaidh dó agus tairngreacht a bháis ann. Dúirt sí leis, 'is ag cosaint do bháis atáim; agus beidh mé ann.'[34]

Thosaigh Méabh ionsú ar Ulaidh chun an Donn Cuailnge a ghoid. Maraon le Alecto na bhFúr Gréagach, tháinig Mór-Ríoghain chuig an tarbh i riocht préacháin, agus mhol sí dó éalú.[35]

Agus Cú Chulainn i mbun Ulaidh a chosaint ag áthanna in éadan laochra Mhéabha, tháinig Mór-Ríoghain chuige i riocht mná óige. Thairg sí a grá agus cabhair chatha, ach dhiúltaigh sé í. Mar fhreagairt, chuir sí isteach air, i riochtaí eascainne, mac tíre, agus bodóige báine dearg-chluasaí, de réir a foláireamh. D'ainneoin seo, ghortaigh Cú Chulainn í i ngach riocht agus chloígh a chéilí comhraic. Ina dhiaidh sin, tháinig sí chuige i riocht seanmhná ag crú bó, agus na trí chréacht ar a corp mar a fhulaing a reachta ainmhithe. Thóg sí trí dheoch bhainne do Chú Chulainn. Bheannaigh sé í as ucht na ndeochanna, agus cneasaíodh a créachtaí.[36][37] Bhí aiféala air, ámh, gur bheannaigh, mar is léir ón gcomhrá a leanas: "Dúirt tú liom tráth,' ar sí, 'nach leigheasfá mé choíche.' 'Dá dtuigfinn gur tú a bhí ann,' ar Cú Chulainn, 'ní leigheasfainn riamh.'"[38] Agus na hairm cruinnithe don chath deireanach, rinne sí fáistine ar an ár le teacht.[39]

I leagan amháin de bhás Chú Chulainn, agus é ag marcaíocht chun dul i ngleic leis a naimhde, bhuail sé le Mór-Ríoghain i riocht caillí ag ní in áth a chathéide, tuar a bháis.[40]

Seanscéalta Artúracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh iarrachtaí le déanaí Morgan le Fay a nascadh le Mór-Ríoghain. Tagann Morgan aníos in Vita Merlini ("Saol Mherlin") le Geoffrey of Monmouth san 12ú haois. Sna seanscéalta Artúracha, amhail Sir Gawain and the Green Knight, cuirtear Morgan i láthair mar dhroch-chailleach a chuir an-anró agus an-bhaol ar ann laoch Gawain. Cuirtear Morgan i láthair freisin mar chluanaí fear, a raibh an-chuid coinne gnéasúla le Merlin. Bhíodh go leor cumhachta aici ar dhaoine, go leas nó dochar pearsanna eile.[41]

Is léir ámh nach bhfuil gaol ann idir an mbeirt, in ainneoin thionchar an bhandia níos sine ar údair an phearsa liteartha, Morgan. Molann scoláirí amhail Rosalind Clark nach gaolta iad na hainmneacha dá laghad. Tá an t-ainm Breatnaise "Morgan" fréamhaithe ó fhocail na mara, ach "Mor-" na Gaeilge fréamhaithe le "sceimhle", nó b'fhéidir "mór";[42] féach Sanasaíocht thuas.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rosalind Clark, The Great Queens: Irish Goddesses from the Morrígan to Cathleen Ní Houlihan (Irish Literary Studies, Book 34)
  • Barry Cunliffe, The Ancient Celts
  • Miriam Robbins Dexter, Whence the Goddesses: A Source Book
  • James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology
  • Daithi O hOgain, Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition Prentice Hall Press, (1991) : ISBN 0-13-275959-4
  • Anne Ross, Pagan Celtic Britain: Studies in Iconography
  • Anne Ross, "The Divine Hag of the Pagan Celts"; V. Newall (eag.), The Witch Figure.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Proto-Celtic – Focal-liosta Béarla
  2. EtymologyOnline: "nightmare"
  3. Rosalind Clark (1990) The Great Queens: Irish Goddesses from the Morrígan to Cathleen Ní Houlihan (Irish Literary Studies, Book 34) ISBN 0-389-20928-7
  4. Alexander McBain, An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, 1911: mór, ribhinn
  5. Stokes, Whitley (1891) Notes to "The Second Battle of Moytura" in Études Celtiques xii, lch. 128.
  6. W. M. Hennessy, "The Ancient Irish Goddess of War", Revue Celtique 1, 1870–72, ll. 32–37
  7. Arthur Cotterell, "The Encyclopedia of Mythology", 2010, ll. 102, 152
  8. 8.0 8.1 Aldhouse-Green, Miranda (2015). "The Celtic Myths: A Guide To The Ancient Gods And Legends": 125. New York: Thames & Hudson. 
  9. Rolleston, T. W. (1911). "Celtic Myths And Legends". New York: Barnes and Noble. 
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 Ó hÓgáin, Dáithí (1991). "Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition": 307–309. Oxford: Prentice Hall Press. 
  11. Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006: lch. 1622
  12. 12.0 12.1 Lysaght, Patricia, "Traditions of the Banshee", in Miranda Green & Sandra Billington (eag.), The Concept of the Goddess. Psychology Press, 1996: ll. 157-163
  13. 13.0 13.1 Tymoczko, Maria. The Irish Ulysses. University of California Press, 1994: ll. 98-101
  14. Máire Herbert, "Transmutations of an Irish Goddess", in Miranda Green & Sandra Billington (eag.), The Concept of the Goddess. Psychology Press, 1996. lch. 145
  15. 15.0 15.1 Mac Cana, Prionsias. "The Goddesses of the Insular Celts". Celtic Mythology. Hamlyn, 1970.
  16. Sjoestedt, Marie-Louise. "Celtic Gods and Heroes": 31–32. Dover Publications. 
  17. Davidson, Hilda Ellis (1988). "Myths and symbols in pagan Europe: early Scandinavian and Celtic religions": 97. Syracuse: Syracuse University Press. 
  18. MacKillop, James (1998). "Dictionary of Celtic mythology": 335–336. Oxford: Oxford University Press. 
  19. 19.0 19.1 19.2 Lebor Gabála Érenn §62, 64: "Ba iad Badb agus Macha agus Anand... an triúr deirfiúracha Ernmais" "Badb agus Morrigu, dárbh ainm Anand."
  20. 20.0 20.1 Táin Bó Regamna, Corpus of Electronic Texts Edition, lch. 33.
  21. 21.0 21.1 Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired, Text 166
  22. Patricia Lysaght, The Banshee: The Irish Death Messenger, 1986, ISBN 1-57098-138-8, lch. 15
  23. Angelique Gulermovich Epstein, "War Goddess: The Morrígan and her Germano-Celtic Counterparts", e-leagan version, #148 (Meán Fómhair, 1998)
  24. Maire West, "Aspects of díberg in the tale Togail Bruidne Da Derga", Zeitschrift für Celtische Philologie vol. 49–50, lch. 950
  25. Carlo Ginzburg, Ecstasies: Deciphering the Witches' Sabbath, New York, Pantheon Books, 1991, ISBN 0-394-58163-6, ll. 6–7, 91, 101–2, 115 (nóta 47), 146 (nóta 62), 193, ll. 182–204, 262, maraon le tagairtí i gCodanna a Dó agus a Trí passim.
  26. Íseáia 34:14 "Casfaidh cait allta le faolchúnna inti, agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile; is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin, ar lorg suaimhnis di féin." " ABN (béim sa bhreis)
  27. 27.0 27.1 27.2 Angelique Gulermovich Epstein, War Goddess: The Morrígan and her Germano-Celtic Counterparts, e-leagan, #148, (Meán Fómhair, 1998), ll. 45–51.
  28. DIL lch. 372
  29. Samhlaítear a n-ainmneacha le hÉirinn, agus bhí siad pósta faoi seach le Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine, ríthe deireanacha na hÉireann de shliocht Tuath Dé Danann.
  30. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Érinn,Leabhar 2, Cuid 11.
  31. "The Second Battle of Moytura". CELT.
  32. Elizabeth A. Gray (eag. & aistr.), Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired, cuid 167, 1982
  33. "Odras", from The Metrical Dindshenchas Vol 4, aistrithe le E. Gwynn
  34. The Cattle Raid of Regamna, aistrithe le A. H. Leahy, ó Heroic Romances of Ireland Vol II, 1906
  35. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cuailnge Athleagan 1, 1976, lch. 152
  36. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cuailnge Athleagan 1, 1976, ll. 176–177, 180–182
  37. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cualnge ón Leabhar Laighean, 1967, ll. 193–197
  38. Ciarán Carson, "The Táin: A New Translation of the Táin Bó Cúlailnge", 2007, ll. 96
  39. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cuailnge Athleagan 1, 1976, ll. 229–230
  40. "The Death of Cú Chulainn" le fáil ar maryjones.
  41. "Morgan le Fay in Sir Gawain and the Green Knight" . 
  42. Clark (1990) ll. 21–23, 208 n.5