Erc mac Cairpri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Erc mac Cairpri
Saol
Muintir
AthairCairpre Nia Fer
MáthairFedelm Noíchrothach
Gairm

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, mac Chairbre, rí na Teamhrach ab ea Earc Mac Cairbre (Sean-Ghaeilge Erc mac Cairpri). Fedelm Noíchrothach, iníon Conchobar mac Nessa, rí na nUladh, agus bean chéile Chairbre, ab ea a mháthair.

Tar éis do laoch na nUladh, Cú Chulainn, Cairbre a mharú le linn Cath Ros na Ríg, rinneadh Earc ina rí Teamhrach. Phós sé Fínscoth, iníon Chú Chulainn, agus mhionnaigh a dhílseacht dá sheanathair, Conchúr. Bheartaigh sé comhcheilg ámh le Lughaidh Mac Chú Raoi agus roinnt eile chun Cú Chulainn a mharú. Mar chúiteamh, maraíodh eisean ag Conall Cearnach, deartháir altrama Chú Chulainn. Thóg Conall a cheann leis ar ais go Teamhair, agus d'éag a dheirfiúr Achall le crá croí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]