Méabh
Jump to navigation
Jump to search
Méabh | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Killed by (P157) | Furbaide Ferbend | ||
Muintir | |||
Athair | Eochu Feidlech | ||
Céile/Céilí |
Ailill mac Máta Conchúr Mac Neasa | ||
Páirtí/Páirtithe | Fearghus Mac Róich | ||
Páistí |
liosta iomláin
| ||
Siblíní |
liosta iomláin
| ||
Gairm |

Meascán Méabha ar Chnoc na Ré, Contae Shligigh
Banríon Chonnacht sa Rúraíocht is ea Méabh (sean-Ghaeilge: Medb, meán-Ghaeilge: Meḋḃ, Meaḋḃ nó Meadhbh sa luath-Ghaeilge nua-aimseartha, Méibh leagan eile sa Nua-Ghaeilge). Sna scéalta is mó cáil, tá Banríon Méabh pósta le hAilill mac Máta agus tá a cúirt ríoga suite i gCruachan, Ráth Cruachan, Contae Ros Comáin an lae inniu. Tá fír chéile eile aici sna scéalta, ríthe Chonnacht eile an chuid is mó dóibh. An namhaid is mó atá aici ná a hiar-fhear chéile agus rí Uladh Conchobar mac Nessa agus briseann an Táin Bó Cúailnge amach eatarthu nuair a dhéanann Méabh iarracht an tarbh is fearr in Ulaidh a ghoid.