Furbaide Ferbend

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFurbaide Ferbend
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairConchúr mac Neasa Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, mac Chonchúir mhic Neasa agus marfóir Mhéabha ab ea Fuarbhaí Fearbheann (Sean-Ghaeilge Furbaide Ferbend).

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conchúr mac Neasa, rí na nUladh ba ea a athair, agus iníon Eochach Feidhligh, Ard-Rí na hÉireann a mháthair: sa seanscéal Cath Boinde[1] agus dán an Dinnseanchas "Carn Furbaide"[2] Eithne ab ea í; sa seanscéal Anbhás Mhéabha, Cloithre ba ea í.[3] Is amhlaidh gur thug Eochu roinnt dá iníonacha do Chonchúr mar chleamhnas, mar chúiteamh as bás a athair, an t-iar-ard-rí Fachtna Fáthach, a mharaigh Eochu é sa Chath Leitreach Ruadh.[1] Sa dán lena nia Lughaidh na Riabh Dearg, maraíodh máthair Fhuarbhaí ag a deirfiúr, Méabh, iarbhean chéile Chonchúir agus banríon le-teacht na gConnacht, agus rugadh a mhac i ndiaidh a báis trí ghearradh Caesarach.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seanscéal Cath Boinde, mínítear go bhfuil an t-ainm Furbaide fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge (f)urbad,[4] le brí "gearradh" ag lua a bhreith, agus go raibh Diarmaid a cheadainm ar dtús.[1] Insítear sa Dinnseanchas gur mhín- agus gheal-chraicneach é Fuarbhaí, le dhá adharc aige ag fás ar a chionn, agus dá bharr a bhua-ainm, fear beann.[2][5] Deirtear sa ghluais Cóir Anmann go raibh trí adharc – dhá airgid, ceann amháin óir – ar a chlogad aige.[6]

Táin Bó Cuailnge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Táin Bó Cuailnge

Agus é seacht mbliana déag d'aois, chuaigh sé i mbun comhraic le harm Chonchúir army, sa Chath Gáireach agus Iolgáireach ag deireadh na Tána.[2][7][8]

Sa seanscéal Mesca Ulad, ina deirtear gur mhac altrama Chú Chulainn é, throid sé in éadan na hEarnaí, ach chomh hálainn a bhí sé mar fhéad siad é a ghoin.[9]

Tar éis bás Chonchúir, tháinig a mhac Cúscraid i gcomharbacht air mar rí na nUladh, agus bhronn sé ar a dheartháir Fuarbhaí tailte i dtuaisceart agus i ndeisceart na Tethbae.[10]

Anbhás Mhéabha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Aided Meidbe, bhain sé díoltas as bás a mháthar agus é níos sine.

Bhí Méabh tar éis tosú ag snámh i linn ar oileán sa tSionainn, Inis Cloithrinn. Thomhais Furbaide le rópa an fad ón linn go dtí an anbhann, agus bhí sé ag cleachtadh le crann tabhaill go dtí go raibh sé in ann úill a bhuaileadh ar bharr cuaille ón bhfad sin. An uair eile a chonaic sé Méabh ag snámh, chaith sé an rud ba ghiorra in aice láimhe – giota cáise – uirthi, agus mharaigh sé í leis.[3]

I ndán sa dinnseanchas, deirtear gur mharaigh see máthair Lughaí Riabh Dearg. Chuaigh Lughaidh ar a tír ach mharaigh sé é mar dhíoltas.[2]

Uaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir seanscéil, cuireadh Fuarbhaí Fearbeamn faoi i tuama ar bharr Carn Clainne Aodha, i dtuaisceart Longfoirt, ainmnithe as an dá tuama ar a mhullach.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dobbs, Margaret E. (1938). "The Territory and People of Tethba". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland Seventh Series, Vol. 8, No. 2: 241–259. Royal Society of Antiquaries of Ireland. JSTOR 25510138. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Joseph O'Neill, (eag. & aistr.) "Cath Boinde", Ériu iml. 2, 1905, ll. 173-185
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Edward Gwynn (eag. & aistr.), "Carn Furbaide", The Metrical Dindshenchas Iml. 4, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1906
  3. 3.0 3.1 Vernam Hull (eag. & aistr.), "Aided Meidbe: The Violent Death of Medb", Speculum iml. 13, eagrán 1, Ean. 1938, ll. 52-61
  4. furbad, urbad, ach féach freisin forbba, ar eDIL
  5. Carn Furbaidi ar CELT
  6. Whitley Stokes, "Cóir Anmann", Irische Text mit Wörterbuch, Dritte Serie, 2 Heft, Leipzig: Verlag Von S. Hirzel, 1897, lch. 288-411
  7. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge Recension 1, Dublin Institute for Advanced Studies, 1976, ll. 218, 227-228
  8. Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, lch. 248, 261
  9. W. M. Hennessy (eag. & aistr.), Mesca Ulad; or, the intoxication of the Ultonians, Todd Lecture Series, 1889
  10. R. I. Best (eag. & aistr.), "The Battle of Airtech", Ériu 8, 1916, ll. 170-190
  11. Dobbs 1938, pp. 246.