Jump to content

Tethbae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cónaidhm tuath in Éirinn ná meánaoise ba ea Tethba (nó Tethbae[1]). Bhí an ríocht roinnte in dhá leath, tuaisceart Tethbae faoi cheannas Chineál Chairbre (Cenél Coirpri), agus deisceart Tethbae faoi cheannas Chineál Mhaine (Cenél Maini). Chuimsíodh sé cuid de Chontae na hIarmhí agus mórchuid Chontae an Longfoirt an lae inniu. Uaireanta, luann an t-ainm Tethba ach an réim deisceartach amháin.

Ríochtaí agus dreamanna in Éirinn na meánaoise. Ar an léarscáil seo, is ionann Tethba agus deisceart Tethbae. Ar tuaisceart Tethbae, tugtar Cairbre, ar cheann de thrí ríocht ainmnithe as Cairbre mac Néill Naoighiallaigh

Le linn na ré luathChríostaí, bhíodh Tethba suite laistigh de chríocha Uí Néill an Deiscirt and de mhuintir Uí Néill iad a Éireannaigh de réir na nginealach. Bhíodh Tethbae Túaiscirt suite thart timpeall ar Gránard, agus Tethbae Deiscirt thart timpeall ar Ardach.[2][3][4]

Tá fianaise ann go raibh Tethba roinnte ina cheantar thuaidh agus theas sa 7ú haois. Deighilt idir polaitíochta agus freisin eaglasta a bhí ann. Bhí nasc idir príomheaglais Tethba Tuaiscirt agus Naomh Pádraig. Déanann Tíreachán tagairt ina naomhseanchas don "dá Tethbae" agus maíonn gur bhunaigh Pádraig easpagóideachtaí ag Gránard agus Ardach araon. Le fírinne, cé go raibh Gránard ina eaglais Phádraig, is léir nach raibh Ardach.[5][6]

Naomh Mel ba ea bunaitheoir agus príomhphearsa Ardach. Nia Phádraig ba ea é, dar le foinsí Phádraig. Faoi ré Thireacháin agus na taifid is luaite, ba bhall é Ardach de chónaidhm eaglaisí agus Naomh Bríd a príomhphatrún agus Cill Dara a hionad ceannaireachta.[7]

Cenél Coirpri

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le nósanna Gaelacha na meánaoise, deirtear gur gurbh iad Niall Naoighiallach agus a mhic, Cairbre agus Fiacha a rinne coinsias i lár na tíre. Sinsear eapainmneach Chineál Chairbre (Cenél Coirpri) ba ea Cairbre féin.[8][9]

Ar cheann de thrí ríocht ainmnithe as Cairbre ba ea Cineál Chairbre Mhóir (Cenél Coirpri Móir), nó Tethba Tuaiscirt. Bhí Cenél Coirpi Dromma Clíab suite taobh thiar ó thuaidh ar Bhá Dhún na nGall; agus Cairbre féin, Contae Chill Dara, taobh thiar ó dheas, cé nár bunaíodh seo go dtí i bhfad níos deireanaí.[10][11]

Seachas Cairbre féin agus a gharmhac, Tuathal Maolgharbh, bhí dhearnadh Ardrí Éireann de dhuine de Chineál Chairbre. Tá ríthe níos deireanaí Tethbae luaite go minic i nAnnála Uladh agus annála Éireann eile, although usually only to report their deaths. De ghnáth, ní thugtar ach an teideal "rí Cenél Coirpri" dóibh, cé go dtugtar an teideal cruinn "rí Coirpri Tethbae" do Chonaing (bás 752). Don bhliain 799, tuaisceart go bhfuair idir Murchad ua Cathail agus Dub Innrecht mac Artgaile, ríthe Chairbre, rud a chuireann in úil go roinntí an ríoghacht.

I dteannta le taifid sna hannála, déantar trácht ar Aonghas Bronnbhachall ó Tuathail, Vita Naomh Colm Cille le hAdhamhnán.[12][13]

Sa ré luath stairiúil, is dócha go raibh tábhacht ar leith ag Cineál Chairbre chun aird scríbhneoirí doicheallacha a tharraingt. De réir Tireacháin, chuir Pádraig mallacht ar Chairbre ag Cnoc na Teamhrach nára ndéana Ardrí de dhuine ar bith dá mhuintir.[14][15][16] Is léir go raibh drochmheas ar Thuathal Maolgharbh ag scríbhneoirí níos deireanaí ag plé bheatha Dhiarmada mhic Cearbhaill, a ghaol ar tháinig a sliochtaigh, Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine, in ionad chlanna Chairbre agus Fhiacha mar cheannairí i lár na tíre.[17][18]

San 11ú haois, tógadh Tethba Tuaiscirt isteach i ríocht Bhréifne, faoi cheannas Uí Ruairc, géag Uí Bhriúin na gConnacht agus a bhfo-chlann, Conmhaicne Réin.[19][20]

Murab ionann is s dheartháir, ní dhéanann Tireachán trácht ar Mhaine mac Neill, agus tá easpa taifead ann dá choncais. B'fhéidir é gur bréag ghinealach atá ann um chumhacht Uí Néill ó lár na tíre a neartú. Is dócha gur chuid de ríocht níos mó Uí Mhaine é Cineál Mhaine (Cenél Maini), ríocht a shíneadh ó oirthear Chontae na Gaillimhe agus Contae Ros Comáin, trasna na Sionainne insan Longfort isteach.[21][22][23]

Cé nach ndearnadh Ardrí riamh de dhuine de Chineál Mhaine, deirtear in Vita tripartita Sancti Patricii go raibh ról leith ag an gCineál le taobh roghnú agus insealbhú na nArdríthe, amhail is na hOirialla de chuid fosta na gConnacht.[24]

Tá muintir Chineál Mhaine fós le fáil i measc uaisle Éireann agus Cinn na Fine, ag clanna Uí Chearnaigh nó Uí Chatharnaigh, ar a nglaoitear de nós 'An Sionnach' ar a dtaoiseach.

  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings (2nd ed.), Dublin: Four Courts Press, ISBN 1-85182-552-5
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • De Paor, Liam (1993), Saint Patrick's World: The Christian Culture of Ireland's Apostolic Age, Dublin: Four Courts, ISBN 1-85182-144-9
  • MacKillop, James (1998), The Oxford Dictionary of Celtic Mythology, Oxford: Oxford University Press, ISBN 0-19-860967-1
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995), Early Medieval Ireland: 400–1200, London: Longman, ISBN 0-582-01565-0
  • Dobbs, Margaret E. (1938). "The Territory and People of Tethba". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland Seventh Series, Vol. 8, No. 2: 241–259. Royal Society of Antiquaries of Ireland. JSTOR 25510138. 
  1. Dar le Dobbs, "the name 'Tethba' occurs most frequently in the genitive and dative cases, and the spelling varies, as the following instances show: Fremainn Tethbai, h-i Tethbai, Granairud Tethba, Luachair Tethbai, Iarthar Tebhtho, La Tethba, Fir Tebtha, Fir tebhtha, i Tebtha, i Teathfa, a Teafa. The form 'Tethba' seems best to use in this paper".
  2. Byrne, Irish Kings, lch. 89
  3. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 16 & 33
  4. McKillop, "Tethbae".
  5. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 36
  6. De Paor, Saint Patrick's World, ll. 159 & 198.
  7. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 33 & 260.
  8. Byrne, Early Christian Ireland, ll. 84 & 90–91
  9. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 447–451.
  10. Byrne, Irish Kings, ll. 84–91 & nótaí bhreis lch. xvi
  11. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 469.
  12. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 607–68, tábla VI (Cenél Coirpri) & nótaí
  13. Life of Saint Columba, leabhar I, caibidil 13.
  14. De Paor, Saint Patrick's World, lch. 156. Tugadh míniú le haghaidh réimeas Tuathail ag scríbhneoirí níos deireanaí l.
  15. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 33–34. Sa ríliosta le fáil in Buile Choinn, feictear Tuathal faoin ainm Óengarb
  16. Byrne, Irish Kings, ll. 90–92.
  17. Byrne, Irish Kings, ll. 90–92
  18. Charles-Edwards, lch. 468.
  19. Byrne, Irish Kings, lch. 92 & 233–237
  20. MacKillop, "Conmaicne". B'fhéidir é go raibh Conmaicne Réin ag tógaint ar ais tailte a raibh acu tráth.
  21. Byrne, Irish Kings, ll. 85 & 92–93
  22. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 96 & 548
  23. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, lch. 61.
  24. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 34–35, 96 & 548–549.