Colm Cille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Cille

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Columba
Beathaisnéis
Breith7 Nollaig 521
Contae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Meitheamh 597
75 bliana d'aois
Í Chaluim Chille Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaÍ Chaluim Chille Cuir in eagar ar Wikidata
Ab Mainistir Oileán Í
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Áit chónaitheContae Dhún na nGall
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Chríostaíocht
Gairmmanach, misinéir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidFinnian Mhaigh Bhile
TeangachaAn Laidin
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCath Chúl Dreimhne
Ardú
Lá féile9 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairFeidhlimidh (?)  agus Eithne Laighean

Musicbrainz: dba72e63-30c1-4361-81ec-e870dcde289e Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Colm Cille (Colmcille nó Columba i mBéarla) an naomh Gaelach is mó a urramaítear go traidisiúnta i gCúige Uladh (7 Nollaig 5219 Meitheamh 597) .[1] Ba i nGartán i gCo Dhún na nGall a rugadh Naomh Colm Cille sa bhliain 521, ach ba i nDoire a bhunaigh sé a chéad mhainistir atá in aice le Séipéal Naomh Aibhistín taobh istigh de bhallaí na cathrach.[2]

Tá Colm Cille ar an naomh Éireannach is mó a bhfuil gnaoi air de bharr an ghrá a bhí aige do achan chineál idir neacha daonna agus ainmhithe.[3]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh ar an 7 Nollaig 521 é i nGartán i gContae Dhún na nGall, thart ar fhiche ciliméadar soir ó dheas ó Chloich Cheann Fhaola.[4] Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na hUí Néill - le sliocht Néill Naoighiallaigh, ríthe Gaelacha Uladh.[5]

Nuair a bhí sé óg, shocraigh sé gur mhaith leis bheith ina mhanach. Chaith sé a óige i dTír Chonaill, i nGartán agus in áit a dtugtar Gleann Cholm Cille air anois, den chuid is mó. An Luathré Chríostaí a bhí ann agus bhí mainistreacha breactha ar fud na tíre.

Rinne sé staidéar faoi Naomh Finnian Mhá Bhile agus Naomh Finnian Chluain Ioraird.[6] Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i gContae an Dúin agus i gCúige Laighean.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air.[7] Ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air. Thug a chairde an t-ainm Colm Cille air toisc go raibh sé deas, cineálta agus séimh, cosúil leis an éan an colm. Fuair sé an dara cuid dá ainm toisc go raibh sé le feiceáil sa mhainistir go minic.

Eaglais, Gartán

Misinéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh Colm Cille ag déanamh misinéireachta. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé, is cosúil.

Chaith Colmcille tréimhsí i Maigh Bhile (mainistir i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin), i gCluain Ioraird na , agus i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath, sular fhill sé ar Thír Chonaill i dtréimhse dá shaol ina raibh tionchar mór aige ar an áit ina bhfuil paróiste Chloich Cheann Fhaola inniu.[4]

Thóg Colm Cille a chéad mhainistir i nDoire sa bhliain 545. Tugtar Doire Cholm Cille ar an áit freisin, in ómós do Cholm Cille.

Bhunaigh Colmcille mainistreacha in Albain chomh maith. Oileán Í a bhí mar chroílár a chuid oibre ministreachta in Albain. Tá tionchar Cholmcille le feiceáil ar fud an oileáin sin, agus ar fud na hAlban.[4]

Cogadh agus inimirce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dhóbair do Cholm Cille nárbh é a shaint i léann a chaill é. Bhí spéis mhór ag Colm Cille i leabhar cáiliúil agus rinne sé cóip de gan chead. Ba le duine darbh ainm Fionán an leabhar.

Fuair sé iasacht leabhair ó Fhíonán, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, i Maigh Bhile, Baile Nua na hArda, Co. an Dúin. Nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige.

fuinneog dhaite, Í Cholm Cille

Thit Fionán amach le Colm Cille nuair a chuala sé faoin rud a rinne sé. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar.

Rinne Fionán gearán leis an . D’iarr an rí ar Cholm Cille an chóip a thabhairt d’Fhionán ach dhiúltaigh sé. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach agus thosaigh Colm Cille agus a chairde ag troid i gcoinne arm an rí. Troideadh cath mór i gContae Shligigh sular tháinig an scéal chun réitigh. Fuair na céadta duine bás is cosúil.

Gartan Ráth Cnó Colm Cille 1400

Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "An Cathach" ar an gcóip sin den leabhar.

D’fhág Colm Cille Éire mar gheall ar an mbrón a bhí air. Chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in Albain mar bhreithiúnas aithrí. D’imigh sé féin agus manaigh eile ar bhád go hOileán Í, Oileán beag ar chósta na hAlban. Thóg sé mainistir eile ansin. Chaith Colm Cille an chuid eile dá shaol ar Oileán Í Í (Í Cholm Cille). B'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge ar fud na hAlban.

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Colm Cille bás ina mhainistir féin in Í ar an 9 Meitheamh 597.

Bíonn Lá Fhéile Colm Cille ann ar an 9ú Meitheamh gach bliain.[8] Téann go leor daoine ar thuras go hOileán Í go fóill. Tá Naomh Colm Cille chomh tábhachtach le Naomh Pádraig agus le Naomh Bríd in Éirinn.

Tá sé ina sheanscéal i mbéaloideas Uladh gur thug sé tairngreacht ar leaba a bháis, inar thuar sé cuid mhór de na himeachtaí nua-aimseartha. Luaigh sé, mar shampla, an mhuc dhubh sna sléibhte: is gnách an chiall a bhaint as sin gurbh í an traein agus an t-iarnród a bhí i gceist aige. Rinne Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna tagairt do thairngreacht Cholm Cille go minic ina gcuid scéalta agus scríbhinní, agus í ina hinspioráid thábhachtach acu.

Gleann Cholm Cille agusTuras Cholmcille: Stad 5 Séipéal Colm Cille

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Taisce Tuisceana". Dáta rochtana: 1 Márta 2019.
  2. Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2021-06-03). "Tús curtha le comóradh ar bhreith Cholm Cille" (as ga). 
  3. "Slí Cholmcille" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-06-09.
  4. 4.0 4.1 4.2 Seán Ó Dubhchon. "‘D’fhág Colmcille lorg ar an tír seo a mhairfidh 1,500 bliain eile’" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-16.
  5. "Lá an Tobair 9 Meithimh". anghaeltacht.net. Dáta rochtana: 2019-06-09.
  6. "Naomh Colm Cille, ab. Leaséarlamh na hÉireann. Féile: Meitheamh 9 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-30. Dáta rochtana: 2019-06-09.
  7. cogg.ie. "Naomh Colm Cille". Dáta rochtana: 2019.
  8. Eoin Ó Riain (2013). "Colmcille sa bhaile ar deireadh! / Smaointe Fánacha as Chonamara". An Codú. Dáta rochtana: 2022-06-09.
  9. "Colmcille agus Bainne na Bó Bacaí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-09.