Glas Naíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Glas Naíon
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2016) 46,483
Airde: 33.5m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin
Griangraf de chloigtheach i reilig Glas Naíon

Is bruachbhaile mhór i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath í Glas Naíon. Tá Glas Naíon suite i mbarúntacht de Chúlóg taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath agus is áit cónaithe don chuid is mó de mhuintir an pharóiste í.[1] Tháinig an t-ainm Glas Naíon ón fhocail Gluais a aistríonn go ‘stream’ sa Bhéarla agus ainmníodh an bhaile indiaidh an chraobh-abhainn, Abhainn Tolka, Glas Naoidhean.[2] Ceaptar go gciallaíonn sé ‘stream of infants’ sa Bhéarla ach níl na saineolaithe go hiomlán cinnte.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíonn stair Glas Naíon thart ar an 5ú haois nó 6ú haois, beagnach ceithre chéad bhliain sula bunaíodh an chathair. I dtús báire, bunaíodh Glas Naíon mar mhainistir lonnaíochta do Naomh Mobhi i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Deirtear go raibh a lán naomh cáiliúla i mbun staidéar ar chúrsaí faoi Naomh Mobhi sa mhainistir sin, cosúil le Naomh Colmcille, Comgall, Canice agus Ciarán.[2]

Sna Meánaoiseanna, thosaigh pobail ag teacht chun cinn timpeall an mhainistir ach nuair a bhí na Lochlannaigh is na Danair ag teacht i dtír in Éirinn ón 9ú aois, rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mhainistreacha na hÉireann, san áireamh mhainistir Ghlas Naíon.[2] Tharla an cath is mó in Éirinn i rith na mblianta sin agus i nGlas Naíon, tharla an cath cáiliúil Cath Chluain tarbh. Le linn an chath, bhí troid mhór ar siúl idir na Lochlannaigh agus na nGaeil a tharla in aice le abhainn ‘An Tulcha’  i 1014. Chloigh Brian Bóirmhe leis na Lochlannaigh sa chath seo ach bhí an throid go uafasach sin agus fuair na mílte bás.[4]

Tháinig na Normannaigh go hÉireann sa 12ú haois agus chuaigh, rí na Normannaigh, Rí Henry, i gceannas ar phíosa talamh in Éirinn. Bhí Glas Naíon faoi smacht rí Henry agus ba é sin an tús a bhí leis an smacht dhíreach a bhí ag na Sasanaigh ar Éireann. [2]

Tar éis teacht na hAnglo-Normannaigh, D’athraigh talún Ghlas Naíon isteach ina mhainéar a bhí faoi úinéireacht ag an Priory of the Holy Trinity (Teampall Chríost)[5] agus bhí an sráidbhaile cosúil le baile eile sa Pháil. Bhí Teampall Chríost an thábhachtach i stair agus i bhforbairt sráidbhaile Ghlas Naíon.

I rith an 17ú haois, bhí go leor fadbhanna ag tarlú ó cheann ceann na tíre mar thoradh ar chogaí Cromwell agus ar díláithriú na mainistreacha (Glas Naíon san áireamh). Bhí sráidbhaile Glas Naíon ag dul in olcas mar thoradh ar na fadbhanna ach atógadh an sráidbhaile i rith an 18ú haois agus bhí sé ina háit an-fhaiseanta. [2]

Rinneadh bailecheantar de Ghlas Naíon i 1878 agus tháinig sé mar chuid de Chathair Bhaile Átha Cliath i 1900. D’éirigh Glas Naíon níos measa don chéad leath den aois seo ach atógadh an sráidbhaile sa dara leath den aois seo.[2]


Sráidbhaile Glas Naíon sa Lá atá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lá atá inniu, is sráidbhaile mór agus forbartha í. Tá athrú mór tagtha ar an sráidbhaile thar na mblianta, agus tá sé mar pháirt de chathair Bhaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Tá meascán do theaghlaigh óga, seanóir agus mic léinn a bhíonn ag freastal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina cónaí i nGlas Naíon. Tá an cheantar faoi bhláth san am i láthair leis na aiseanna go léir atá lonnaithe ann.

Grianghraf de theach gloine i nGarraithe Náisiúnta na Lus

Oideachas i nGlas Naíon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ocht bhunscoil agus trí mheánscoil i gceantar Ghlas Naíon, le gaelscoil Scoil Mobhí ag an mbunleibhéal, Gaelcholáiste Scoil Chaitríona agus scoil riachtanais speisialta, Scoil Chiarain san áireamh.

Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath suite i nGlas Naíon freisin. Cruthaíodh an institiúid i 1975 agus freastalaíonn thart ar 10,000 mac léinn uirthi.[6]

Reilig Ghlas Naíon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Reilig Ghlas Naíon an reilig is mó sa tír seo. Tá a lán de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, sé sin iad siúd a bhí baint acu le chúrsaí poblachtachas agus Chaitliceachas in Éirinn. Mar shampla, Dónal Ó’Conaill atá curtha sa reilig agus tá cloigtheach togtha i gcuimhne Dhónail sa reilig. Tá páirt lárnach a imirt ag reilig Ghlas Naíon mar gheall ar an stair a bhaineann leis agus na daoine atá curtha ann agus tarraingíonn an músaem atá suite sa reilig go leor turasóirí chun na reilige chomh maith.[2]

Garraithe Náisiúnta na Lus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grianghraf de Mheitéareolaíochta na hÉireann

Bunaíodh Garraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon sa bhliain 1795, nuair a ghlac Sochaí Ríoga Bhaile Átha Cliath seilbh ar thalamh Ghlas Naíon. I dtús ama, an aidhm a bhí ag na Garraithe nó dearcadh eolaíocht talmhaíochta a chur chun cinn ach trí na mblianta, d’athraigh an aidhm ón eolaíochta talmhaíochta go dtí eolas a bheith ar chúrsaí luibheolaíochta. Sa lá atá inniu, bíonn an-tóir ag turasóirí ar Gharraithe Naisiúnta na Lus agus tá sé dhochreidthe ar fad.[7]

Met Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ionad Meitéareolaíochta na hÉireann lonnaithe i nGlas Naíon atá mar cheanncheathrú Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann. Bhí an fhoirgneamh deartha ag Liam McCormack i gcruth pirimide. Sa bhliain 1979, bhí an cheanncheathrún togtha i nGlas Naíon ar Seanbhóthar

an Fhionnghlas.[8]

Pirimid na hEaglaise (Our Ladys of Dolours Church)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Togadh Pirimid na hEaglaise i nGlas Naíon i 1881 mar Eaglais shealadach agus tar éis nócha bliain, atógadh an Eaglais go díreach mar a bhí. Togadh an eaglais nua i gcruth pirimide in 1971 agus cé go raibh an phirimid conspóideach ag an am seo, tá páirt mhór a imirt aige i bpobal Ghlas Naíon i saol an lae inniu. [9]

Aiseanna agus Clubanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá CLG Na Fianna suite i gcroí-lár Ghlas Naíon agus bunaíodh an chumann i 1955. Cuimsíonn Na Fianna gach ghné den Chumann Lúthchleas Gael ó thaobh na cluichí gaelacha sé sin, iománaíocht, peil gaelach, camógaíocht, liathroid lámha agus cluiche corr a bhí go léir a imirt lastaigh den chlub.[10]

Tá go leor clubanna eile sa cheantar seo cosúil le Tolka Rovers, Cumann Cispheile Naomh Uinseann, Cumann Dornálaíochta Glas Naíon agus Club leadóige Ghlas Naíon.

Tá an chlub óige Foróige suite i nGlas Naíon freisin agus cuireann sé le cumas daoine óga forbairt a dhéanamh ar léibhéal sóisialta agus is áit sábhailte agus spraíúil í.[11]

Bunaíodh grúpa gasóga i nGlas Naíon in 1911 ar Bhóthar Bhaile Gall Thiar agus cheiliúir siad céad bliana i 2011. Tugann an grúpa seo deis do dhaoine óga forbairt a dhéanamh ar chúrsaí phraiticiúil sa cheantar. [12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "'Glas Naíon'" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 O'Doherty, Tony. (2011). "A history of Glasnevin : its village, lands and people". Dublin: Original Writing. OCLC 751806121. 
  3. "Glasnevin" (in en) (2019-11-21). Wikipedia. 
  4. "Cath Chluain Tarbh" (in ga) (2019-04-23). Vicipéid. 
  5. "Teampall Chríost/Christ Church" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  6. "Dublin City University" (in en) (2019-12-01). Wikipedia. 
  7. "History | National Botanic Gardens of Ireland | The Office of Public Works" (en-US). Dáta rochtana: 2019-12-04.
  8. "Met Eireann | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  9. "Parish History". www.glasnevinparish.ie. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  10. "Who are Na Fianna? – CLG Na Fianna" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-12-04.
  11. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". volunteering.force.com. Dáta rochtana: 2019-12-04.
  12. "Glasnevin" (in en) (2019-11-21). Wikipedia.