Baile Phib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Baile Phib
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2016) 1241
Airde: 61 m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin
1ú Eanáir 1914, Cúinne Doyle
Eaglais Naomh Peadar

Baile Phib[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sráidbhaile cónaithe agus uirbeach é Baile Phib atá suite ar imeall na cathrach. Tá sé suite thart ar 2 km ó lár na cathrach. Bhain an t-ainm le lonnaitheoir Sasanach a bhí ina chónaí i gCill Mhaighneann sa 17ú haois. Sráidbhaile ciúin a bhí ann uair amháin ach anois is ionad gnó rathúil é ar an taobh thuaidh. Ceanncheathrú bus na hÉireann, Príosún Mhuinseo, Ospidéal an Mater Misercordiae, An Chanáil Ríoga agus Eaglais Naomh Peadar níl iontu ach cuid de na suíomhanna aitheanta atá suite sa sráidbhaile.[1]

Stair an Bhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sráidbhaile siar go dtí deireadh an 16ú haois. Bhí ceann de na chéad ionaid siopadóireachta i mBaile Átha Cliath ag an mbaile. Tógadh an t-ionad siopadóireachta sna 1960í, ach inniu tá an suíomh ag taispeáint an aois.[2] Tá oidhreacht láidir Victeoiriach le feiceáil go soiléir sa cheantar.

Rinneadh forbairt uirbeach shuntasach ar cheantar na Cloiche Leithne go luath sa 19ú haois. Rinneadh é seo chun riachtanais thráchtála agus chónaitheacha Chuideachta na Canálach Ríoga agus oibríocht Teirminéal an Chuain a chomhlíonadh. Bhí tionchar mór ag an mbonneagar canála agus iarnróid ar an gceantar go déanach san 18ú agus sa 19ú haois. Mar thoradh air seo rinneadh tuilleadh forbartha ar an gceantar. Mar thoradh ar leathnú chathair Bhaile Átha Cliath bhog an fhorbairt ó thuaidh agus mar thoradh air bhí tithíocht chónaithe i mBaile Phib.

Cónaitheoirí suntasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chuimhneachán ann do bheirt chónaitheoirí Bhaile Phib, a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca (Sean Hurley agus James Kelly). Le linn Éirí Amach na Cásca, bhí 34 Sráid na Mumhan mar bhaile don teaghlach de Valera. Ghlac Harry Boland páirt i gCogadh na Saoirse agus bhí sé ina chónaí i mBaile Phib freisin. Nuair a bhí James Joyce óg, bhí sé féin agus a theaghlach ina gcónaí ag 7 Bóthar Pheadair.[1]

Eaglais Naomh Peadar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 17ú haois, bhí Baile Phib mar bhaile do go leor daoine a bhí ina gcónaí i mbochtaineacht. Sa a lán cásanna bhí a dtithe ina botháin láibe agus bhí leibhéil an ghalair agus na coireachta ard. I rith an 17ú haois, tháinig imní chun cinn maidir le riachtanais oideachais na bpáistí sa cheantar.[3] Mar thoradh air sin, bunaíodh coiste agus tógadh scoil (suíomh an tséipéil faoi láthair) agus osclaíodh é i Meán Fómhair 1862. Baineadh an dara hurlár den seanfhoirgneamh scoile agus méadaíodh fad an fhoirgnimh. Ina dhiaidh sin, aithníodh é mar eaglais.Bhí an scoil ag freastal ar an bpobal go dtí 1891, nuair a aistríodh go foirgneamh nua é ar Bhóthar Phádraig. Le roinnt blianta anuas rinneadh go leor athruithe agus breisithe leis an eaglais.

Áiteanna tábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharlann Bhaile Phib[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharlann Bhaile Phib

Thug Bardas Bhaile Átha Cliath £ 20,000 chun leabharlanna nua a thógáil ar fud bruachbhailte Bhaile Átha Cliath sna 1930 idí. Bhí fonn ann dearadh simplí a bheith cosúil le leabharlanna uirbeacha i Sasana.[4] Laistigh de 2 bhliain, ba í an leabharlann an leabharlann ba ghnóthaí i mBaile Átha Cliath ag eisiúint 800 leabhar in aghaidh an lae agus 1,500 ar an Satharn agus ar an Domhnach. Osclaíodh an leabharlann i mí na Nollag 1935 ar chostas iomlán de £4,900.[5]

Muilte Pháirc an tSeandúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chanáil Ríoga
Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

Tógadh na muilte i 1800 agus fuair Midland Great Western Railway iad i 1848. Baineadh úsáid as an bhfoirgneamh chun adhmad a stóráil go dtí 1885. Ar an 7ú Bealtaine 1943, chuaigh an muileann ar tine. Athchóiríodh an muileann agus d'fhill sé ar tháirgeadh i 1928 agus d'fhostaigh sé 8 duine. I 1980, méadaíodh an líon go 14 fostaí. I 1979, mar gheall ar allmhairí plúir saor, athraíodh an táirgeadh go piobar agus ar spíosraí.[4]

An Chanáil Ríoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann an chanáil ríoga trí mBaile Phib ar an mbealach go dtí Muir Éireann. D'fhoghlaim go leor páistí conas snámh sa chanáil ríoga agus chuir siad go leor uaireanta siamsaíochta ar fáil. Sa lá atá inniu ann, tá go leor créatúir mhara sa chanáil agus tá meas uirthi mar thaitneamhacht. Cuireadh tús le hobair ar an chanáil i 1790 agus faoi 1806 shroich sé an Muileann gCearr. Faoin am ar shroich an chanáil Cill Choca (20 míle ó Bhaile Átha Cliath) caitheadh ​​£200,000.[4] Bhí an chanáil an-tábhachtach le linn blianta an chogaidh (1939-1945) agus bhí ganntanas breosla ann agus chuir an chanáil ar chumas móin a iompar ó Lár na Tíre go Baile Átha Cliath. In 1961 dhún an chanáil go loingseoireacht.

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh na tailte go hoifigiúil an 7 Meán Fómhair 1901, nuair a sheinn Cumann Peile Bóithéamaigh agus Shelbourne.[6] Rinneadh dul chun cinn suntasach laistigh de chúpla bliain agus reáchtáil Cumann Peile na hÉireann Cluiche Ceannais Chlub 1903 i bPáirc Cnocán Uí Dhálaigh. Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta idir Éire agus Albain i 1904. Rinneadh go leor athruithe agus feabhsuithe thar na blianta. Ba é an fhorbairt ba shuntasaí le blianta beaga anuas ná an córas tuilsoilsithe a shuiteáil i Márta 1962. Mar gheall ar an easpa cistí i 1970 ní raibh an club in ann uasghrádú a dhéanamh. Ba é Staidiam Aviva ar Bhóthar Lansdún an staidiam nua do sacar na hÉireann. Le linn na 1970 idí agus na 1980 idí ba é an staidiam an t-ionad do cheolchoirmeacha rac-cheol (cosuil le Bob Marley agus Bob Geldof).[4]


Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ullmhaíodh Dréachtphlean Ceantair Áitiúil (PCÁ) nua do Phibsborough faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000[7]. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ionad siopadóireachta Páirc Cnocán Uí Dhálaigh[8] agus Bhaile Phib a athfhorbairt. I measc na bpleananna, tá athchóiriú ar an dá shuíomh agus freisin staidiam nua (6,000 suíochán) agus leabharlann. Beidh trí huaire níos mó spáis miondíola ag an ionad siopadóireachta nua agus soláthróidh sé cóiríocht do 340 mac léinn. Tá an obair le críochnú in 2022.[9]

Luas Traschathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis an luas traschathrach a thógáil i mí an Mheithimh 2013 agus osclaíodh go hoifigiúil é ón 9 Nollaig 2017. Trasnaíonn an líne an Life trí thrasnú thar Dhroichead Rósie Haicéid. Is síneadh leis an líne ghlas atá sa Luas Traschathrach a ritheann ó Fhaiche Stiapáin agus a ritheann anois go stáisiún traenach Dhroichead Broome.[10]


Iompar poiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luas Traschathrach

Bealaí bus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann go leor bealaí bus trí Phibsboro cosúil le 4, 9, 38, 38a, 38b, 38d, 39n, 46a, 83, 83a, 120, 122, 140 agus 155. Iompraíonn na bealaí seo paisinéirí chuig bruachbhailte na cathrach (ó thuaidh agus ó dheas) agus isteach i lár na cathrach.

Luas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freastalaíonn an Luas ar cheantar Bhaile Phib freisin. Tá líne Luas suite ar sheanlíne iarnróid Lár Tíre agus an Mheán-Iarthair. Tá stadanna ar an líne ag Baile Phib agus ag an gCloch Leathan.[11] Tá stad Bhaile Phib suite idir an Cuarbhóthar Thuaidh agus Bóthar na Cabraí augus tá stad na Cloiche Leithne suite ag Sráid Prebend agus ag Bealach an Iarthair. Freastalaíonn na stadanna seo ar an bpobal cónaitheach agus áiseanna eile.

Ceol agus na hEalaíona[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phizz fest[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla 'Phizzfest' ón 9ú - 12ú Meán Fómhair 2010 agus ba é an chéad fhéile ealaíon pobail i mBaile Phib. Bhí an fhéile i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh é chun an saol ealaíne a cheiliúradh thart ar Bhaile Phib. Léirigh sé freisin éagsúlacht an chultúir sa phobal agus taispeánann sé tallann sa cheantar.[12]

Uair amháin, bhí dhá phictiúrlann suite gar dá chéile i mBaile Phib, Amharclann Phictiúr Bohemian (1914-1974) ag 154/4 Bóthar Bhaile Phib agus Teach Pictiúr Bhaile Phib ag 376 Bóthar Ciorclach Thuaidh (anois Des Kelly's). D'oscail Teach Pictiúr Phibsborough i mBealtaine 1914. Laistigh de mhí tar éis dó a bheith oscailte, thosaigh círéib le linn scagadh ar 'In Shadow the Theatre'. Gabhadh roinnt fir agus bhí daoine eile sa chúirt agus gearradh scilling orthu. Leagadh an phictiúrlann i 1953 ach athosclaíodh é mar 'Cinema an Stáit' i mí Aibreáin 1954. Taispeánadh an scannán deireanach an 19 Meitheamh 1974. Fuair ​'​Des Kelly' an foirgneamh i 1982 agus d'fheidhmigh sé mar rinc scátáil oighir go dtí 1987.[4]

References[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Phibsborough" (in en) (2019-11-23). Wikipedia. 
  2. "Phibsboro Shopping Centre, Phibsboro, Dublin 7 | Built Dublin" (en-US). Dáta rochtana: 2019-12-01.
  3. "St Peter's Church" (en-GB). St Peter's Church. Dáta rochtana: 2019-11-29.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Neary, Bernard, 1950- author.. "Dublin 7". OCLC 958097678. 
  5. FUSIO. "Phibsborough Library, Dublin City" (en-GB). Buildings of Ireland. Dáta rochtana: 2019-12-01.
  6. "Bohemian FC | Dalymount Park | Football Ground Guide". www.footballgroundguide.com. Dáta rochtana: 2019-12-01.
  7. "Draft Phibsborough LAP 2015 | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Dáta rochtana: 2019-11-30.
  8. "Bohemian FC | Dalymount Park | Football Ground Guide". www.footballgroundguide.com. Dáta rochtana: 2019-12-01.
  9. "Dublin Uncovered: Phibsboro". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2019-11-29.
  10. "Green light given to Luas link-up, first passengers 2017 - RTÉ News". web.archive.org (2012-08-05). Dáta rochtana: 2019-12-01.
  11. "Luas | Phibsborough". www.luas.ie. Dáta rochtana: 2019-12-01.
  12. "Phizzfest" (en). Phizzfest. Dáta rochtana: 2019-11-30.