An Chanáil Ríoga
An Chanáil Ríoga | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Cathair mhór | Baile Átha Cliath | |||
Tíreolaíocht | ||||
Tomhas | 140 km default () | |||
Sonraí stairiúla | ||||
1790 1817 |
Is canáil 145km suite idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus An Longfort í an Chanáil Ríoga. Tógadh é idir 1790 agus 1817. Tá sé loc canála is daichead ag an gcanáil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Thomas Williams agus John Cooley suirbhé sa bhliain 1755. Bhí sé ar intinn acu slí oiriúnach le haghaidh uiscebhealach saorga a bhunú ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Longfort. Ar dtús, bheartaigh siad sraith abhainn agus lochanna a úsáid, An Bhóinn, Abhainn Dubh, An Daoil, Abhainn Buí, An Chamlinn, An Eithne agus Loch Dairbhreach san áireamh. Bhí stiúrthóir comhlachta míshásta ag iarraidh canáil a thogadh ó Bhaile Átha Cliath go dtí Tearmann Bearaigh, ar an tSionainn. Mhair an tógáil ar feadh 27 bliain. Chosain sé £1,421,954 in iomlán, rud nach rabhthas ag dúil leis. Bhí fadhbanna ag an tionscadal ; d'imigh Comhlacht an Chanáil Ríoga bancbhriste sa bhliain 1794. D'éiligh Diúc Laighean go bhféadfadh siad an canáil a thógáil trí Mhaigh Nuad. Chuaigh na tógálaithe ar mhalairt slí agus cruthaíodh "suncáil domhain" idir Baile Bhlainséir agus Cluain Saileach. Ina theannta sin, tógadh an Uiscerian Abhainn na Rí, i Léim an Bhradáin.
Faoi na 1830í, d'iompair an canáil 80,000 tonna lastais agus 40,000 paisinéirí in aghaidh na bliana.
Chaomhnaigh 8 ngníomhaireacht i ndiaidh a chéile an canáil ar feadh níos mó ná 200 bliain.
Shiúil William Rowan Hamilton cois na canála lena bhean chéile sa bhliain 1843. Fhorbair sé foirmle mhatamaitice le haghaidh Ceathairnín, agus ghrean sé an chéad smaoineamh a bhí aige i gcloch. Tharlaigh sé sin ag Droichead Broome. Nocht Éamonn de Valera plaic chuimhneacháin ina onóir sa bhliain 1958. Eagraíonn siúlóid Hamilton gach bliain ó 1989 ar aghaidh.
Bhí borradh beag sa chanáil, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda ar siúl. Tháinig na capaill agus báirsí ar ais chuig an gcanáil. Tháinig CIÉ i gceannas ar an gcanáil sa bhliain 1944. Mhéadaigh trácht ar bhóithre agus trácht iarnróid. Mar sin, chuaigh an canáil as feidhm. Sa bhliain 1974, chruthaigh oibrithe deonacha ón gCumann Uiscebhealaigh Intíre na hÉireann an Grúpa Taitneamhachta na Canálach Ríoga an canáil a shábháil. Tháinig Uiscebhealaí Éireann i gceannas ar an gcanáil sa bhliain 2000. Athosclaíodh an canáil sa bhliain 2010.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |