William Rowan Hamilton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Rowan Hamilton
William Rowan Hamilton painting.jpg
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 4 Lúnasa 1805
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 2 Meán Fómhair 1865
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm
Muintir
AthairArchibald Rowan-Hamilton
Céile/CéilíHelen Maria Bayly (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Westminster
Ollscoil Átha Cliath
Leibhéal oideachaisBaitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Teangachaan Béarla
MúinteoiríJohn Brinkley
Gairm
Gairmmatamaiticeoir, fisiceoir, réalteolaí, acadóir, múinteoir ollscoile agus fisiceoir teoiriciúil
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiZerah Colburn
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Acadamh Eolaíochtaí Saint Petersburg
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Ríoga na hÉireann
Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Accademia delle Scienze di Torino
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas

Ba mhatamaiticeoir, fisiceor agus réalteolaí Éireannach é Sir William Rowan Hamilton (4 Lúnasa, 18052 Meán Fómhair, 1865). Rinne sé saothar i bhfisic theoiriciúil maidir le hoptaic is meicnic, agus sa mhatamaitic. Chuir Hamilton go mór le forbairt na hoptaice, na dinimice agus an ailgéabair. Réamhinis sé athraonadh solais i gcriostail, rud a dhearbhaigh turgnaimh níos déanaí. Baintear feidhm as graif Hamilton sa mhatamaitic scoite nua-aoiseach, go hiondúil. Ceapadh ar an gcéad fho-bhall d'Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Mheiriceá i 1863, mar an eolaí beo ba mhó. Bhí sé ina cheannasaí i Réadlann Dhún Since ar feadh tamaill[1].

Is é fionnachtain an cheathairnín a thug clú agus cáil dó. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa 19ú-20ú céad, sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann AoB is BoA, ina seasann "o" don oibriú.

Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathaimíon[2]. Baintear feidhm as matamaitic thacar veicteoirí a bhfuil uimhreacha sarnhailteacha iontu inniu i ngrafaicí tríthoiseacha i ríomhairí is córais stiúrtha spásárthach.

Níos déanaí chuir an obair a rinne Hamilton le dinimic go mór le forbairt na Meicnice Candamaí, réimse ina a bhfuil an coincheap bunúsach Hamiltonian ainmnithe in ómós dó.

Dúradh gur thaispeáin Hamilton a thallann agus a chlisteacht nuair a bhí sé an-óg. Dúirt an réalteolaí Ardeaspaig Dr. John Brinkley sa bhliain 1823 faoi Hamilton a bhí 18 bliain d'aois:

"Ní deirim go mbeidh an fear óg seo, ach go bhfuil sé, an céad matamaiticeoir den aois seo"

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p334
  2. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p18

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]