Turgnamh
Úsáideann daoine turgnaimh (Laidin: experimentum) an t-am ar fad, bíodh siad ag tástáil éifeachta drugaí, nó ag iarraidh rud éigin nua a chócaireacht. Baintear úsáid as an modh eolaíoch mar iarracht chun a chinntiú go bhfoghlaimítear an oiread agus is féidir as na trialacha seo, ós rud é go mbíonn a lán dúshlán bainteach le turgnamh maith a thabhairt i gcríoch.
Go foirmiúil, is í an chéad chéim í turgnaimh a chur i ngníomh chun chuidiú le daoine teacht ar chinneadh idir dhá mhíniúcháin iomaíocha - nó hipitéisí. Ceaptar na hipitéisí de ghnáth chun ceist a fhreagairt (mar shampla, cén fáth a thagann aois choirp?) nó chun fadhb a réiteach (mar shampla, conas a d'fhéadfadh mise bheith níos sonasaí?).
Is éard atá sa mhodh turgnamhach ná tástáil arís agus arís eile chun bailíocht hipitéise a mheas, trí sonraí nua cáilíochtúla ná cainníochtúla a fháil, a bhíonn i gcomhréir nó a mhalairt leis an hipitéis. Muna n-aontaíonn an hipoteis le torthaí na dturgnamh nua, chaitear ar leathtaobh í agus ní mór hipitéis eile a cheapadh.