Réalteolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réalteolaíocht na Gealaí: an cráitéar mór Daedalas, grianghraf a thóg criú Apollo 11 agus iad ag dul timpeall ar an ngealach sa bhliain 1969. Tá Daedalas i lár an taoibh den ghealach nach bhfuil le feiceáil ón domhan agus a thrastomhas thart ar 93 ciliméadar (58 míle).

Is éard atá i gceist leis an réalteolaíochttaighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na réaltaí, na pláinéid, na cóiméid, agus na réaltraí, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an meitéareolaíocht agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne.

Tá an réalteolaíocht ar ceann de na heolaíochtaí is sine atá ann. Is dócha go raibh an duine réamhstairiúil féin i dtuilleamaí na réaltaí leis na treoracha a aimsiú agus é ag fánaíocht san fhásach nó ag seoltóireacht amuigh ar an teiscinn mhór. Bhí lucht réalteolaíochta éigin ag na cultúir is sine dá bhfuil aithne againn orthu, agus breathnuithe spéire idir lámhaibh acu go tráthrialta, ach tháinig na seandálaithe trasna ar ghléasra réalteolaíochta is sine ná na cultúir sin féin.

Ón taobh eile de, níor tháinig an réalteolaíocht i gcrann mar bhrainse nua-aimseartha eolaíochta sular tógadh an chéad teileascóp. Is féidir a rá gur craobhacha stairiúla réalteolaíochta iad an réaltmhéadracht, an loingseoireacht réaltach, an réalteolaíocht bhreathnaitheach, an fhéilireacht agus an astralaíocht féin, ach inniu, is gnách a shíleadh gurb ionann an réalteolaíocht nua-aimseartha agus an réaltfhisic.

I rith na fichiú haoise, scoilt an réalteolaíocht ina dhá brainse, mar atá, an réalteolaíocht bhreathnaitheach agus an réalteolaíocht theoiriciúil.

  • Is é an rud a bhíonn idir lámhaibh ag na réalteolaithe breathnaitheacha ná bailiú na sonraí agus a n-anailísiú de réir bhunphrionsabail na fisice.
  • Maidir leis an réalteolaíocht theoiriciúil, díríonn sí ar fhorbairt na samhlacha eolaíocha - samhlacha ríomhbhunaithe nó ríomhchruthaithe iad go minic - le himeachtaí na spéire agus an spáis a mhíniú is a chiallú.
réaltaí in Cygnus X

Tá an dá chineál réalteolaíochta ag cur le chéile go minic, ó bhíonn teoiricí de dhíth leis na breathnuithe a mhíniú, agus breathnóireacht ag teastáil leis na teoiricí a dheimhniú is a fhíorú.

Ceann den bheagán eolaíochtaí í an réalteolaíocht a bhaineann leas suntasach as obair na n-amaitéarach. Tá spéir na réaltaí fairsing go maith, agus ní féidir leis na réadlanna súil a choinneáil ar gach aon réalta ná ar gach aon chearn den spéir. Mar sin, is minic a thagann breathnuithe na réalteolaithe amaitéaracha isteach áisiúil ag an réalteolaí proifisiúnta, má tá rud éigin as an ngnáth tugtha faoi deara acu.

Ní mór an réalteolaíocht a aithint thar an astralaíocht. Ní eolaíocht í an astralaíocht ach córas creidimh a ghlacann leis go bhfuil tionchar ag na reanna neimhe ar shaol na ndaoine.

Dún Sinche

An Téarma Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an focal Gaeilge réalteolaíocht bunaithe ar "réalta" ("réalt" an leagan a úsáidtear i gcanúintí áirithe, "reult" an seanlitriú) agus ar "eolaíocht". Ina lán teangacha eile, ar nós an Bhéarla agus na Gearmáinise, baintear úsáid as an téarma astronomy, Astronomie agus araile, a fuarthas ón nGréigis ἄστρον ("réalta") agus νόμος ("dlí" nó "cultúr") agus a chiallaíonn "dlí na réaltaí", is é sin, na dlíthe nádúrtha a stiúrann na réaltaí agus a ngluaiseachtaí ar an spéir.

Maidir leis an téarma "réaltfhisic", is í an difríocht idir an réaltfhisic agus an réalteolaíocht, de réir an fhoclóra, ná go bhfuil an réalteolaíocht ag plé leis na réada taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, agus go bhfuil an réaltfhisic ag déanamh taighde ar iompraíocht agus ar thréithe fisiceacha na réad réalteolaíoch agus ar na próiseanna dinimiciúla a mbíonn na réada sin páirteach iontu.

Inniu, áfach, is beag réalteolaí nach dtéann i dtuilleamaí na fisice agus na matamaitice le feiniméin na spéire a chiallú is a mhíniú, agus mar sin, bheadh sé chomh maith againn réaltfhisic a thabhairt ar gach sórt réalteolaíochta proifisiúnta a chleachtar inniu. Sna hollscoileanna, bíonn sé ag brath ar chúiseanna stairiúla go minic, cé acu a thugtar institiúid na réaltfhisice nó institiúid na réalteolaíochta ar an institiúid ina ndéantar taighde ar cheisteanna réalteolaíochta. Thairis sin, is minic a bhain réalteolaí proifisiúnta céim amach san fhisic ar dtús, ionas nach ndeachaigh sé leis an réalteolaíocht ach ina dhiaidh sin. Astronomy and Astrophysics is teideal do cheann de na hirisleabhair is tábhachtaí ina bhfoilsítear torthaí taighde réalteolaíochta.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brú na Bóinne

Ar dtús, ní raibh i gceist leis an réalteolaíocht ach na daoine a bheith ag baint lán a súl as na réaltaí agus ag iarraidh eolas éigin a chur i dtoll le chéile fúthu ar an dóigh seo. Tógadh struchtúir anseo agus ansiúd a raibh baint éigin acu leis an réalteolaíocht agus leis an bhféilireacht, mar a chreidtear inniu. Is dócha, mar shampla, go mbaintí úsáid as Stonehenge le céim éigin a choinneáil le himeacht an ama agus leis an lá ceart a aithint leis na síolta a chur nó leis na barraí a bhaint.

Roimh theacht an teileascóip, ní raibh sé indéanta na réaltaí a bhreathnú ach, abair, ó uachtar na dtithe arda nó ó mhullach an tsléibhe. De réir is mar a chuaigh an cine daonna chun sibhialtachta in áiteanna, thosaigh na daoine ag tógáil réadlanna réalteolaíochta, agus iad ag déanamh taighde ar imeachtaí na spéire agus ag forbairt teoiricí faoin déanamh atá ar an ollchruinne. An chuid ba mhó den réalteolaíocht mhoch seo, bhí sí dírithe ar an spéir a mhapáil agus suíomh gach réalta nó pláinéad a chur i míotar - obair ar a dtugtar réaltmhéadracht inniu.

grianstad i mBrú na Bóinne

Ba as na breathnuithe seo a fáisceadh an chéad tuiscint ar an nGrianchóras agus ar ghluaiseachtaí na bpláinéad, agus rinne na fealsúna a marana ar na breathnuithe seo le teoiricí dá gcuid féin a chumadh. Go ginearálta, rinne siad talamh slán de gurbh é an Domhan a bhí i lárphointe na hollchruinne, agus gurbh iad na réaltaí, an Ghrian agus na pláinéid a bhí ag timpeallú an lárphointe seo. Tugtar samhail gheolárnach ar an tuiscint seo ar an ollchruinne.

Roimh lá an teileascóip féin, bhí na réalteolaithe in ann fionnachtana tábhachtacha a dhéanamh. Míle bliain roimh Chríost, d'fhéach na réalteolaithe Síneacha le claonadh aise an domhain (claonadh an éicliptigh) a mheas an chéad uair. Ba iad na Caildéigh ba túisce a d'aithin go n-uraítear an Ghealach go tráthrialta de réir ciogal ar leith (nó sáras, mar a thugtar air).

An Réalteolaíocht Bhreathnaitheach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Radairéalteolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Infridhearg[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Optúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Ultraivialait[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht X-ghathach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Gháma-Ghathach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cineál Réalteolaíochta nach bhfuil Bunaithe ar an Speictream Leictreamhaighnéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Theoiriciúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brainsí Sainiúla na Réalteolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réalteolaíocht na Gréine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réalteolaíocht na bPláinéad[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Réaltach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réalteolaíocht na Réaltraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Eachtar-Réaltrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chosmeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht agus na hEolaíochtaí Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réalteolaíocht Amaitéarach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceisteanna Tábhachtacha sa Réalteolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]