Cóiméad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An cóiméad Hale-Bopp sa bhliian 1997

Séard is cóiméad ann ná coirp beag sa Ghrianchóras a fhithsíonn timpeall na Gréine, fágtha tar éis na hOllphléisce agus comhdhéanta as salachar is oighear den chuid is mó. Uaireanta bíonn eireaball nó/agus atmaisféir (coma) orthu de bharr éifeacht radaíocht na gréine ar núicléas an chóiméid.

Gluaiseann sé i bhfithis thart ar an nGrian, díreach mar a dhéanann na pláinéid, ach amháin gur fithis fhíoréilipseach atá aige ionas nach dtagann sé gar don Domhan ach go hannamh. Athraíonn fithis an chóiméid go rialta agus tagann siad ón ngrianchóras amuigh, uaireanta téann na pláinéad móra i bhfeidhm orthu.

Tagann an focal ón nGréigis komē, a chiallaíonn "gruaig ón cheann". D'úsáid Arastotail an téarma ar dtús le chuir síos ar "réalta le gruaig". Tagann an t-siombail réalteolaíocht (ciorcail le eireaball gruaig) do cóiméad ón míniú seo.

Tá níos mó ná 100,000 milliún de na reanna seo ann, le trastomhais 1-10 km. Tá na cóiméid le tréimhse an-fhada fithise lonnaithe níos faide amach ná Plútón, i réigiún den spás seachtrach ar a dtugtar scamall Oort, mar ar bhailigh an smionagar trí imtharraingt i ndiaidh a gcruthaithe timpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Tá na cóiméid le tréimhse timpeall 200 bliain lonnaithe i méadú inmheánach scamall Oort, a dtugtar crios Kuiper air. Nuair a thagann cóiméad gar don Ghrian, néalaíonn teasradaíocht na Gréine an t-oighear, agus comhdhéanann an ghal seo is deannach an ceann geal (cóma) is an t-eireaball lonrach a fheictear ón Domhan. Nuair a chúlaíonn an cóiméad ón nGrian, bailíonn sé an ghal is an deannach ar ais ina chroíleacán. Scaiptear cóiméid infheicthe amach óna bhfithisí agus isteach sa Ghrianchóras inmheánach uaireanta ag imtharraingt réaltaí is ollscamaill móilíní. Mar shampla, is eol go bhfuil timpeall 50 cóiméad bainteach le hIúpatar, a n-aiféilin (a gcianphointí ón nGrian) gar d'aiféilean Iúpatair agus a bhfithisí athraithe go mór ag imtharraingt Iúpatair. Tá an-spéis ag na réalteolaithe sna cóiméid sin a iniúchadh, mar tá siad comhdhéanta as ábhar céadrata ó bhunús an Ghrianchórais. Idir an dá linn déantar an oiread iniúchta agus is féidir ar na cóiméid a thagann thart. I 1985 theagmhaigh spásárthach, an Taiscéalaí Idirnáisiúnta Cóiméad, le cóiméad Giacobini-Zinner, an chéad teagmháil dá leithéid riamh. I 1986 theagmhaigh armáid bheag spásárthach (Giotto, Vega 1, Vega 2, Sakigake is Suisei) le cóiméad cáiliúil Halley. I 2004 ghabh spásárthach Stardust de chuid NASA cáithníní ó chóiméad Wild 2, agus d'fhill ar Domhan leo i 2006. I 2005 d'iompair spásárthach eile ó NASA, Deep Impact, imbhuailteoir trom 372 kg agus chuir ar chonair an chóiméid Tempel 1 é, ionas gur imbhuail sé le dromchla an chóiméid, rud a chaith suas cleitín mór smionagair oighrigh. Ón staidéar le spásárthaigh is teileascóip, is eol anois go mbíonn croíleacán an ghnáthchóiméid roinnt bheag ciliméadar ar leithead, neamhrialta i gcruth, agus dorcha. Cuimsíonn an deannach sa chóma carbón is sileacáit. Tá fianaise ar mhóilíní orgánacha poiliméaraithe ann. Cuimsíonn na gáis sa chóma aonocsaíd charbóin, dé-ocsaíd charbóin, amóinia, meatán is hidreacarbóin eile. Thairg an réalteolaí Fred Whipple (1906-2004) gur liathróid shalach sneachta a bhí sa chroíleacán, agus dearbhaíodh an tuairimíocht seo go ginearálta. Is féidir go raibh imbhuailtí cóiméad leis an Domhan suntasach i soláthar ábhar so-ghalaithe is orgánach don chomhshaol céadrata. Chomh maith le himbhuailtí astaróideach, is féidir gur chuir imbhuailtí cóiméadacha le díothú speiceas ar Domhan freisin.


athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris