Eris (abhacphláinéad)
![]() | ||||
Cineál |
Abhacphláinéad, astaróideach agus plutoid (en) ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Eapainm |
Eris (en) ![]() | |||
Cuid de | diosca scaipthe | |||
| ||||
Bunaithe ag |
minor-planet moon (en) ![]() | |||
Tréithe | ||||
Toisí |
2,326 (![]() | |||
Stair | ||||
Croineolaíocht | ||||
naming (en) ![]() | ||||
Blian aimsithe | 2003 | |||
|
Abhacphláinéad is ea Eris (nó 136199 Eris, nó 2003 UB313, siombail: )[1] atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréin ná Plútón. Ba é an réad is mó a fionnadh sa ghrianchóras ó nochtadh Neiptiún i 1846. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread.
Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá sé déanta as carraig is oighear, timpeall 3,000km ar trastomhas, níos mó ná Plútón.
Tá sé 3 oiread níos faide amach uainn ná Plútón, i bhfithis ag uillinn chlaonta 44° ó fhithisí na bpláinéad eile. Measann na réalteolaithe gur dócha gur theilg Neiptiún amach é uair éigin ina fhithis chlaonta.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Braitheadh den chéad uair é i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.
Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí
Is féidir gur pláinéad é, an 9ú ceann, le teacht in ionad Phlútóin a dícháilíodh mar phláinéad i 2006.
Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón.
Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.
Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.
Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba ea é an chéad ainm a thug na réalteolaithe ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaí ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi.
Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.
athraigh An Grianchóras |
---|
![]() |
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
![]() |
Is síol a bhaineann leis an Grianchóras é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".