Jump to content

90377 Sedna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sedna)
WD Bosca Sonraí Réad Réalteolaíoch90377 Sedna ⯲
Ainmniú sealadach2003 VB12 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldetached object (en) Aistrigh, réad a d'fhéadfadh bheith ina abhacphláinéad, réad beag an Ghrianchórais, Sednoid (en) Aistrigh, réad tras-Neiptiúnach agus astaróideach
Grúpa mionphláinéidréad tras-Neiptiúnach
FionnachtaíMichael E. Brown[1]
Chad Trujillo[1]
David L. Rabinowitz[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana14 Samhain 2003[2], Réadlann Palomar[2]
EapainmSedna (en) Aistrigh
Réad tuismitheoraan Ghrian
Aois13 Meán Fómhair 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí fithiseacha
 Féach ar an staid reatha
Apaipsis1,006.89415 AU[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis76.36917 AU
(arg (ω): 311.38)[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a484.5211488 AU[4] agus 541.6316601486 AU[2]
Éalárnacht e0.85900164191136[2]
Tréimhse fhithiseach P4,604,203.2853748 d[2]
Meán-Aimhrialtacht M358.13 °
358.52542 °[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Claonadh i11.92864 °
11.92963935787 °[2]
Fad an nóid éirithigh Ω144.55 ° agus 144.29749817454 °[2]
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Dearbhmhéid1.6
1.49[5] Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)21.12[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse rothlaithe10.273 h[7] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.07 (ailbéideacht gheoiméadrach) Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
Aitheantóir JPL20090377 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
« 90376 Kossuth Cuir in eagar ar Wikidata • (90378) 2003 WL23 Cuir in eagar ar Wikidata »

AbhacphláinéadPláinéadóideach mór is ea Sedna (sonrú abhacphláinéad 90377 Sedna; siombail: ⯲)[8] i gcodanna seachtracha an Ghrianchórais atá faoi láthair sa chuid is faide istigh dá fhithis faoi láthair; ó bhí 2021 tá sé 84 aonad réalteolaíoch (1.26 × 1010 km; 0.00041 pc) ón nGrian, beagnach trí huaire níos faide ná Neiptiún. Tugan speictreascópacht le fios go bhfuil comhdhéanamh dromchla Sedna cosúil le comhdhéanamh roinnt réad tras-Neiptiúnacha eile, agus é ina mheascán d'uisce, meatáin agus oighir nítrigine le tholiní den chuid is mó. Tá a dhromchla ar cheann de na cinn is deirgere i measc réad an Chórais Gréine. Laistigh de neamhchinnteachtaí measta, tá Sedna ar cothrom le Ceiréas mar an pláinéadóideach is mó nach eol go bhfuil gealach ann.


Tá Sedna comhdhéanta as carraig agus oighear, de réir chosúlachta. Thiocfá ar a leithéid de réad i measc ghealacha Shatarn, mar sin. Ní satailít de chuid Shatarn í, áfach, ach ceann de chuid na gréine, agus í ar an gceann is rúndiamhraí acu, dar leis na saineolaithe féin.

Fithis

Is í fithis Sedna is cúis le seo, chomh fadaithe agus atá sí. Nó tá an garphointe (an peirihéilean) faoi sé aonad réalteolaíoch déag agus trí scór (76 AU) den ghrian, agus an cianphointe (an t-apaihéilean) suite naoi gcéad agus deich n-aonad réalteolaíoch is ceithre scór (990 AU) uaithi. Ní fhaca na réalteolaithe a leithéid d'fhithis fhadaithe ag aon réad go dtí seo, agus spreag an aimhrialtacht seo iad chun na teoiricí is éadóchúla a fhorbairt.

Tá Sedna ag timpeallú na gréine idir Crios Kuiper agus Scamall Oort. Tá sí rófhada le go bhféadfá a rá gur gnáthréad de chuid Chrios Kuiper í (cosúil le Quaoar, Varuna, agus Ixion). Ón taobh eile de, níl sí chomh fada sin amuigh is go dtiocfadh leat í a aicmiú mar réad de chuid Scamall Oort. Mar sin, ó thángthas trasna ar Sedna an chéad uair, b'éigean athbhreithiúnas a thabhairt ar na seanteoiricí faoi Scamall Oort.

Fithis

Is í an teoiric is spéisiúla ná gur tháinig Sedna ó ghrianchóras eile. Is é sin, nuair nach raibh an grianchóras seo againn ach nuachruthaithe, agus an ghrian suite istigh sa réaltbhraisle inar fhorbair sí an chéad uair, bhí sí chomh gar do réalta éigin eile is go raibh Scamall Oort ag cuimilt le scamall den chineál chéanna thart ar an réalta eile sin.

Mar sin, cuireadh struchtúr bunúsach an dá scamall trí chéile, agus fágadh Sedna ar a fithis i ndiaidh na teagmhála. Míníonn an teoiric seo cén fáth a bhfuil a leithéid d'fhithis ag Sedna, ach ní mhíníonn sí cén fáth a bhfuil Scamall Oort fágtha ina sheanáit. Nó shílfeá go mbeadh an scamall féin ina phraiseach uafásach i ndiaidh a leithéid d'imeachtaí suntasacha.

Braitheadh Sedna den chéad uair i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.

Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí

  1. 1.0 1.1 1.2 Ráite i: Minor Planet Center Database.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 12 Eanáir 2024. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Q4026990" defined multiple times with different content
  3. 3.0 3.1 3.2 JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 28 Feabhra 2024.
  4. URL tagartha: https://www.minorplanetcenter.net/db_search/show_object?object_id=90377.
  5. JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 4 Samhain 2024.
  6. URL tagartha: http://hamilton.dm.unipi.it/astdys/index.php?pc=1.1.3.0&n=Sedna. URL Cartlann: https://web.archive.org/web/20110629202403/http://hamilton.dm.unipi.it/astdys/index.php?pc=1.1.3.0&n=Sedna. Dáta a cartlannaíodh: 29 Meitheamh 2011.
  7. JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 12 Eanáir 2024.
  8. U+2BF2 ⯲. David Faulks (2016) 'Eris and Sedna Symbols,' L2/16-173R, Unicode Technical Committee Document Register.