Astaróideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
216433 Milianleo

Séard atá i gceist le hastaróideach ná rinn carraigeach, nó rinn spéire soladach, cosúil le dreigeoideach mór, beag i gcomparáid le pláinéad, atá i bhfithis timpeall na Gréine[1].

Bíonn siad níos lú ná na pláinéid, ach bíonn siad níos lú ná na dreigeoidigh. Is iomaí astaróideach atá ann sa chóras gréine.

Luíonn cuid mhaith díobh sa chrios astaróideach idir fithisí Marsa is Iúpatair. Tá an chuid is mó díobh suite i gcrios na n-astaróideach, réigiún idir fithis Mharsa agus fithis Iúpatair. Is é Ceres (trastomhas 950km) an ceann is mó sa chóras gréine seo.

Téarmaíocht.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaireanta tugtar mionphláinéad ar astaróideach.

Aicmiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Astaróideach

Rangaítear na hastaróidigh de réir a ndathanna infheicthe is infridhearga i gcomparáid le cineálacha dreigítí.

Comhshuíomh. Is

  • as sileacáití cuid de na hastaróidigh (S-chineál),
  • as cóimhiotail de nicil is iarann a thuilleadh (M-chineál), agus
  • cumasc éigin carbóin cosúil le tarra a thuilleadh fós díobh (Cchineál).

Minicíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na céadta míle díobh ann, ach is lú a mais iomlán ná mais an Domhain.

Asteroids sml.gif

A dtrastomhais sa raon timpeall 1,000km timpeall 1km.

Tá fithisí timpeall 10,000 díobh ar eolas, ach meastar go bhfuil níos mó ná 100,000 díobh ann.

Is fíorastaróidigh cuid acu seo ar a laghad, dreigítí atá mór a ndóthain chun go n-imbhuailfeadh siad cuid de dhromchla an Domhain dá dtiocfadh an treo seo.

Más den C-chineál é nó má bhíonn sé beag, téann sé de bharr frithchuimilte san atmaisféar, galaítear is/nó dóitear go hiomlán é. Bíonn a chonair solais le feiceáil, a dtugtar dreige uirthi.

2008 TC3

Má bhíonn sé níos mó doichte fós, téann is pléascann sé roimh an talamh a shroichint agus ní fhágann aon rian ar an talamh.

Tá eolas ar 150 astaróideach den mhéid seo a thrasnaíonn fithis an Domhain. Meastar gur féidir go bhfuil 1,000 - 4,000 díobh ann.

Tá an-chuid cuas astaróideach ar dhromchla na Gealaí: de bhrí nach bhfuil aon atmaisféar ansin, tagann gach astaróideach isteach chun imbhualadh leis an dromchla, dá laghad é.

(3169) Ostro

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más astaróideach níos mó fós é, is féidir go mbeidh an pléascadh thuas san atmaisféar chomh cumhachtach sin go ndéanfar a lán damáiste ar an talamh.

Sa bliain 1908 tharla a leithéid i réimse iargúlta den tSibéir ar a dtugtar Tunguska. Leacaíodh cúpla céad km2 den fhoraois agus adhnadh dóiteáin thar achar níos mó fós ag pléasc a mheastar a bheith ar cóimhéid le 20 R-bhuama.

Contúirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cinnte go mbuaileann astaróideach beag le hatmaisféar an Domhain ar luas an-mhór ó am go chéile. Má bhíonn an t-astaróideach níos mó arís (fiorastaróideach) maireann cuid mhaith de tríd an téamh pléascach agus imbhuaileann an talamh chun cuas a dhéanamh agus deannach is eile a chaitheamh suas san atmaisféar.

Astaróideach "Cruithne" - fithis

Meastar go ndéanfadh ceann ar mhéid 10m cuas a bheadh timpeall 100rn ar leithead is 30m ar doimhneacht. Ní tharlaíonn sé seo ach uair gach cúpla míle bliain, ach mar sin féin, tá suas is anuas le 130 cuas imbhuailte ar eolas ar fud an Domhain.

Dá mbuailfeadh an t-astaróideach an fharraige, chruthódh sé tonnta 100km ar airde a dhéanfadh léirscrios ar chóstaí na n-ilchríoch mórthimpeall.

Dá mbeadh trastomhas níos mó ná roinnt ciliméadar ag an astaróideach a bhuailfeadh an Domhan, meastar go gcuirfí an oiread deannaigh a theilgfí san atmaisféar leis an imbhualadh isteach ar aeráid an Domhain ar feadh blianta.

ARM-opt-800-20150325

Creideann eolaithe áirithe gur tharla a leithéid seo timpeall 65 milliún bliain ó shin i Muir Chairib agus gur dhíothaigh an t-athrú aeráide dá bharr na dineasáir is timpeall 70% de gach neach beo ar Domhan.

Dá dtarlódh a leithéid anois, ag brath ar mhéid an astaróidigh is cumhacht an imbhuailte dá réir, d'fhuarófaí an Dornhan leis an mbrat tiubh deannaigh san atmaisféar, theipfeadh barra, agus gheobhadh na billiún duine bás den ghorta.

216 Kleopatra

Cosaint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réalteolaithe ann a cheapann gur leor an priacal go n-imbhuailfi an Domhan amach anseo gur chóir réamhchúraimí a ghlacadh: faire astaróideach a bhunú chun a bheith in ann aon astaróideach imbhuailte a bhrath amuigh sa spás agus diúracáin nó spásárthaigh a theilgean chuige chun é a athdhíriú le buamaí chun nach mbuailfeadh sé leis an Dornhan.

Chuaigh spásárthach, an NEAR Shoernaker, i dtír ar an astaróideach Earós (atá 32km ar trastomhas) i 2001 , an chéad uair a rinneadh a leithéid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhionn Giuseppe Piazzi (1746-1826) an chéad astaróideach, Ceres, le trastomhas 940 km is tréimhse fithise 4.6 bliain, sa bhliain 1801.

Eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceiliúrtar ar an 30 Meitheamh gach bliain "Lá Idirnáisiúnta na n-Astaróideach"

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)


Réalteolaíocht
Is síol a bhaineann leis astaróideach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



Réalteolaíocht
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.