Fithis an Domhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Timpeallaíonn an Domhan an Ghrian ag meánfhad timpeall 150 milliún km. Dá mbeadh an Domhan 1,500 km níos gaire don Ghrian, bheadh sé chomh te sin go bhfiuchfaí an t-uisce uile air. Dá mbeadh sé 1,500 km níos faide amach, reófaí an t-uisce uile. Mar sin, ní bheadh mórán beatha aithnidiúla ar Domhan dá mbeadh sé 0.1% níos gaire don Ghrian nó 0.1% níos faide amach. Cinneann rothlú an Domhain ar a ais gach 24 uair timthriall lá/oíche an Domhain. Ach tá uillinn claonta idir an ais seo is plána na fithise, agus le linn ár samhraidh bíonn an leathchruinne thuaidh claonta i dtreo na Gréine, ag fáil níos mó de sholas is teasradaíocht na Gréine ná an leathchruinne theas. Mar sin, bíonn an samhradh againne is an geimhreadh ag an leathchruinne theas. Is mar seo a tharlaíonn na hathruithe séasúracha san aeráid. Is é rothlú an Domhain, chomh maith le fithis na Gealaí thart air gach 28 lá, a chinneann crutha na Gealaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fithis an Domhain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.