Ceres (abhacphlainéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ceres

Abhacphláinéad is ea Ceres, nó 1 Ceres, mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na gréine laistigh den phríomhchrios astaróideach, idir Iúpatar agus Mars, agus is í an réad is mó sa chrios sin.

Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ceres 950 ciliméadar ar trastomhas, le tréimhse fithise 4.6 bliain, agus í beagnach sféarúil, murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh. Mar sin, tá Ceres níos cosúla le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach.

Ceres, an domhain agus an ghealach

Tá Ceres beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná Tethys agus Dione, ach níos mó ná Mimas agus Enceladus.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Iodálach Giuseppe Piazzi a chuir an chéad sonrú riamh in Ceres, ar an gcéad lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1801.

Spotaí ar Ceres

Bhí sé ina ábhar díospóireachta ag Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, ar chóir dóibh Ceres agus na réada is mó i gCrios Kuiper a athaicmiú mar phláinéid, ó ghlactaí le Plútón mar phláinéad freisin. Sa deireadh thiar, bhí siad sásta catagóir an abhacphláinéid a bhunú le haghaidh réada "idir eatarthu" mar seo.

athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeresAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]