Véineas (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Véineas

Is í Véineas an dara pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. B'í Véineas bandia an ghrá agus na háilleachta ag na Rómhánaigh (Afradaíté ag na Gréagaigh, Ishtar na Babalóine). Ós í Véineas an plainéad is gile sa spéir, b'eol do dhaoine í a bheith ann ó thús ama. Tugadh Réalt na Maidne agus Réalt an Tráthnóna ar Véineas chomh maith. Níl gealach ar bith aige. Tá an lá níos faide ná an bhliain ann (243 lá de chuid an domhain), agus ós rud é go bhfuil Véineas ag rothlú thar a hais i dtreo chontrártha, feictear an Ghrian ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Tá an pláinéad beagnach ar aon mhéid leis an Domhan agus tá an t-atmaisféar tiubh trom, 90 uair níos dlúithe ná atmaisféar an domhain. Is í dé-ocsaíd an charbóin an gás is flúirsí san atmaisféar, rud a chiallaíonn go bhfuil an iarmhairt ceaptha teasa i bhfad níos láidre ar Véineas ná ar an Domhan. Mar sin, tá an teocht an-ard ar fad ann, os cionn 400 °C. Gleannta míne is mó atá ar an dromchla. Ar ndóigh, tá sé róthe le farraigí ar bith a bheith ann.

Cuireadh an chéad spáslong go Véineas sa bhliain 1962 agus is iomaí árthach eile a cuireadh ann ó shin, an spásárthach Venera 7 de chuid na Rúise, an chéad árthach a thuirling ar phlainéad choimhthíoch, ina measc. Taiscéalaithe gan daoine a bhí iontu ar fad, ar ndóigh. Rachadh sé rite le duine daonna coinníollacha Véineas a sheasamh, fiú dá gcaithfeadh sé culaith spáis.

Tréithe Fisiceacha[athraigh | edit source]

Achoimre[athraigh | edit source]

An Fhithis (aga J2000)[athraigh | edit source]

Meánfhad ón nGrian: 108,208,926 km, nó 0.723 331 99 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise: 680,000,000 km, nó 4.545 aonad réalteolaíoch

Éalárnacht na fithise: 0.006 773 23

Peirihéilean (garphointe don Ghrian): 107,476,002 km, nó 0.718 432 70 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian): 108,941,849 km, nó 0.728 231 28 AU

Tréimhse fhithiseach: 224.700 69 lá (0.615 197 0 bliain)

Tréimhse shionadach 583.92 lá

Meánluas fithiseach 35.020 km/s

Uasmhéid an luais fhithisigh 35.259 km/s

Íosmhéid an luais fhithisigh 34.784 km/s

Claonadh na fithise 3.394 71° (3.86° i gcoibhneas mheánchiorcal na Gréine)

Fad an nóid éirithigh 76.680 69°

Argóint an pheirihéilin 54.852 29°

Níl satailít nádúrtha ar bith ag timpeallú Véineas.

An Pláinéad[athraigh | edit source]

Trastomhas ag an meánchiorcal 12,103.7 km (0.949 i gcomparáid leis an Domhan)

Achar an dromchla 4.60×108 km2 (0.902 i gcomparáid leis an Domhan)

Toirt 9.28×1011 km³ (0.857 i gcomparáid leis an Domhan)

Mais 4.8685×1024 kg (0.815 i gcomparáid leis an Domhan)

Dlús (meán) 5.204 g/cm3

Imtharraingt ag an meánchiorcal 8.87 m/s2 (an tairiseach g méadaithe faoi 0.904)

Treoluas éalaithe 10.36 km/s

Tréimhse rothlaithe −243.0185 lá (seasann an comhartha − do threo an rothlaithe: tá Véineas ag rothlú i dtreo atá contrártha le treo rothlaithe an Domhain)

Luas rothlaithe ag an meánchiorcal 6.52 km/h

Claonadh na haise 2.64°

Ceartairde an Phoil Thuaidh 272.76° (18 n-uaire 11 nóiméad 2 shoicind)

Diallas 67.16°

Ailbéideacht 0.65

Teocht ar an dromchla

íosmhéid 228 K (sna scamaill)

meán 737 K

uasmhéid 773 K

Struchtúr[athraigh | edit source]

Áirítear Véineas ar na pláinéid dhomhanchosúla, rud a chiallaíonn go bhfuil sí déanta as ábhar crua - as cloch agus carraig - cosúil leis an Domhan féin. Mar sin, níl sí cosúil leis na gásfhathaigh (Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Níl sí mórán níos lú ná an Domhan, agus mar sin, is gnách a rá gurb í "leathchúpla" an Domhain. Scéal eile, áfach, go bhfuil atmaisféar trom aici, agus imthoscaí ar a dromchla atá thar a bheith difriúil le himthoscaí an tsaoil ar an Domhan.

Struchtúr Inmheánach[athraigh | edit source]

Níl mórán ar eolas againn ar an déanamh atá ar Véineas taobh istigh. Is féidir glacadh leis go bhfuil screamh, maintlín agus croí aici ar nós na bpláinéad domhanchosúil eile. Táthar ag déanamh go bhfuil an screamh beagáinín níos raimhre ná screamh an Domhain, agus go bhfuil an croí ábhairín níos mó. Is dócha gur cloch leáite - magma - atá istigh ansin, agus go dtagann cleitíní magma tríd an maintlín suas ar an dromchla ó am go ham le bolcáin a chruthú, cosúil leis na bolcáin ar an Domhan.

Geograife[athraigh | edit source]

Machairí míne bolcánacha atá in ochtó faoin gcéad de dhromchla Véineas. (Nuair a deirtear gur machairí "bolcánacha" iad, ní hionann sin agus a rá go mbeidís criathraithe le bolcáin: tagann an téarma sin le fios gurb as laibhe nó magma bolcánach a bhí ag fuarú a múnlaíodh iad i dtús an ama. Tá "farraigí" na Gealaí cosúil leis na machairí seo.) An chuid eile den tír-raon, is "mór-ranna" iad, nó garbhchríocha. Tugtar Ishtar Terra ar an mór-roinn thuaisceartach, agus í ainmnithe as bandia an ghrá i miotaseolaíocht na mBablónach. Tá Ishtar Terra ar aon mhéid leis an Astráil. Tá an sliabh is airde ar Véineas, Maxwell Montes, suite in Ishtar Terra. Tá Maxwell Montes aon chiliméadar déag os cionn meánairde an tír-raoin i Véineas; níl an sliabh is airde ar an Domhan, Sliabh Everest, fiú naoi gciliméadar os cionn meánleibhéal na mara. Tá an "mhór-roinn" dheisceartach, Aphrodite Terra, ar aon mhéid le Meiriceá Theas, agus í níos mó ná Ishtar Terra, mar sin. Tá cuid mhór d'Aphrodite Terra criathraithe le cráitéir agus le héisc.

cráitéir thuinsimh, sléibhte agus gleannta coitianta ar Véineas cosúil le gach pláinéad domhanchosúil, ach thairis sin, is féidir teacht ar thréithe tír-raoin nach bhfeicfeá ar aon phláinéad eile. Ina measc seo, is fiú trácht a dhéanamh ar na rudaí ar a dtugtar farra. Go bunúsach, is "pancóga" cloiche iad, agus iad 20-50 ciliméadar ar trastomhas agus 100-1000 méadar ar raimhre. Is é an bolcánachas a chruthaigh iad. Thairis sin, tá struchtúir de bhristeacha gathacha ann ar a dtugtar novae, agus gréasáin de bhristeacha agus de scoilteacha a chuirfeadh téada damháin alla i gcuimhne duit. Aracnóidigh a thugtar orthu, freisin, ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn "damhán alla". Is é an bolcánachas is cúis leis na struchtúir seo ar fad, agus bíonn cuid mhaith bolcáin ar fáil ar Véineas, chomh maith. Tá 167 mbolcán ar Véineas atá níos mó ná céad ciliméadar ar trastomhas. Is é an t-aon struchtúr bolcánach amháin ar an Domhan atá inchurtha leis na fathaigh seo ná Haváí.

An chuid is mó de na logainmneacha ar Véineas, tagraíonn siad do mhná na staire nó na miotaseolaíochta. Is iad na heisceachtaí is tábhachtaí Maxwell Montes, atá ainmnithe as James Clerk Maxwell, agus an dá réigiún úd Alpha Regio agus Beta Regio. Bronnadh na hainmneacha seo sular tháinig an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta ar an bhfód. Is é an tAontas a choinníonn cuntas ar logainmníocht an spáis inniu.

Geolaíocht an Dromchla[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé gurbh é an bolcánachas a mhúnlaigh cuid mhór de dhromchla Véineas, ach má mhúnlaigh féin, ná síltear go mbeadh bolcánachas gníomhach ar obair go forleathan ar an bpláinéad i gcónaí. Is amhlaidh go bhfuil screamh Véineas i bhfad níos sine ná screamh an Domhain, ós rud é go bhfuil screamh an Domhain á hathchúrsáil gan stad gan staonadh ag an bhfodhuchtú, is é sin, an dóigh a mbíonn na plátaí teicteonacha ag sleamhnú isteach faoina chéile. Mar sin, ní bhíonn an tír-raon a fheicimid ar an Domhan inniu ach céad milliún bliain d'aois, ar meán, ach tá tír-raon Véineas cúig chéad milliún bliain d'aois, mar a mheastar.

Ina dhiaidh sin féin, is féidir go bhfuil bolcánachas beo sa chorráit ar Véineas féin. Nuair a bhí na spástaiscéalaithe Rúiseacha den tsraith úd Venera ag taighde an phláinéid, chuir siad sonrú i splancanna agus i dtóirneach nach raibh inmhínithe mar fheiniméin atmaisféaracha cosúil le splancarnach agus spéirlingí an Domhain. Nó níl báisteach ná fearthainn ar Véineas, agus is í an bháisteach is cúis leis an tóirneach ar an Domhan. Creidtear gurb é an luaithreamhán as na bolcáin is cúis leis na splancanna ar Véineas. Thairis sin, chaill an pláinéad 90 % den dé-ocsaíd shulfair a bhí san atmaisféar idir na blianta 1978 agus 1986, rud a thugann le fios go raibh mórbhrúchtadh bolcáin ann a d'ardaigh an leibhéal roimhe sin a chuir go mór mór le tiúchan na substainte sin.



athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris