Diallas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is diallas ann ná airde (stua) na réalta ón meánchiorcal neamhaí. Is iad an diallas agus an cheartairde (an ceartéirí, an dronairde) comhordanáidí an mheánchiorcail a úsáidtear le suíomh na réalta ar an spéir a shainmhíniú ar bhealach réasúnta do-athraithe. Ní athraítear comhordanáidí meánchiorcail na réalta ar feadh an lae ná na hoíche, ná fiú in imeacht na bliana. Scéal eile ar fad é, ar ndóighe, an tionchar a imríonn an luainíocht, an nútú agus an dualghluaisne orthu.

Dronairde (gorm) agus diallas (glas) mar a fheictear ó thaobh amuigh den sféar neamhaí