Dualghluaisne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is dualghluaisne ann ná gluaiseacht na réalta féin trasna na spéire mar a fheictear dúinn féin í, is é sin, an chuid de ghluaiseacht infheicthe na réalta arb í fíor-ghluaiseacht na réalta is cúis léi. Aithnítear dualghluaisne na réalta ar a comhordanáidí meánchiorclacha, is é sin, ar an gceartairde agus ar an diallas. Má fhágtar gluaiseacht an Domhain féin, chomh maith le gluaiseachtaí ais rothlaithe an Domhain - is é sin, an luainíocht agus an nútú - as an áireamh, gheofar dualghluaisne na réalta. Is iad na réaltaí is mó dualghluaisne ar an spéir ná Réalta Kapteyn agus Réalta Barnard.