Luainíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luainíocht an Domhain.

Is é is luainíocht ann ná an dóigh a bhfuil ais rothlaithe an Domhain ag luainiú i gcoibhneas na spéire in imeacht na gcéadta bliain.

Ais rothlaithe an Domhain...[athraigh | edit source]

Níl ais rothlaithe an Domhain ingearach i gcomparáid le leibhéal an éicliptigh - tá sí ar uillinn trí chéim stua go leith agus fiche (23.5°, nó 23° 30') don ingearán. Is é sin, tá ais an Domhain an oiread sin ar leataobh. Is é an míniú is giorra ar an bhfeiniméan a dtugtar an luainíocht air ná go bhfuil an ais sin an oiread sin ar leataobh agus go bhfaigheann an Ghrian, an Ghealach agus na pláinéid greim - greim imtharraingthe - ar an ais agus iad ag cur na haise féin ag casadh timpeall uair amháin in aghaidh gach cúig mhíle fichead is ocht gcéad bliain (25 800 bliain).

...ag casadh mar a bheadh caiseal ann...[athraigh | edit source]

Luainíocht ghíreascóip.

Leis an luainíocht a dhéanamh níos gléiní, samhlaímis dúinn go bhfuilimid le caiseal a chur ag casadh ar an urlár. Is é is caiseal ann ná cineál bréagán a chuirtear ag casadh timpeall ar a ais, agus é in ann fanacht in aon áit ag rothlú ar feadh tamall fada go maith, ar acht go raibh muid in ann é a choinneáil ina cholgsheasamh cheartingearach nuair a chuir muid ag casadh é. Má bhíonn leataobh air, áfach, tosóidh "pol thuaidh", nó pol thuas, an chaisil ag déanamh bulla báisín, agus é ag tarraingt ciorcal i ndiaidh ciorcail san aer. Ansin, beidh an caiseal féin ag rothlú i bhfad níos luaithe ná mar atá an pol thuas ag dul ar aghaidh ar a chonair chiorclach.

...agus an spéir ag casadh dá réir[athraigh | edit source]

Go bunúsach, sin é an cineál luainíocht atá an Domhan féin a dhéanamh. Agus is é is toradh di ná go bhfuil suíomh na réaltaí ar an sféar neamhai ag athrú go peiriadach, de réir tréimhse tráthrialta. In imeacht na mblianta, tá an dá phointe cónochta (na pointí ina dtrasnaíonn an t-éiclipteach agus an meánchiorcal neamhaí a chéile) ag bogadh siar, agus maidir leis an Réalta Pholach, ní bheidh sí ina Réalta Pholach a thuilleadh, i gceann cupla míle bliain. Bhí an pháirt sin ag réaltaí eile roimhe seo - Kochab, Alderamin agus Thuban, cuir i gcás - agus thart ar an mbliain 4200, beidh Alrai níos cóngaraí don phol ná an Réalta Pholach s'againn féin. Beidh an lá ag Alfirk agus Alderamin ina dhiaidh sin, sa seachtú agus san ochtú mílaois i ndiaidh bhreith Chríost. Thart faoin mbliain 2800 roimh bhreith Chríost, bhí Thuban i bhfad níos cóngaraí do phol thuaidh na spéire ná a bhí ár Réalta Pholach féin riamh. Tabhair faoi deara nach iad na réaltaí féin atá ag gluaiseacht. Is í ais rothlaithe an Domhain atá ag athrú a treo i gcoibhneas leibhéal an éicliptigh, arb ionann é agus leibhéal na fithise atá an Domhan a leanúint timpeall na Gréine.

Cúiseanna na luainíochta[athraigh | edit source]

Is í imtharraingt na Gréine agus na Gealaí is cúis leis an gcuid is mó den luainíocht. Mar sin féin, tá tionchar na bpláinéad intomhaiste nó inchuntaiste fosta. Sin é an fáth gur gnách téarmaí cosúil le luainíocht ghinearálta (sin le rá, iomlán na luainíochta), luainíocht ghealaí is ghréine agus luainíocht phláinéadach a úsáid le codán na reann neimhe éagsúil den luainíocht a léiriú.

An nútú[athraigh | edit source]

Leis an scéal a dhéanamh níos casta ná sin, áfach, bíonn trasnaíocht rithimiúil ag cur isteach ar an luainíocht féin. D'fhéadfá a rá go bhfuil an luainíocht féin ag luainiú. Is amhlaidh go bhfuil nódphointí fithise na Gealaí ag dul timpeall an Domhain uair amháin in aghaidh gach ocht mbliana déag agus seacht míosa (a bheag nó a mhór), rud a chuireann ais an Domhain ag guagadh ar an dá thaobh, beagáinín beag bídeach. Ciallaíonn seo nach bhfuil dhá phol an sféir neamhaí ag déanamh a luainíochta de réir chiorcail chruinn, ach go bhfuil siad ag cur corthaí beaga díobh ar an turas seo - ag luainiú ar an dá thaobh ó líne a luainíochta. Is é an t-ainm atá baiste ag lucht na heolaíochta ar an "ath-luainíocht" seo ná nútú.