An Domhan
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é an Domhan an tríú pláinéad amach ón nGrian sa ghrianchóras, agus an cúigiú ceann is mó. Is é an Domhan an ceann creagach is mó freisin. Tá gealach amháin aige. Is é an t-aon áit amháin in iúil dúinn sa chruinne a bhfuil beatha air. Tógann sé 365.24 laethanta don Domhan dul timpeall na gréine. Meastar gur cruthaíodh an Domhan 4.54 bhilliún bliain ó shin. Is ♁ nó ⊕ é a shiombail.
Tá atmaisféar ar an Domhan a chruthaíonn timpeallacht inar féidir an beatha a chothú. Tá 78% den atmaisféar sin ina nítrigin agus 21% de ina ocsaigin. Tá beagán dé-ocsaíde carbóin (0.03%) ann chomh maith. Bíonn gluaiseachtaí de na gáis seo ann, rud a chruthaíonn an aimsir éagsúil ar an bpláinéad.
De réir Clog Dhaonáirimh an Domhain ag Biúró Dhaonáirimh na Stát Aontaithe, bhí 6,929,000,000 duine ina gcónaí ar an Domhan ar 5 Iúil, 2011.[1] Bhí seacht míle milliún sroichte sa bhliain 2011.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
| athraigh An Grianchóras |
|---|
| An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |