Iúpatar (pláinéad)
Is é Iúpatar[13] an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na pláinéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phláinéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
Chuaigh na spásárthaigh Pioneer lO is 11 agus Voyager 1 is 2 gar dó sna 1970idí, ag glacadh grianghrafanna de.
Chuaigh an spásárthach Galileo i bhfithis timpeall air i 1995 chun an t-atmaisféar a thástáil is a ghealacha a iniúchadh go mion.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is pláinéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún.
- An 5ú pláinéad amach ón nGrian, 5.20 aonad réalteolaíoch (AV) uaithi, an pláinéad is mó sa Ghrianchóras.[14]
- Níos mó ná dhá oiread mhais iomlán na bpláinéad eile, agus atmaisféar de thiús na gcéadta ciliméadar aige.
- As hidrigin (82%) is héiliam (17%) is mó atá sé déanta ( seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia), agus mar sin níl a dhlús ach cothrom ar éigin le V. dhlús an Domhain. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan.
- Rothlaíonn sé go tapa thart ar a ais, ionas nach bhfuil ach 10 n-uair ina lá. Timpeallaíonn sé an Ghrian go mall, ag tógaint 11.9 bliain fithis iomlán a chur de.
- Tá foinse teasa i gcroíleacán Iúpatair, ach astaíonn sé níos mó teasradaíochta ná mar a fhaigheann ón nGrian, agus mar sin, tá sé an-fhuar.
- Tá aghaidh an phláinéid clúdaithe le scamaill, eagraithe ina mbandaí, i mbeilteanna ísle dorcha te (-40°C) agus i gcreasa arda geala fuara, agus teocht bharra na scamall timpeall - 130°C.
- Tá sruthanna is cuilithe sna bandaí agus, ar a laghad, stoirm atmaisféarach fadsaolach amháin a dtugtar an tOllspota Dearg uirthi.[14]
Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.
Struchtúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceann de na gásfhathaigh sa Ghrianchóras é Iúpatar, is é sin, níl ach croí beag solaid ann agus gás nó leacht ina thimpeall. Is é an ceann is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras, nó tá sé 142,984 chiliméadar ar trastomhas ag an meánchiorcal.
Tá Iúpatar 1.326 g/cm³ ar dlús, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar an dara pláinéad is dlúithe de na gásfhathaigh, ach ar ndóigh, tá na pláinéid domhanchosúla (an Domhan, Mearcair, Véineas, agus Mars) níos dlúithe ná Iúpatar.
Tá uachtar an atmaisféir ar Iúpatar comhdhéanta as hidrigin agus héiliam - is í an hidrigin an comhábhar is mó, agus ní sheasann an héiliam ach do 8-12 % den chomhdhéanamh. Nó sin é an céatadán de réir líon na móilíní. Scéal eile é go bhfuil adamh an héiliam níos troime ná móilín na hidrigine.
De réir mhais na n-adamh, tá 75 % hidrigin agus 25 % héiliam ann, a bheag nó a mhór. Ag tuirlingt anuas san atmaisféar dúinn, áfach, gheobhaidh muid romhainn comhdhéanamh is casta ná sin, nó tá dúile níos troime thíos ansin, timpeall ar 5 % den iomlán. Is féidir, mar sin, iarsmaí de chomhdhúile a aithint in íochtar an atmaisféir a bhfuil sileacan, fosfar, carbón, ocsaigin, nítrigin nó dúile eile iontu: meatán CH3CH3, uisce H2O, amóinia NH3, foisfín PH3, agus a lán eile.
Amuigh ar fhorimeall an atmaisféir, arís, aithnítear criostail shioctha amóinia. Thaispeáin na gathanna ultraivialaite agus infridhearga go bhfuil hidreacarbóin sách casta, ar nóis na beinséine, ann chomh maith.
Creidtear go bhfuil comhdhéanamh an atmaisféir ar Iúpatar an-chosúil le réaltnéal na gréine fadó - an réaltnéal as ar fáisceadh na pláinéid in imeacht na milliún bliain. Scéal eile, áfach, go bhfuil an neon i bhfad níos teirce ansin ná sa Ghrian, agus an héiliam féin beagáinín níos gainne.
Gealacha Iúpatair
[cuir in eagar | athraigh foinse]16 ghealach aige, a bhfuil 4 cinn an-mhór agus á n-iniúchadh ag na réalteolaithe.
Is é Callisto an ceann is faide amach, le trastornhas 4,800 km (beagáinín níos lú ná leath thrastornhas an Dornhain), clúdaithe le hoighear ina bhfuil an-chuid cráitéar.[14]
Taobh amuigh de sin, tá trastomhas 5,200 km ag Ganymede, arís clúdaithe le hoighear agus rianta mórthimpeall a dromchla.
Níos faide amach fós, tá Europa le trastomhas 3,100 km, a dhromchla mín ina bhfuil scoilteanna lán d' oighear. Is í Io an 4ú ceann, níos gaire d'Iúpatar ná na cinn eile, le trastornhas 3,700 km (cosúil lenár nGealach), ach ó fhianaise Voyager, níos mó bolcán uirthi de réir achair ná ar aon rinn spéire eile sa Ghrianchóras.[14]
Bhí 92 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh é sa bhliain 2023,[15] ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, tugadh ainm Gaeilge, ‘Damhán Alla’, ag eolaithe ar ghné de ré oighreata Iúpatair. Galileo, spásárthach de chuid NASA, a thug faoi deara ar dtús an ghné de dhromchla Europa a bhfuil cuma damhán alla uirthi. Tagraítear i dtaighde nua don chuma atá ar lochanna reoite an domhain agus maítear go bhféadfadh gur tháinig ann do ‘Dhamhán Alla’ Europa nuair a bhrúcht uisce goirt faoin oighear. D’fhéadfadh, a deirtear, go mbeadh leideanna ansin faoi uisce leachta a bheith faoi dhromchla Europa agus faoin seans go mbeadh beatha ar an ngealach de chuid Iúpatair.[16]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ISBN-10: 0387987460.
- ↑ ISBN-10: 0387987460.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html. Dáta rochtana: 6 Deireadh Fómhair 2010. URL Cartlann: http://www.peeep.us/9725d0ea. Dáta a cartlannaíodh: 16 Deireadh Fómhair 2010.
- 1 2 3 4 5 6 URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- ↑ E. Myles Standish (15 Feabhra 2015). "Keplerian elements for approximate positions of the major planets" (as Béarla).
- 1 2 3 URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
- 1 2 Jürgen Oberst (4 Nollaig 2010). "Report of the IAU Working Group on Cartographic Coordinates and Rotational Elements: 2009" (as Béarla) (2): 101-135. doi:.
- ↑ Ráite i: Regents Exams and Answers: Earth Science--Physical Setting 2020. Leathanach: 419.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html. Dáta rochtana: 3 Márta 2025.
- ↑ URL tagartha: https://science.nasa.gov/jupiter/jupiter-facts/#h-orbit-and-rotation. Dáta rochtana: 3 Feabhra 2026.
- ↑ i mBéarla, planet Jupiter
- 1 2 3 4 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ WION (2025-07-23). "Jupiter Now Has 92 Moons, Surpassing Saturn | WION Podcast".
- ↑ "Ainm Gaeilge tugtha ag eolaithe ar ghné de ghealach oighreata de chuid Iúpatair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-12-02). Dáta rochtana: 2025-12-02.
| athraigh An Grianchóras |
|---|
| An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha) |
