Haváí
| State of Hawaii (en) Mokuʻāina o Hawaiʻi (haw) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Hawaiʻi Ponoʻī (1967) | ||||
| Mana | «Ua Mau ke Ea o ka ʻĀina i ka Pono» | ||||
| Siombail oifigiúil | néné agus Hibiscus brackenridgei | ||||
| Leasainm | The Aloha State | ||||
| Ainmnithe in ómós | Haváí | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Exclave de | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Príomhchathair | Honolúlú | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 1,455,271 (2020) | ||||
| • Dlús | 51.4 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 467,932 (2020) | ||||
| Teanga oifigiúil | Béarla an Haváís | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 28,311 km² | ||||
| • Uisce | 41.25 % | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
| Airde | 925 m | ||||
| Pointe is airde | Mauna Kea (4,207.3 m) | ||||
| Pointe is ísle | an tAigéan Ciúin (0 m) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Territory of Hawaii (en) | ||||
| Cruthú | 21 Lúnasa 1959: cúis leis seo Presidential Proclamation 3309 of August 25, 1959, by Dwight D. Eisenhower admitting the State of Hawaii into the Union. (NAID 299973) (en) | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Haváí | ||||
| Comhlacht reachtach | Reachtas Haváí | ||||
| • Gobharnóir Haváí | Josh Green (2022–) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Haváí | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Cód ISO 3166-2 | US-HI | ||||
| ID GNIS | 1779782 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | portal.ehawaii.gov | ||||
Is stát de chuid na Stát Aontaithe é Haváí (Hawaiʻi as Habháís agus Hawaii as Béarla). Tá an stát suite san Aigéan Ciúin, 2,300 km ar shiúl ón mórthír. Is í Honolúlú an phríomhchathair agus an chathair is mó. Seo iad príomhoileáin Haváí: Hawaiʻi (nó 'Big Island'), Maui, Oahu, Kauai, Molokai, Lanai, Niihau, agus Kahoolawe.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shealbhaigh na Stáit Aontaithe na hoileáin sa 19ú haois.[1] Stát de chuid Mheiriceá is ea Hawaii ó 1959. Ba é Haváí an stát deireanach a glacadh isteach sa tír.[2]

Traidisiúin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dearadh ar leith de sciorta ar a dtugtar 'malo' á chaitheamh ag fir in Haváí leis na cianta.[3]
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 24,042 cainteoir Haváise i Stáit Aontaithe Mheiriceá (Daonáireamh, 2008) agus formhór díobh lonnaithe ar oileáin Haváí. Níl ach 0.1% de dhaonra Haváí ina gcainteoirí dúchais Haváise, áfach, agus an t-oileán Ni’ihau a bhfuil daonra 180 ann, an t-aon oileán as ocht gcinn ina bhfuil an teanga á labhairt ag formhór na ndaoine.[4]
Is é Haváí an t-aon stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM feasta) ina bhfuil stádas oifigiúil stáit ag teanga dhúchais, rud a baineadh amach sa bhliain 1978. Cosúil le teangacha dúchasacha eile i SAM, tá an Haváis faoi bhrú ollmhór ón mBéarla.[4]
Gníomhartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an teileascóp James Clerk Maxwell suite ar shliabh Mauna Kea in Haváí.[5]
Nadúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Haváí ó thús é an Nene, agus is é an gé is teirce ar domhan.[6][7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The 1897 Petition Against the Annexation of Hawaii" (en). National Archives (2016-08-15). Dáta rochtana: 2023-08-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-08-11). "55 ar a laghad marbh i Hawaii" (as ga-IE).
- ↑ "An mbeadh fir na hÉireann sách misniúil le sciortaí a chaitheamh?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-07-09). Dáta rochtana: 2023-08-11.
- ↑ 4.0 4.1 COGG / An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015). "Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-08. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "James Clerk Maxwell Telescope" (as en) (2023-02-09). Wikipedia.
- ↑ Liz Curtis (Bealtaine 2001). "Caisleán an Easpaig: tearmann don éanlaith" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-08-11.
- ↑ "Nene (bird)" (as en) (2023-08-10). Wikipedia.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hawaii.gov - Suíomh Greasáin oifigiúil
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
| |||
