Dreigeoidigh, dreigí agus dreigítí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dreigeoideach)

Is é a bhíonn i ndreigeoideach ná rinn bheag spéire níos lú ná timpeall 1 km ar leithead, astaróideach beag, iarmhar cóiméid go minic, a bhíonn ag taisteal tríd an spás. Nuair a thagann a leithéid isteach in atmaisféar an Domhain, téitear é trí fhrithchuimilt leis an aer agus imbhualadh leis na móilíní aeir, go lonraíonn sé agus tugtar dreige air ansin. Má imbhuaileann an réad soladach, carraigeach nó miotalach seo le dromchla an Domhain, tugtar dreigít air. Is é a bhíonn i réaltaí reatha ná dreigí, ar mhéid gráinne gainimh, a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar. Bíonn luas 10-70 km s-1 faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí eireaball deannaigh cóiméid. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na talún dóibh, ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid liathróide agus sroicheann an talamh. Buaileann ceann an t-atmaisféar uair nó dhó sa tseachtain, le pléasc ar cóimhéid le pléasc adamhach. D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i 1975-1992. Bhraith saitilítí rúnda míleata na pléasca seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le buama beag adamhach. Tharla pléasca in iarthuaisceart na hÉireann, Sruth na Maoile, agus iarthar na hAlban. Níor braitheadh fiú is ceann amháin de na pléasca seo ar dhromchla an Domhain, agus meastar nach mbraitheann na saitilítí ach timpeall 10% de na himbhuailtí a tharlaíonn. Mar sin, seans go dtarlaíonn suas le 80 imbhualadh mar seo gach bliain. Léiríonn an t-eolas seo gur inmheasta an dóchúlacht go n-imbhuailfidh astaróideach mór an Domhan uair éigin amach anseo, agus go mb'fhéidir go mbeidh sé sin tubaisteach do dhaoine is an Domhan.

Féach Freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]