Sruth na Maoile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSruth na Maoile

Tugtar Sruth na Maoile (Béarla: North ChannelStraits of Moyle; Ultais: The Sheuch) ar an fharraige idir an chuid thoir thuaidh de Thuaisceart Éireann agus an chuid thiar theas d'Albain. Tá an t-aistear an-ghearr (12 mhíle de leithead) idir Maol Cheann Tíre in Earra-Ghaeidheal agus Ceann Tórr in Aontroma), agus bhí an-chumarsáid idir iarthar na hAlban agus tuaisceart agus oirthear agus tuaisceart Uladh i gcónaí.

Leis an tSruth, ceanglaítear Múir Éireann leis an Aigeán Atlantach. I ngeall ar a chóngaraí is atá Maol Cheann Tíre agus Torr, is féidir radharc an taoibh thall a fheiceáil ar lá glan. Cuireadh Ceantar na Maoile ar chomhairle ceantair rialtais áitiúil in oirthuaisceart Aontroma idir 1974 agus 2015, an ceantar thart ar Bhaile an Chaistil. De réir mhiotaseolaíocht na nGael, bhí dhlúthcheangal ag an tSruth le hOidheadh chloinne Lir.

Is iondúil go mbíonn báid mhóra farantóireacht á seoladh trasna na dtonta soir agus siar gach aon lá; ó Mhachair an Sgithich go Latharna agus Béal Feirste, agus ó Bhéal Feirste go Learpholl agus Dúlais agus ó Bhaile an Chaistil go Port Ílein agus Ceann Loch Chille Chiaráin.

Is é Trinse Beaufort an chuid is doimhne den tSruth, trinse atá 30 míle ar fad, 2 mhíle de leithead agus 700–1,000 troigh de dhoimhneacht. I dTuaisceart Éireann, is í An Bhinn Bhán an pointe is faide siar de Shruth na Maoile ar chósta thuaidh Chontae Aontroma agus is é Ceann Baile Chuintín an pointe is faide ó dheas ar chósta thoir Chontae an Dúin. In Albain, is é Port na hAbhann, atá lonnaithe ar oileán Íle sna hOileáin Istigh, an pointe is faide ó thuaidh den tSruth agus is é Maol na nGall, atá suite ar na Rannaibh, an pointe is faide ó dheas. Tá Reachrainn suite 2.6 míle ó thuaidh ón Bhinn Mhór, cóngarach do Bhaile an Chaistil. Is oileánra iad Na Maighdeanacha (nó Na Faoilinn) atá suite ar Shruth na Maoile 13 mhíle soir ó thuaidh amach ó Latharna. Is oileán beag é Creag Ealasaid i gCaolas Chluaidh 10 míle siar amach ó Inbhir Gharbhain. Is oileán é Sandaigh atá suite 1.7 míle ó dheas amach ó chaisleán Dhún Abhartaigh atá suite taobh amuigh de Cheann mu Dheas. Is oileánra iad Oileáin Chóplainn atá suite míle amháin soir amach ó Dhomhnach Daoi.

An radharc ar Shruth na Maoile soir ó thuaidh ó Thorr i dtreo Cheann Tíre

Bhíodh foghlaí mara gnóthach go leor sa tSruth agus iad ag ionsaí loing Bhriotanacha go dtí tús na naoú haoise déag. In 1778, i gcaitheamh Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá, tharla comhrac cabhlaigh idir Meiriceánach, darbh ainm John Paul Jones, ar bord an USS Ranger agus HMS Drake de chuid an Chabhlaigh Ríoga, a raibh George Burdon mar chaptaen uirthi. Ba é an chéad rath do na Poncánaigh san Atlantach, agus ba bheag nárbh é an t-aon uair ar éirigh leo ar muir in éagmais an lámh in uachtar a bheith acu i dtaobh líon na saighdiúirí agus na n-arm. Eachtra amháin ab é i sraith eachtaí le linn Chogadh Saoirse Mheireceá a tharla faoi stiúir Jones a raibh sé mar chuspóir aige an ruaig ar na Briotanaigh in uiscí na Breataine Móire.

Ba é Tom Blower an chéad duine riamh a shnámh trasna Shruth na Maoile ó Aird Uladh go dtí Maol na nGall in 1947 faoi cheann 15 huaire an chloig agus 26 bhomaite. Ar an 31 Iúil 2015 d'éirigh le foireann seisir snámhóirí an t-aistear soir agus siar a dhéanamh faoi cheann 29 n-uaire an chloig agus 57 mbomaite.

Ba sa tSruth a tharla tubaiste ar an 31 Eanáir 1953 nuair a thit an MV Princess Victoria go tóin poill amuigh ar an fharraige 5 mhíle soir ó Oileáin Chóplainn. Bhí an long lán de phaisinéirí agus agus feithichlí ar a bhealach ón tSrón Ramhar go Latharna. Aineoinn fholáireamh na drochaimsire an mhaidin sin, rinneadh an cinneadh dul amach ó chósta (mar gheall ar shuíomh foscúil Loch Ríoghaine, char thugadar faoi deara láidreacht na gaoithe agus móracht na dtonta). Buaileadh an aimsir go dona é a luaithe agus a d'fhágadar Loch Ríoghaine agus shocraíodar filleadh ar ais chuig an chuan, rud nárbh fhéidir. Shéid an ghaoth siar é ó Rannaibh Ghall-Gaelibh i dtreo Aird Uladh. Ligeadh isteach uisce, ach char éirigh leo an doras sábháilte a dhruidim mar is ceart mar thoradh ar fhadhb theicniúil a thosaigh bliain roimhe sin. Creidtear go bhfuair 135 duine bás, lena n-áirítear Leas-Phíomhaire Thuaisceart Éireann, Maynard Sinclair agus Ball Parlaiminte ar son an Dúin Thuaidh, an Tiarna Walter Smiles. Níor tháinig ach 44 duine slán ón eachtra agus tugadh cúram sláinte dóibh i nDomhnach Daoi ina dhiaidh go dtí gur thánagadar chucu féin. Ní raibh páistí ná mná ar bith le háireamh i measc na mbeo. Sa deireadh thiar fuarthas 100 corp, roinnt acu ar thránna Oileán Mhanann. Char thángthas ar choirp uile na marbh riamh.