Albain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAlbain
Scotland (en)
Alba (gd) Edit the value on Wikidata
Bratach na hAlban Royal coat of arms in Scotland (en)
Bratach na hAlban Edit the value on Wikidata Royal coat of arms in Scotland (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Scotland from satellite.jpg
Edit the value on Wikidata

Aintiún The Flower of Scotland Edit the value on Wikidata

Mana «In My Defens God Me Defend (en) Aistrigh» Edit the value on Wikidata
Suíomh
Scotland in the UK and Europe.svg Edit the value on Wikidata
 57°N 5°W / 57°N 5°W / 57; -5
Ríocht comhlathaisAn Ríocht Aontaithe Edit the value on Wikidata

Príomhchathair Dún Éideann Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 5,404,700 (2016) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Béarla
Gaeilge na hAlban
An Albainis Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de na náisiúin Cheilteacha Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 78,782 km² Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Beinn Nibheis (1,344.527 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Ríocht na hAlban Edit the value on Wikidata
Éarlamh Naomh Aindrias Edit the value on Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin Scottish Government (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach Párlamaid na h-Alba Edit the value on Wikidata
• monarc na Ríochta Aontaithe Edit the value on Wikidata Eilís II Edit the value on Wikidata
• Prìomh-mhinistearan na h-Alba Edit the value on Wikidata Nicola Sturgeon (Samhain 2014) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Punt steirling Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .scot (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin scotland.org Edit the value on Wikidata

Is tír í Albain (Gaeilge na hAlban: Alba; Sacs-Bhéarla agus Béarla Gallda: Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na hEorpa agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiún as a bhfuil an Ríocht Aontaithe comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine.

Ghlac Alba páirt in aontas pearsanta le Sasana den chéad uair sa bhliain 1603, nuair a rinneadh Séamus I Shasana agus na hÉireann de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le hAcht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. Leis an aontas sin aontaíodh an dá ríocht, agus as sin tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite in Westminster, i Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí, in 1801, rinneadh an stát sin a aontú le hÉirinn, agus ón mbliain 1927 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. Sa bhliain 1999, beagnach 300 bliain tar éis di a bheith curtha ar ceal, vótáil pobal na hAlban chun parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoi Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riaradh i ngnéithe a bhaineann le hAlbain amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aici le cáin a ardú.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alba a thugtar ar an tír i nGaeilge.

Scoti a thugtaí ar na Gaeil sa Laidin agus tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm Scoti, agus thug an Laidin Scotia uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.

Ceann Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síolraíonn Banríon Eilís II na Ríochta Aontaithe, Ceann Stáit na Ríochta Aontaithe, ó Rí Séamus VI na hAlban, an chéad mhonarc Albanach ar Rí freisin ar Shasana é (Rí Séamus I Shasana agus na hÉireann ón mbliain 1603 ar aghaidh).

Cé go bhfuil roinnt conspóide fós i measc phobal na hAlban faoin teideal a ghlac sí ag a corónú (measann go leor in Albain gur chóir di, go loighciúil, Eilís I a thabhairt uirthi féin) thug cúirteanna na hAlban ceart do Eilís II mar theideal oifigiúil. Deir sí go leanfaidh monarcaí an traidisiún oird idirnáisiúnta sa todhchaí, a thugann an riail, nuair a bhíonn monarc i réimeas i níos mó ná críoch spleách amháin (nó i gcríocha neamhspleácha a aontaíonn le monarc amháin) agus ina bhfuil malairt in uimhir an mhonairc leis an ainm céanna iontu, go n-úsáidfear an uimhir is airde in aon cheann de na críocha go léir (san aimsir atá thart, bhí ríthe Albanacha-Sasanacha mar Shéamus VI/I agus Shéamus VII/II i réimeas thar ríochtaí ar leith de réir dlí, agus mar sin d'úsáid siad an dá uimhir).

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Ceantair chomhairle na hAlban

Is ar thuaisceart oileán na Breataine atá Alba suite; thar theorainn ó dheas uaithi tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, mar aon le roinnt grúpaí oileán, ar nós Sealtainne, Inse Orc agus na nOileán Thiar. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo Garbhchríocha na hAlban atá sléibhtiúil den chuid is mó, an Crios Lárnach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Lárnach a mhaireann formhór na ndaoine, agus is ann atá trí cinn de na sé cathracha atá sa tír, mar a bhfuil Dún Éideann, Glaschú, agus Sruighle, mar aon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na cathracha sin, mar atá Obar Dheathain agus Dún Déagh. Fágann sin Inbhear Nis, atá san áit a mbuaileann Abhainn Nis le Cuan Moireach, ar an scoilt idir Ardáin an Iarthuaiscirt agus na Cairn Ghorma.

Roinntear Alba i gcontaetha traidisiúnta (Béarla; shire, Gaeilge na hAlban; siorrachd), ach in 1889, nuair a cuireadh na comhairlí contae ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.

Traigh Sheilebost sna Hearadh, sna hOileáin Siar

Clocheolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gluaiseacht na bPlátaí Teicteonacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí bolcánachas go beo in Labhaidh Thoir, 350 milliún bliain ó shin, bhí na carraigeacha ar a bhfuil Alba an lae inniu gar don Meánchiorcal, agus ba chuid d'ollchríoch Pangaea a bhí tar éis teacht le chéile, .i. leanadh leis an bpróiseas ina mbíodh na plátaí ilchríochacha a bhí i bPangaea ag teacht le chéile, agus tharla bualadh mór le mór-roinn Gonduana.

Níor tháinig codanna thuaidh agus theas d'oileán na Breataine le chéile ach 76 milliún bliain roimh thús an bholcánachais in Oirthear Labhaidh. Roimhe sin, bhí Alba ar imeall mhór-roinne Laurentia, ina raibh Meiriceá Thuaidh agus an Ghraonlainn freisin. Bhí an chuid ó dheas den oileán (Sasana agus an Bhreatain Bheag) timpeall 40° níos faide ó dheas, gar don Afraic agus do Mheiriceá Theas i mór roinn Gonduana. Go luath sa tréimhse Ordaivíseach, timpeall 475 milliún bliain ó shin, scaradh Sasana agus an Bhreatain Bheag, a bhí ar phláta Avalonia, amach ó Ghonduana agus brúdh ó thuaidh an chuid sin talún i dtreo Laurentia. Rinneadh Aigéan Iapetus, a bhí idir an dá chríoch, a chaolú. Faoi lár na Ré Siliúraí, timpeall 420 milliún bliain ó shin, bhí ceangal ag a imeall ar fad Shnaidhme Iapetus, a leanann líne a théann soir-siar ó Chaolas Solway go Nortumbarlann a bheag nó a mhór.

Nuair a thosaigh an ré bholcánach níos déanaí, timpeall 270 bliain ó shin, ba chuid de Phangaea í Alba fós, ach bhí sí i ndiaidh bogadh ó thuaidh. Bhí Labhaidh Thoir timpeall 8° níos faide ó thuaidh. Leanadh leis an bpróiseas ina raibh Pangaea ag teacht le chéile, ionas go raibh an t-aigéan is gaire, Aigéan Tethys, idir an Eoráise agus an Afraic.

Féach Cuntas ar theicteonaic.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraíonn an daonra iomlán, nach mór, Béarla, cé go labhraítear go leor foirmeacha agus canúintí éagsúla den Albainis (Béarla; Scots) a bhfuil an-difríocht aige le gnáth-Bhéarla caighdeánach na hAlban. Baineann timpeall 1.1% den daonra feidhm as Gaeilge na hAlban (Gaeilge na hAlban: Gàidhlig) i ngnáthchúrsaí an lae, go príomha i gceantair iargiúlta i dtuaisceart agus in iarthar na tíre. Tá Béarla líofa ag na Gaeilgeoirí sin ar fad.

Faoin am ar tháinig Séamus VI na hAlban i gcoróin i Sasana agus in Éirinn, ba í an Albainis, ar a dtugtar "Scots" nó "Lallans" freisin as Béarla (ón bhfocal Lowlands, machairí), a labhraíodh sa tseanchúirt agus sa tseanpharlaimint. Ba as seanteanga Anglacach a labhraítí i sean-ríocht Bernicia i Northumbria, a ghabh an ríocht Bhriotánach Gododdin sa 6ú aois, agus is leis sin a claochlaíodh ainm na phríomhchathrach ó "Dhún Éideann" na Gaeilge go "Edinburgh" mar thugtar uirthi sa Bhéarla agus in Albainnis.

% a bhí ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt(2011)

Gach duine atá 3 bliana nó níos sinne 5,118,223.

Ábalta an Béarla a labhairt go maith — 98.6%.

Ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt — 1.1%.

Ábalta an Albainis a labhairt — 30.1%.

Úsáideann teanga eile sa bhaile — 3.9%

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Coinneach Mac Ailpín ar dtús a d'aontaigh ríocht na nGael agus na gCruithneach in Albain, nuair a thóg sé coróin na gCruithneach sa bhliain 843 AD. Go stairiúil, ó aimsir Dháibhí I na hAlban (a bhí i réim idir na blianta 11241153) ar a laghad, bhí scoilt chultúrtha le sonrú in Albain - Ísiltír na hAlban, arbh í an Albainis, agus níos déanaí an Béarla, a príomhtheanga, agus Garbhchríocha na hAlban arbh í an tSean-Ghaeilge, agus níos déanaí Gaeilge na hAlban, a príomhtheanga. Leis sin cruthaíodh scoilt sa tír, agus sa stair bhí an Ísiltír faoi thionchair Shasana ní ba mhó: bhí an Ísiltír níos oscailte d'airm a d’ionsódh í ón deisceart, agus tháinig daoine in Ísiltír na hAlban faoi thionchar Shasana níos láidre mar gheall ar a ngaireacht le Sasana.

Ba ghné ar leith in Albain é córas na gclann. I measc na gclann cáiliúil tá Clann Mhic Ghríogóir (MacGregor), Clann Mhic Dhónaill (MacDonald, Clann Mhic Cionnaith (MacKenzie), Clann Mhic Aoidh (MacKay), Clann Mhic Leoid (MacLeod), Clann Mhic Roibeard (Robertson) agus Clann Chambeul (Campbell).

Sa ré stairiúil, ghlac Ísiltír na hAlban sórt córais feodach tar éis Ghabháltais na Normannach i Sasana, agus ba as clanna de bhunadh na Normannach a síolraíodh formhór na rithe tar éis circa 1100 AD. I measc na gclann seo bhí Clann Stíobhard, Clann Brús, Clann Dubhghlas, Clann Porteous, agus Clann Muirí.

Le linn Chogadh na Saoirse in Albain (timpeall 1290 - 1363) d'éirigh muintir na hAlban amach i gcoinne riail Shasana, den chéad uair, faoi cheannas an ridire Uilleam Uallas, agus níos déanaí, faoi cheannas Roibeard Brús. Chloígh Bruce na Sasanaigh ag Cath Bannockburn sa bhliain 1314.

Sa bhliain 1603 fuair Rí Séamus VI na hAlban coróin Shasana óna dhúchas, agus ceapadh mar Rí Séamus I Shasana agus na hÉireann é. Bhog Séamus go Londain agus, as sin amach, níor fhill sé ar Albain ach aon uair amháin. Sa bhliain 1707 síníodh comhaontú idir Parlaimintí na hAlban agus Shasana ar a dtugtar Acht an Aontais. Leis an gconradh a chur i bhfeidhm, bhí parlaimintí Shasana agus na hAlban le dúnadh, agus a gcumhachtaí go léir le haistriú go Parlaimint nua i Londain, a bheadh ansin mar Pharlaimint ar an Ríocht nua aontaithe. Cuireadh aontas custaim agus airgeadra ar bun freisin.

Lean an scéal ar aghaidh mar seo go dtí Bealtaine sa bhliain 1999 nuair a ghnóthaigh Albain parlaimint nua. Cé go raibh stádas parlaiminte náisiúnta ar thír neamhspleách ag sean-pharlaimint na hAlban, níl riar ag an bparlaimint nua ach i gcúrsaí intíre, mar go gcoinnítear freagracht ar chosaint, chúrsaí idirnáisiúnta agus chúrsaí áirithe eile in Albain faoi Pharlaimint na Ríochta Aontaithe.

Ar 18 Meán Fómhair 2014 cuireadh ceist neamhspleáchas Alban faoi reifreann, agus chinn 55% in aghaidh 45% den phobal fanacht mar chuid inmheánach den Ríocht Aontaithe.

Alba an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 32 roinn riaracháin in Albain. I gcaint na ndaoine, cuirtear síos fós ar 33 chontae thraidisiúnta. Tá 6 chathair in Albain go hoifigiúil, agus ón gceann is mó anuas, is iad sin:

Bealaí Uisce in Albain:

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cultúr cathartha ar leith ag Albain seachas an chuid eile den Bhreatain. Tagann cuid de ó dhifríochtaí a mhaireann mar gheall ar mhíreanna in Acht an Aontais, agus cuid eile ar éasca iad a aithint, ach nach éasca cur síos orthu.

Dlí na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coinnítear in Albain a córas dleathach ar leith, bunaithe ar an dlí Rómhánach, agus ina bhfuil gnéithe den dlí sibhialta agus den dlí comónta le sonrú. Tá sé scríofa i dtéarmaí an aontais le Sasana go gcoinneofaí córais dhleathacha ar leith. Baintear feidhm as abhcóidí, ar a dtugtar "advocates", agus bíonn na breithimh céanna i gcásanna sibhialta agus i gcásanna coiriúla.

An tOideachas in Albain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá córas oideachais dá cuid féin ag Albain freisin. In Acht an Aontais leagadh síos cearta na nollscoileanna Albanacha, ach, níos tábhachtaí fós, ba í Albain an chéad tír ó Sparta sa Ghréig chlasaiceach inar cuireadh córas oideachais phoiblí ghinearálta i bhfeidhm. Thosaigh sé sin leis an Acht Oideachais sa bhliain 1696, agus bhí sé riachtanach do leanaí ó cuireadh Acht Oideachais 1872 i bhfeidhm. Mar bharr air sin, ar feadh dhá chéad bliain, bhí céatadán níos airde de dhaonra na hAlban tar éis oideachas a fháil ag leibhéil bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal ná in aon tír eile san Eoraip. Is léir na difríochtaí oideachais sin ó líon na nAlbanach a ghlac ceannas ar a gcuid réimsí le linn na 18ú agus an 19ú aoiseanna.

Tógann daltaí scoile na hAlban scrúdaithe Higher (seachas A-Levels mar atá i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann). Chomh maith leis sin tógann céim onóracha in ollscoil Albanach ceithre bhliain, seachas trí bliana mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Tá na córais ollscoile i gcuid de thíortha Chomhlathas na Náisiún (ar a dtugtaí Comhlathas na Breataine cheana) bunaithe níos mó ar chóras na hAlban seachas mar atá ar an gcóras atá in úsáid sa chuid eile den Ríocht Aontaithe.

An Bhaincéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gnéithe ar leith i gcóras baincéireachta na hAlban, freisin. Cé gurb é Banc Shasana banc ceannais Rialtas na Ríochta Aontaithe, eisíonn trí bhanc chorprach Albanach a nótaí bainc féin: (Bank of Scotland, Royal Bank of Scotland agus Clydesdale Bank). Níl stádas dlíthairisceana i Sasana, sa Bhreatain Bheag ná i dTuaisceart Éireann acusan (cé go n-úsáidtear timpeall na Breataine ar fad iad, go háirithe i dTuaisceart Éireann, áit a n-eisíonn Banc Uladh, Banc na hÉireann, AIB agus Danske Bank a gcuid nótaí bainc féin freisin). In Albain, níl stádas dlíthairisceana ag na nótaí seo ná ag nótaí Bhainc Shasana, mar nach bhfuil cur síos orthu i ndlí na hAlban, ach glactar go forleathan le nótaí na gceithre bhanc.

Le plé níos faide, fch. Legal Tender

Ba in Albain a cuireadh tús mar is ceart le córas baincéireachta brainse an lae inniu, (ina gcoinníonn bainc gréasán brainsí ar fud na tíre, seachas lár-oifig nó dhó). Ní ach mar gheall ar bhrú polaitiúil láidir i rith an 19ú aois a cuireadh cosc ar an gcóras baincéireachta láidir a bhí dá bharr ó sheilbh a thógáil ar chóras baincéireachta Shasana. Cé nach raibh fáilte roimh bhainc na hAlban ag an am, rinnneadh aithris ar a modhanna gnó go forleathan, rud a thosaigh i Sasana agus ina dhiaidh sin ar fud an domhain.

Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-chuid eagrais spóirt náisiúnta sa tír, ar nós Chonradh Peile na hAlban (Scottish Football League), nó Aontas Rugbaí na hAlban (SRU). Leis sin tugtar toscaireacht neamhspleách don tír ag go leor imeachtaí idirnáisiúnta spóirt, m.sh. sacar i gCorn Peile an Domhain. Ní féidir le hAlbain dul i gcomórtas sna Cluichí Oilimpeacha go neamhspleách ámh, agus más mian le haclaithe na hAlban páirt a ghlacadh, déanann siad amhlaidh mar pháirt d'fhoireann náisiúnta na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tír foireann chuig Cluichí an Chomhlathais ámh. Tá coiste CLG in Albain mar CLG na hAlba. Tá sé mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael na Breataine.

Na Meáin Chumarsáide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá meáin chumarsáide ar leith in Albain seachas mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Mar shampla, táirgeann sí páipéir nuachta ar nós The Daily Record (príomh nuachtán pháipéir-cúng na hAlban) agus an dá phríomh nuachtán pháipéir-leathain, The Herald bunaithe i nGlaschú, agus The Scotsman i nDún Éideann. D’athraigh The Herald a ainm ó Glasgow Herald, chun aitheantas a fháil mar pháipéar náisiúnta seachas mar cheann réigiúnach. I measc pháipéir an Domhnaigh, tá an tablóideach Sunday Mail (foilsithe ag an Daily Record) agus an Sunday Post, agus tá ceangal ag an Sunday Herald le The Herald agus ag Scotland on Sunday le The Scotsman. Tá nuachtáin laethúla réigiúnacha ann freisin, mar The Courier and Advertiser i nDún Déagh san oirthear, agus The Press and Journal a chlúdaíonn Obar Dheathain agus tuaisceart na tíre. É sin ar fad ráite, tá nuachtáin náisiúnta uile na Ríochta Aontaithe le fáil ar fud na hAlban agus is iondúil go léitear iadsan níos minice ná na páipéir nach bhfaightear lasmuigh d'Albain.

Tá a cuid seirbhísí BBC féin ag Albain, mar shampla na stáisiúin náisiúnta raidió, BBC Radio Scotland agus an tseirbhís i nGaeilge na hAlban, BBC Radio nan Gàidheal (Gaeilge na hÉireann: Raidió na nGael). Tá na stáisiún raidió náisiúnta de chuid an BBC agus go deimhin stáisiúin raidió neamhspleácha freisin le cloisteáil ar fud na tíre. Mar aon leis an raidió, cuirtear ar fáil leaganacha de na bealaí teilifíse náisiúnta BBC 1 agus BBC 2 trí BBC Scotland. Táirgtear cuid mhaith de chraolacháin an BBC Scotland Television do phobal na hAlban, ar nós cláir nuachta agus gnóthaí reatha, agus an opera galúnaigh bunaithe i nGlaschú, River City, ach táirgtear cinn eile, ar nós drámaí agus cláir ghrinn, do lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe, agus níos faide i gcéin. I gcodarsnacht leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe tá difríocht freisin i gclúdach ar spóirt, mar go bhfuil a sraitheanna sacair féin ag an tír, seachas cinn Shasana nó Thuaisceart Éireann. Cosúil leis an uile chuid eile den Ríocht Aontaithe, tá BBC Three, BBC 4 agus BBC iPlayer ar fáil ar fud na hAlban.

Tá trí stáisiún teilifíse neamhspleácha ag craoladh in Albain, (Scottish Television, Grampian Television agus Border Television) freisin. Cé go rabhadar neamhspleách cheana, is leis an gcomhlacht chéanna (The Scottish Media Group) anois Scottish TV agus Grampian, agus is beag difríochtaí atá eatarthu. Is casta an scéal é i gcás "Border", mar go gcuireann sé siúd seirbhís ar fáil d'áiteanna i ndeisceart na hAlban agus i dtuaisceart Shasana araon, chomh maith le hOileán Mhanann, agus tá seirbhísí nuachta ar leith anois aige don dá thaobh den teorann. Tá an chuid is mó de na craoltacháin neamhspleácha mar an gcéanna leo siúd i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann, lasmuigh de nuacht agus cúrsaí reatha, spóirt, agus cláir chultúrtha agus na cláir a chraoltar i nGaeilge na hAlban.

Gnéithe eile de chultúr na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mothú cine agus náisiúin dá cuid féin ag Albain. Is léir ó thaighde a léirítear ó shuirbhéanna a dhéantar go mion agus go minic go mbraitheann muintir na hAlban gur Albanaigh, seachas Briotanaigh, iad go príomha, agus is amhlaidh atá an scéal i Sasana agus sa Bhreatain Bheag (áit a roghnaítear 'Sasanach' agus 'Breatnach' thar 'Briotanach'). Ina ainneoin sin ní ann do thromlach ar bith a vótálfadh ar son neamhspleáchais iomláin in Albain.

Tá réimse canúintí dá cuid féin ag Béarla na hAlban freisin, arb ionann iad agus cúis bhróid do mhuintir na hAlban agus lena dtugtar le fios dóibh gur áit ar leith í an tír. Féach Albainis.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reilgiún I 2011
Creideamh Céatadán den Daonra
Eaglas na hAlban 32.4%
Caitliceach Rómhánach 15.9%
Críostaíocht eile 5.5%
Moslamach 1.4℅
Creidimh eile 1.1%
Gan chreideamh 36.7
Gan freagra 7.0
Gach duine 5,295,403 (100%)

Tá feidhmeanna eaglais náisiúnta ag Eaglais na hAlban (ar a dtugtar The Kirk go minic). Seachas mar atá in Eaglais na hÉireann nó in Eaglais Shasana, tá foirm riaracháin Phreispitéirigh aici, nach bhfuil faoi smacht an stáit. Tagann sé seo ón gcaoi ar tháinig an tAthleasú Creidimh go hAlbain, gluaiseacht a thosaigh John Knox in 1560. Ba i measc na ngnáthdhaoine den chuid is mó a tháinig Athrú Creidimh na hAlban ar an saol, agus roghnaigh muintir na hAlban an Preispitéarachas mar mhodh riartha ar a n-eaglais. Níorbh amhlaidh in Eaglais na hÉireann nó in Eaglais Shasana, áit ar chuir Anraí VIII Athrú Creidimh ar bun as a stuaim féin, agus inar roghnaigh sé modh riaracháin a bhí ag brath ar easpaig (macasamhail na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí), modh a leanann fós sa dá eaglais.

Tá roinnt eaglaisí Críostaí eile in Albain, ina measc an Caitliceachas Rómhánach, a tháinig ar ais ar an saol tríd an inimirce ó Érinn tar éis do Phrotastúnaigh na hAlbain é a chuir faoi chois go trom ón 16ú aois go dtí 1829. Is í anois an dara creideamh is mó í tar éis Eaglais na hAlban. Chomh maith leis an Kirk tá eaglaisí éagsúla Protastúnacha in Albain, ina measc Eaglais Easpagach Albain, ar lán-ball de Comaoine an Anglacánachais í, agus Saor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreisbitéarach a tháinig ar an saol i scoilt ó Eaglais na hAlban, agus a dtugtar na Wee Frees ar a baill.

Is é an tIoslámachas an creideamh neamh-Chríostaíoch is mó in Albain. Naomh Eòin Mac Gille Bhuidhe Naomh Eòin Ó Gille Bhuidhe

Tá sean-chleachtadh ag cuid mhaith d'Albanaigh ar thrioblóidí idir Caitlicigh agus Protastúnaigh, go háirithe timpeall ar Ghlaschú. Tá sé sin le sonrú le fada go háirithe i bhfostaíocht agus i gcúrsaí sacair. Tá laghdú mór ar a leithéid de sheicteachas in Albain seachas mar a bhí blianta ó shin, ach tá a rian le sonrú roinnt éigin fós.

Uimhreacha ar Chreideamh ó Dhaonáireamh na Ríochta Aontaithe 2001 in Albain:
Creideamh Céatadán den Daonra
Eaglais na hAlban 42%
Caitlicigh Rómhánacha 16%
Críostaithe eile 7%
Ioslamaigh 0.8%
Búdaithe 0.1%
Sícigh 0.1%
Giúdaigh 0.1%
Hiondúigh 0.1%
Creidimh eile 0.5%
Gan aon chreideamh 28%
Gan freagra 5%

An Pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an iomlán, tá polaitíocht na Ríochta Aontaithe le sonrú i bpolaitíocht na hAlban, ach le roinnt difríochtaí ann. Mar shampla, chomh maith leis na páirtithe náisiúnta atá le fáil ar fud na Ríochta Aontaithe, (Páirtí an Lucht Oibre, an Páirtí Coimeádach agus na Daonlathaigh Liobrálacha) tá páirtithe ann nach bhfaightear taobh amuigh d'Albain. Ina measc, tá Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP), Páirtí Glas na hAlban, agus Páirtí Sóisialach na hAlban (SSP). Tá níos mó brí san páirtithe seo a cuireadh Parlaimint na hAlban ar bun i 1998.

Tá baint tar éis a bheith ag difríochtaí traidisiúnta idir an eite chlé agus an eite dheas le cur is cúiteamh ar an bhféinriail, rud a thug na páirtithe atá ar fud na Breataine roinnt tacaíochta dó thar am, cé gur tháinig athrú meoin ar na Coimeádaigh agus ar Lucht Oibre níos mó ná uair amháin. Agus dílárú na cumhachta ó pharlaimint náisiúnta na Ríochta Aontaithe i Londain tar éis tarlú cheana féin, is idir iad siúd a thacaíonn leis an neamhspleáchas d'Albain agus iad siúd atá ina choinne atá ceisteanna móra an lae i bpolaitíocht na hAlbain dírithe. De réir mar atá an scéal ag titim amach, de réir an State of the Nation Poll 2004, ba mhaith le 66% d’Albanaigh níos mó cumhachta a bheith ag Parlaimint na hAlban, agus níor mhaith ach le 2% na cumhachtaí a bheith arís faoi Westminster.

Geilleagar na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor roinnte i ngeilleagar na hAlban. Tá tábhacht i gcónaí ag an ola, cé go ndeachaigh innealtóireacht éadrom agus longcheártain i léig le blianta beaga anuas, agus tá an roinn seirbhíse, go háirithe an ghnó airgeadais agus ionaid ghlaoigh, níos tábhachtaí anois. Tá obair faoin tuath, ar nós na hiascaireachta agus na talmhaíochta, tábhachtach i gcónaí, cé go bhfuil fás i nGleann Sileacan na tíre le táirgeadh ríomhairí agus fóin phóca. Tá tábhacht fós ag baint le táirgeadh uisce beatha, mar atá le gnó na turasóireachta.

Bó na nGarbhchríoch, pór dúchasach d'Albain

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]