Fón póca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fón póca (Siemens S65)

Saghas gutháin is ea an fón póca (nó uaireanta teileafón póca, fón siúil, guthán soghluaiste) atá soghluaiste ar feadh limistéir mhór.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an fón póca (i mBéarla, is gnách "Cellphone" a thabhairt orthu i Meiriceá Thuaidh, agus "Mobile" in Éirinn agus sa Bhreatain) go láidir ar aghaidh sa saol sna 1990idí, agus anois tá gutháin soghluaiste ag formhór an daonra i go leor tíortha sa domhain forbartha (tá suas le trí mhilliún fón póca i bPoblacht na hÉireann mar a bhfuil daonra de ceithre mhilliún), chomh maith le roinnt mhór tíortha bochta. Sa ghnáthchaint tugtar fón póca orthu go hiondúil.

Gléasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na ngléasanna is mó úsáid, tá cinn Apple, Motorola, Nokia, Samsung, Sagem, Siemens agus Sony Ericsonn. De ghnáth, cuireann comhlachtaí eile náisiúnta, agus anois idirnáisiúnta chomh maith, seirbhís ar fáil do dhaoine a thógann conradh amach leo, agus a íocann de réir an nóiméid nó a íocann praghas áirithe ar líon áirithe neomataí sa mhí. I measc na gcomhlachtaí in Éirinn a chuireann seirbhís ar fáil tá Three Ireland, eirMobile agus Vodafone Ireland.

1997-2004

Is gá don ghléas a bheith ullamh le gathanna a ghlacadh ón gcomhlacht gutháin soghluaiste lena bhfuil conradh ag sealbhóir an ghutháin. Mar shampla, úsáideann go leor comhlachtaí san Eoraip córas GSM, ach í Meiriceá Thuaidh, ní bhaineann ach cúpla ceann acu, ar nós T-Mobile, feidhm as. Is ar mhaithe le teachtaireachtaí téacs is mó a úsáideann déagóirí an fón póca agus tá an-tionchar ag na giorrúcháin a úsáideann siad ar a nósanna scríbhneoireachta.

Sna laethanta inniu, bíonn ceamara mar chuid de ghuthán póca agus is féidir na grianghrafanna a sheoladh go gutháin eile nó a íoslódáil go ríomhaire.

Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cosc curtha le gutháin póca a úsáid go minic i scoileanna agus in áiteanna eile mar gheall ar an gcur isteach a dhéanann siad ar an bpríobháideachas.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]