Apple Inc.
| Apple Inc. | |
| Saghas comhlachta | Comhlacht poiblí (NASDAQ: AAPL) |
| Bunaithe | 1976 |
| Suíomh | Cupertino, California, SAM |
| Tír (Tíortha) | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
| Daoine lárnacha | Steve Jobs, Steve Wozniak, Peter Oppenheimer, Timothy D. Cook, Philip W. Schiller |
| Méid fostaithe | Timpeall 123,000 (2017) |
| Tionscail | Bogearraí ríomhaireachta Crua-earraí ríomhaireachta Leictreonaic |
| Láithreán gréasáin | apple.com |
Is comhlacht leictreonaice tomhaltais é Apple Inc. atá lonnaithe i gCupertino, California, SAM. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhlacht i stair na ríomhaireachta.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhunaigh Steve Jobs agus Steve Wozniak an comhlacht i 1976. Bhí an-thionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith. Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977.
Ba í fhorbairt Lisa i 1983 a thaispeáin cumhacht an chomhéadain ghrafaigh don domhan.
Thug Apple isteach an Macintosh i 1984, ag forbairt an cur chun cinn a bhí déanta acu le comhéadan grafach a bhíodh cairdiúil don úsáideoir. Tá clú ar úsáideoirí Apple mar thomhaltóirí dílse.
D'fhulaing Apple faoin iomaíocht ó chórais a bhí comhoiriúnach le IBM le linn na 1990í. Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú.
I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. D'eisídís an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001 agus tá níos mó ná 100 milliún díolta ó shin.
Sheol Apple an iPhone i 2007. Guthán soghluaiste atá ann agus tá éileamh ollmhór air ar fud an domhain.
D'Athraíodh ainm an chomhlachta ó Apple Computer, Inc. go Apple Inc. ar an 9 Eanáir 2007 chun béim a leagan ar a margadh nua, leictreonaic tomhaltais.
Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 30 Lúnasa 2016, mhaígh an Coimisiún Eorpach gur dheonaigh Éire sochair chánach míchuí suas go €13 billiún do Apple[1]. Faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair, ba shárú an t-acht um thrádáil cothrom toisc gur lig rialtas na hÉireann do Apple cúiteamh cánach i bhfad níos ísle a bheith acu. Ní mór d’Éirinn an chabhair mhídhleathach a aisghabháil.