Ríomhaire táibléid
Cuma
![]() | |
---|---|
![]() ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/49/Tablet.jpeg/170px-Tablet.jpeg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8d/IPad_Air.png/170px-IPad_Air.png)
Is éard is ríomhaire táibléid, nó go simplí "táibléad", ann ná ríomhaire atá go hiomlán i scáileán tadhaill a úsáideann stíleas, peann digiteach, nó barr méire mar phríomh-ghléas ionchurtha in ionad méarchláir nó luiche a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh a bheith san áireamh leis. Tagann an t-ainm ó tháibléid scríbhneoireachta mar go bhfuil cosúlachtí eatarthu, agus bíonn an comhéadan úsáideora níos nádúrthaí nuair a bhíonn an scáileán tadhaill comhtháthaithe leis an scáileán taispeánata, mar atá sé i gcás an táibléid.