Jump to content

Google

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lógó Google, in úsáid ó bhí 2015 ann

Is é Google LLC, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan atá dírithe ar an iliomad réimsí, an teicneolaíocht faisnéise, fógraíocht ar líne, teicneolaíocht innill chuardaigh, seirbhísí ríomhphoist, néalríomhaireacht, leictronaic do thomhaltóirí agus an intleacht shaorga ina measc.

Ceanncheathrú Google, ar a dtugtar "the Googleplex"

Tá é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine.[1] Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California.[2] Is é mana neamhoifigiúil an chomhlachta "Don't be evil".

I measc innill chuardaigh an idirlín, is é Google an fathach[3].Tá a chuid seirbhísí le fáil i níos mó ná 90 teanga, an Ghaeilge ina measc (féach ar Uirlisí Teanga Google,).

Bhunaigh Sergey Brin agus Larry Page Google ar an 4 Meán Fómhair 1998[4] nuair a bhí an bheirt ag freastal ar an ollscoil i Stanford, California. Cé gur thosaigh an comhlacht ar an 4 Meán Fómhair, bíonn lá breithe ann gach bliain ar an 27 Meán Fómhair.[5][6]

Tá ceanncheathrú domhanda Google lonnaithe in California, agus tá a cheanncheathrú Eorpach i mBaile Átha Cliath.

Ceanncheathrú Eorpach Google i mBaile Átha Cliath

An 27 Meitheamh 2017, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh[7]. Líomhain an Coimisiún Eorpach gur thug Google tús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus gur thug sé céim níos ísle do sheirbhísí a iomaitheoirí.

Sráid Barrow, BÁC

An 23 Feabhra, ag Duaiseanna Grammy na bliana 2000 chaith an t-amhránaí agus aisteoir Jennifer Lopez gúna glas Versace. De shíoda chiffon a bhí sé déanta agus bhí duilleoga tropaiceacha agus bambú priontáilte air. Bhí com an ghúna maisithe le tópáis bhréige, agus bhí muineál an ghúna an-íseal go deo. Arsa Eric Schmidt, iar-phríomhfheidhmeannach Google.

"Tar éis an tsaoil theastaigh níos mó ná téacs ó dhaoine. Ba léir seo den chéad uair tar éis Dhuaiseanna Grammy 2000, nuair a chaith Jennifer Lopez gúna glas, bhuel, a mheall aird an domhain mhóir. Ag an am, ba é an cheist chuardaigh ba mhó í a bhí feicthe againn riamh. Ach ní raibh aon bhealach cinnte againn leis an rud díreach a theastaigh ó úsáideoirí a thabhairt dóibh. Jlo sa ghúna glas sin. Ba as sin a tháinig Google Image Search.

D’fhorbair Susan Wotchitski, Príomhfheidhmeannach YouTube ina dhiaidh sin, agus an t-innealtóir Huican Zhu inneall cuardaigh nua do phictiúir, agus seoladh é in Iúil 2001. Tá an gúna úd fós á chuardach ag daoine ar google.

Google in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail Google oifig in Éirinn in 2003, agus tháinig fás rábach ar an chomhlacht in Éirinn idir 2011 agus 2014.

Tá ceanncheathrú Eorpach Google lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá leathanach baile, torthaí cuardaigh agus seirbhís ríomhphoist Google ar fáil go hiomlán i nGaeilge.

Ag tús na bliana 2023, bhí 5,500 duine fostaithe ag Google in Éirinn.[8]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "PressReader - Irish Independent - Seachtain: 2014-12-17 - Gmail ar fáil as Gaeilge...". web.archive.org (2018-12-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-01. Dáta rochtana: 2023-03-02.
  2. James Norquay. "“Google” Facts" (en-AU). Dáta rochtana: 2021-10-22.
  3. L. 32 http://belfastmediagroup.com/wp-content/uploads/2011/08/Barr50_06.pdf
  4. http://www.beo.ie/alt-tri-bliana-deag-i-gcumhacht.aspx
  5. Brin, Sergey (1998). "The anatomy of a large-scale hypertextual Web search engine". Computer Networks and ISDN Systems 30 (1–7): 107–117. doi:10.1016/S0169-7552(98)00110-X.
  6. Barroso, L.A. (April 29, 2003). "Web search for a planet: the google cluster architecture". IEEE Micro 23 (2): 22–28. doi:10.1109/mm.2003.1196112. “We believe that the best price/performance tradeoff for our applications comes from fashioning a reliable computing infrastructure from clusters of unreliable commodity PCs.”
  7. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-21. Dáta rochtana: 2017-12-17.
  8. Nuacht RTÉ (2023-02-22). "Google le 240 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE).