Google Translate
Cuma
| URL | https://translate.google.com, https://translate.google.us, https://translate.google.co.uk, https://translate.google.ca, https://translate.google.co.jp agus https://translate.google.co.kr |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin agus machine translation software (en) |
| Teanga | ilteangacha |
| Úinéir | Google |
| Cruthaitheoir | Google |
| Forbróir gréasáin | Google |
| Blag oifigiúil | https://blog.google/products/translate |
Seirbhís ilteangach meaisínaistriúcháin de chuid Google is ea Google Translate. Ligeann sé don úsáideoir téacs digiteach a aistriú ó theanga go chéile. Tacaíonn sé le 90 teanga. Is féidir téacs priontáilte a aistriú go beo trí cheamara fóin a dhíriú air.
Roimh Dheireadh Fómhair na blina 2007, le haghaidh teangacha eile seachas Araibis, Sínis agus Rúisis, bhí Google Translate bunaithe ar SYSTRAN, inneall bogearraí a úsáideann roinnt seirbhísí aistriúcháin eile ar líne, mar shampla Yahoo! Babel Fish, AOL, Yahoo. Ach ó Dheireadh Fómhair na bliana 2007, tá Google Translate ag bant úsáide as teicneolaíocht dhílsithe inmheánach, atá bunaithe ar an aistriúchán uathoibríoch staitisticiúl.