An tSínis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tSínis
(汉语/漢語 Hànyǔ, 中文 Zhōngwén)
Á labhairt: Daon-Phoblacht na Síne (DPS), Hong Cong, Macau, an Téaváin (PS), An Mhalaeisia, Singeapór
Réigiún: Oirthear na hÁise
Cainteoirí san Iomlán: 1.3 billiún
Rang: Sínis (iomlán) 1

Mandairínis: 1
Wu: 12
Cantainis: 18
Min: 22
Xiang: 30
Hakka: 33
Gan: 38

Líne ghinealaigh: Sínea-Tibéidis
 Sínis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Daon-Phoblacht na Síne, Hong Cong, Macau, Poblacht na Síne, Singeapór, Náisiúin Aontaithe
Foras Pleanála Teanga: Sa DPS: Coiste Náisiúnta um Rialú Teanga

Sa PS: Comhairle um Chothú na Mandairínise

Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 zh
ISO 639-2 chi (B) zho (T)
ISO 639-3 zho
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga nó grúpa teangacha í an tSínis (汉语/漢語, Pinyin: Hànyǔ; 华语/華語, Huáyǔ; nó 中文, Zhōngwén). Tá leagan nó canúint éigin den teanga ó dhúchas ag duine as an gcúigear ar an domhan. Is ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe í an tSínis. Is í an Mhandairínis an fhoirm chaighdeánach den teanga a úsáidtear i nDaon-Phoblacht na Síne, áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil.

Is deacair a rá cé acu teanga amháin nó cnuas iomlán teangacha atá i gceist leis an tSínis. Cé go bhfuil leagan caighdeánach den teanga ann agus é á labhairt fud fad na Síne inniu, maireann na canúintí, más canúintí iad, beo i mbéal na ndaoine sna cathracha agus faoin tuath araon.

Bíonn na canúintí an-difriúil leis an tSínis chaighdeánach ar a lán bealaí, ach is teangacha tonúla iad na canúintí seo go léir. Thairis sin, is teangacha scoite iad go léir, go bunúsach, agus níl mórán míreanna gramadúla in úsáid in aon cheann acu.

Is iad na "canúintí" móra ná:

  • an Mhandairínis. Uirthi sin atá an teanga chaighdeánach bunaithe. Labhraítear leaganacha den Mhandairínis ar fud thuaisceart na Síne, agus is féidir difríochtaí suntasacha a aithint idir na fochanúintí éagsúla den Mhandairínis féin. Is í caint na príomhchathrach is bunús leis an gcaighdeán, ach is leagan saibhrithe den chanúint sin é, agus tionchar na Sínise Clasaicí le haithint air fosta.

Labhraíonn pobail bheaga Mhuslamacha i roinnt poblachtaí iar-Shóivéadacha canúint Mandairínise a dtugtar Dungáinis uirthi. Tá caighdeán dá cuid féin ag an teanga seo agus é bunaithe ar an aibítir Choireallach. Tá cuid mhaith téarmaí Rúisise measctha tríthi freisin.

  • an chanúint Wu. Seo í an chanúint a labhraítear i Shang Hai.
  • an chanúint Min. Le fírinne, ní haon chanúint amháin í, agus ba chóir a rá go bhfuil cúig theanga éagsúla ann ar a laghad: Min Nan, Min Bei, Min Dong, Min Zhong, agus Puxian Min. Bhí an-tionchar ag an gcanúint Min Nan, abair, ar an Tagálaigis, príomhtheanga na nOileán Filipíneach.
  • an Chantainis. Tá sí á labhairt ina lán pobal Síneach sa choigríoch, agus stádas réasúnta maith aici dá réir.
  • an chanúint Hakka nó Kejia. Tháinig lucht labhartha na canúna seo ó Thuaisceart na Síne anallód, nuair nach raibh an chanúint ansin cosúil le Mandairínis an lae inniu ar aon nós, agus shocraigh siad sa Deisceart. Inniu, tá na pobail Hakka scaipthe ar fud an Deiscirt, agus iad ag labhairt canúnacha seanársa. Bíonn difríochtaí móra idir na fochanúintí éagsúla, ach glactar le canúint Thuaisceart Guangdong, nó canúint Meixian, mar shórt "caighdeáin".

Scríbhneoireacht na Sínise[athraigh | edit source]

Is é an córas scríbhneoireachta an chuid is suntasaí den tSínis. Is iad na hiarsmaí is sine de scríbhneoireacht na Sínise na cnámha oracail, a bhí in úsáid i ré Rítheaghlach Shang, timpeall ar 1400-1000 RC (níl sé soiléir cén t-am go cruinn a bhí an rítheaghlach seo ann). Bhaintí úsáid as na cnámha seo le geasróga a leagan, i ndeasghnátha a bhí dírithe ar an todhchaí a thairngreacht. Na comharthaí atá le léamh ar na cnámha seo, is féidir a aithint orthu go bhfuil gaol acu le comharthaí hanzi an lae inniu, ach tá siad i bhfad níos íocónaí.

Stair na Sínise[athraigh | edit source]

Glacann lucht na teangeolaíochta leis go bhfuil a leithéid ann agus fine na dteangacha Sínea-Thibéadacha, agus gur brainse ar leith i gcrann ginealais na fine seo iad na teangacha, nó na canúintí, Síneacha. Dealraíonn sé go raibh a leithéid de réamhtheanga ann fadó agus an Phróta-Shínea-Thibéidis, agus gurbh as an tseanteanga hipitéiseach seo a d'fhorbair teangacha Sínea-Thibéadacha an lae inniu, an tSínis agus an Tibéidis mar shampla. Is í baint na Sínise le teangacha eile na fine is mó a choinníonn na saineolaithe ag obair i láthair na huaire, agus iad ag iarraidh an Phróta-Shínea-Thibéidis a atógáil. Obair dheacair é áfach, nó cé go bhfuil doiciméadú na Sínise féin ag dul na céadta bliain siar sa stair, níl taifead scríofa ar bith ann a thaispeánfadh dúinn conas a tháinig an scoilt idir an tSínis agus an chuid eile den fhine. Thairis sin, na modhanna oibre a d'fhoghlaim seanghlúnta na dteangeolaithe fadó agus iad ag déanamh a dtaighde ar na teangacha Ind-Eorpacha ní féidir iad a chur i bhfeidhm ar na teangacha Sínea-Thibéadacha, ós rud é nach mbíonn mórán míreanna gramadúla ag na teangacha seo.

Níl na scoláirí ar aon bharúil i leith fhorbairt stairiúil na Sínise, ach go ginearálta, bíonn siad i dtuilleamaí an tuiscint a bhí ag Bernhard Karlgren, an Síneolaí Sualannach, ar an scéal i dtús na fichiú haoise.

Is í an chéad ré i stair na Sínise ná an tSean-Sínis, is é sin an cineál Sínise a bhí in úsáid sna blianta 1122-256 RC, is é sin, i dtús agus faoi lár na ré a ainmnítear as Rítheaghlach Zhou. Na téacsanna atá ar fáil ón ré seo, is inscríbhinní ar dhéantúsáin chré-umha iad chomh maith leis an díolaim sheanfhilíochta Shījīng, an díolaim seandoiciméad Shūjīng, agus cuid den díolaim rúndiamhrachtaí Yìjīng (I Ching) ("Leabhar na nAthruithe").

Tá cuid mhór leideanna san ábhar seo don dóigh a bhfuaimníti an teanga san am sin, agus is féidir a lán eolais a bhaint as na focail iasachta i dteangacha an réigiúin, ar nós na Vítnimise agus na Seapáinise. Mar sin is féidir leis na saineolaithe a lán a rá i dtaobh an chineál Sínise a labhraítí san am. Inniu, is leis an tSínis is mó a shamhlaítear an tonúlacht sna teangacha, is é sin, na tuineanna éagsúla a chuirtear leis na siollaí. Dealraíonn sé áfach nach raibh siad ach ag tosú ag forbairt san am sin. Is dócha freisin go raibh míreanna gramadúla sa tSean-Sínis go fóill.

Ba í an Mheán-Sínis an cineál Sínise a bhí á cleachtadh sna blianta ón séú go dtí an deichiú haois AD (is é sin, timpeall ar ré na Sean-Ghaeilge). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Mheán-Sínis Mhoch (atá le fáil sa leabhar rímeanna Qiēyùn (601 AD)) agus an Mheán-Sínis Dheireanach (atá le fáil sa leabhar rímeanna Guǎngyùn ón deichiú haois). Mura bhfuil na teangeolaithe ach ag tuairimíocht faoi fhuaimeanna na Sean-Sínise, tá siad níos eolaí ar an Meán-Sínis. Na leideanna atá acu tagann siad ó fhoinsí éagsúla: na canúintí comhaimseartha, na foclóirí rímeanna, na traslitrithe a rinne daoine ón gcoigríoch, na táblaí rímeanna a chuir sean-fhocleolaithe na Síne féin i dtoll le chéile le hachoimre a thabhairt ar chóras fuaimeanna na teanga, agus aistriúcháin fuaimbhunaithe na bhfocal coimhthíoch. Mar sin féin, níl in iarrachtaí na dteangeolaithe ach tuairimí agus teoiricí. Tá sé ráite ag scoláirí áirithe nach bhféadfaí fuaimchóras na Cantainise a atógáil ach ar éigean, mura mbeadh d'fhianaise ach na rímeanna ón bpopcheol Cantainise, nó an Cantopop.

Scéal casta é forbairt na gcanúintí labhartha ó thús ama go dtí an lá inniu. An chuid is mó de na Sínigh ó oirthuaisceart (an Mhanchúir) go hiardheisceart (Yunnan) na tíre, cineálacha Mandairínise a labhraíonn siad sa bhaile. Is iad machairí móra an Tuaiscirt a rinne canúint chomh fairsing den Mhandairínis. I ndeisceart agus i lár na Síne áfach tá an tír stróicthe as a chéile ag sliabhraonta agus ag abhainneacha rud a fhágann go raibh na canúintí in ann dul in an-éagsúlacht ansin.

Roimh lár na fichiú haoise ní bhíodh mórán cur amach ag lucht labhartha na gcanúintí Deisceartacha ach ar an gcineál Sínise a bhí acu féin ó dhúchas. Ba í Nanjing príomhchathair na Síne i luathbhlianta Rítheaghlach Ming, agus mar sin ba í Mandairínis Nanjing a chuaigh i bhfairsinge mar theanga ardchéime agus níor tháinig athrú air sin roimh bhlianta deireanacha Rítheaghlach Qing. Ón tseachtú haois déag ar aghaidh, áfach, thosaigh Rítheaghlach Qing scoileanna ceartfhuaimnithe (正音书院/正音書院; Zhèngyīn Shūyuàn) lena chinntiú go mbeadh fuaimniú na teanga oifigiúla ag cloí le fuaimeanna chanúint Beijing, arbh í an phríomhchathair í anois. Ní raibh an fuaimniú caighdeánaithe ag dul chun cinn ach i measc na státseirbhíse, áfach, nó chloígh na sluaite síoraí lena gcanúintí féin.

Níor athraigh na cúrsaí ach timpeall ar lár na fichiú haoise. Ansin, chuir an dá Shín - an Daonphoblacht, is é sin an tSín Chumannach, agus Poblacht na Síne, mar atá, an Téaváin - córas náisiúnta scoileanna ar bun le Mandairínis a theagasc don chosmhuintir. Is é is toradh dó seo ná go bhfuil Mandairínis chaighdeánach ag uasal agus ag íseal ar fud an dá Shín: ní bhíonn ach seandaoine i dtuilleamaí a gcanúna féin. Maidir le Hong Cong, ba í an Chantainis caint na ndaoine ansin riamh, agus inniu féin tá stádas láidir aici san oideachas, ach sa bhliain 1997 chuaigh an áit ó lámh na Breataine Móire go lámh na Daonphoblachta, agus ó shin i leith tá tábhacht na Mandairínise ag dul i méadaíocht.

Ba í an tSínis Chlasaiceach francbhéarla (teanga na comhchumarsáide) i dtíortha an réigiún - an tSeapáin, an Chóiré agus Vítneam - go dtí gur tháinig ré na gcumhachtaí coilíneacha Eorpacha sa naoú haois déag. Ba í an tSínis teanga na dtaifead oifigiúil i Vítneam go dtí gur shealbhaigh na Francaigh an tír lena dteanga féin a chur in áit an údaráis.

Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile[athraigh | edit source]

Is í an tSínis an teanga is tábhachtaí sa Chian-Oirthear leis na cianta cairbreacha, agus mar sin bhí an-tionchar aici ar theangacha eile an réigiúin. Is féidir Vítnimis, Seapáinis agus Cóiréis a scríobh le litreacha na Sínise, ach inniu chuaigh an leagan Vítneamach den chóras in éag (cé go múintear in ollscoileanna Vítneam i gcónaí é, mar eochair do staidéar na Sínise); maidir leis an leagan Cóiréach ní úsáidtear ach sa Chóiré Theas é anois, agus ansin féin is í an aibítir dhúchasach, Hangul, is mó a d'fheicfeá sna leabhair agus sna hirisí. Sa tSeapáin, arís, baintear úsáid as na litreacha Síneacha (kanji) chomh maith le dhá shiollabra (is é sin dhá chóras siolla-bhunaithe scríbhneoireachta - seasann gach litir d'aon siolla amháin), mar atá, hiragana agus katakana. An dá chóras seo féin áfach tá siad bunaithe ar na litreacha Síneacha ar dtús.

Hán tự a thugtar ar chóras scríbhneoireachta Síneach na Vítnimise sa teanga sin. Ba í an t-aon scríbhneoireacht a bhí ar fáil don Vítnimis go dtí an 14ú haois. Ón 14ú haois go dtí an 19ú haois bhí an teanga á scríobh leis an gcóras Chữ Nôm. Bhí an Chữ Nôm bunaithe ar litreacha na Sínise chomh maith ach ar a laghad bhí na litreacha curtha in oiriúint don Vítnimis ionas go bhféadfá na focail ghlan-Vítnimise a bhreacadh síos leis na litreacha seo. Sa 17ú haois áfach chuir an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes i dtoll le chéile córas nua le Vítnimis a scríobh leis na litreacha Iartharacha - le haibítir na Laidine. Bhí a lán comharthaí idirdhealaitheacha de dhíth le freastal ar thonúlacht na Vítnimise, ach sa deireadh bhí de Rhodes ábalta an fhadhb seo a réiteach. Ba iad na misinéirí Iartharacha ba mhó a d'úsáideadh an córas seo sna céadta bliain ina dhiaidh sin, ach i dtús na fichiú haoise chuir na náisiúnaithe Vítneamacha ar bun "Saorscoil Tonkin", nó Đông Kinh Nghĩa Thục, i Hanái leis na litreacha seo a mhúineadh do mhuintir Vítneam. Bhí na náisiúnaithe Vítneamacha san am ag iarraidh a sochaí a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus iad ag cur oideachas nua-aimseartha ar fáil in áit an oideachais thraidisiúnta agus an Chonfúiceachais.

Maidir leis an teanga Zhuang, teanga Théach (is é sin teanga atá gaolmhar leis an Téalainnis) a labhraítear i nDeisceart na Síne, is féidir í a scríobh le litreacha Síneacha freisin, de réir an chórais Sawndip. Inniu áfach is fearr leis na húdaráis Shíneacha féin an aibítir Iartharach a chur chun cinn i measc lucht labhartha na teanga Zhuang.

Na teangacha a labhraítear timpeall ar an tSín, bíonn siad breac le focail iasachta ón tSínis. Glactar leis gur focail Sínise iad 50-60 % de stór focal na Cóiréise, agus is é an chuma chéanna atá ar an tSeapáinis agus ar an Vítnimis, a bheag nó a mhór. Focal Sínise sa Ghaeilge é tae, a tháinig ón gcanúint Min Nan; an focal chai a úsáidtear sa Rúisis is é an focal céanna é ach amháin gur ó chanúint eile a tháinig sé. Focail Sínise iad citseap (Béarla ketchup) agus cumcuat (Béarla kumquat) fosta, agus iad faighte ón gCantainis.

Fuaimeanna na Sínise[athraigh | edit source]

Traslitriú na Sínise[athraigh | edit source]

Gramadach na Sínise[athraigh | edit source]

Foclóir na Sínise[athraigh | edit source]

Litríocht na Sínise[athraigh | edit source]